Oíche Chultúir sa Cheannáras

Agus Oíche Chultúir 2010 Átha Cliath á seoladh go hoifigiúil ag Mícheál Ó Muircheartaigh inniu, Dé Céadaoin, 18 Lúnasa 2010, is cinnte go mbeidh an ceiliúradh cultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 24 Meán Fómhair 2010, ar an gceiliúradh Gaeilge is mó san ardchathair mar chuid den Oíche Chultúir go dtí seo!

Cé gurbh í seo an tríú bliain as a chéile don eagras teanga páirt a ghlacadh i spraoi na hOíche Cultúir eagraithe ag Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TCBT), tá Conradh na Gaeilge ag dul i bpáirt le níos mó eagraíochtaí Gaeilge eile ná ariamh - Club Chonradh na Gaeilge, An Coimisiún le Rincí Gaelacha, Comhluadar, Forbairt Naíonraí, Glór na nGael, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, agus An Siopa Leabhar ina measc - le clár imeachtaí iontach a thairiscint do phobal Átha Cliath mar chuid den bhféile chultúir náisiúnta i mbliana.

Is ceann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair é Ceannáras Chonradh na Gaeilge agus beidh deis ag an bpobal turas treoraithe dátheangach a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh ag Uimhir a 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 gach 20 nóiméad ar an 24 Meán Fómhair 2010, áit go mbeidh na doirse ar oscailt don saol mór óna 5 - 11in. Cuirfear taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith, dar teideal An tOireachtas: Spléachadh Siar, ar crochadh i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na hoíche agus tá sladmhargadh ar leabhair agus earraí Gaeilge eile á reáchtáil ag An Siopa Leabhar óna 5 - 10in.

Beidh deis ag gach duine sa chlann spraoi a bhaint as an nGaeilge mar chuid den Oíche Chultúir sa Cheannáras, agus beidh ciorcal comhrá le cupán tae agus cúpla focal á sholáthar ag Glór na Gael do dhaoine fásta, fad agus atá scoth na ngearrscannán i nGaeilge á léiriú i gClub Chonradh na Gaeilge óna 5 - 7in. Le linn don Choimisiún le Rincí Gaelacha rang rince a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaoine óga (12 - 18 mbliana d'aois) óna 6 - 7in, beidh cluichí agus spórt trí Ghaeilge á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teo. agus Ógras do pháistí 2 - 12 bliana d'aois.

Beidh deis ag na tuismitheoirí sult agus tairbhe a bhaint as imeachtaí na hOíche Cultúir ansin, le caint dar teideal Language Transmission From Generation to Generation á tabhairt ag Finlay MacLeod, CNSA, Alban (a eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh / Gaelic in the Home) eagraithe ag Comhluadar óna 8 - 9in. Tá cáil ar Chonradh na Gaeilge as ranganna Gaeilge a chur ar fáil ar fud na tíre agus beidh deis ag foghlaimeoirí fásta Átha Cliath triail a bhaint as rang in aisce idir 7 - 8in ar an 24 Meán Fómhair 2010 freisin. Sna sála ar rath na n-albam Ceol le blianta beaga anuas, ní haon ionadh é gurb í Seachtain na Gaeilge atá i mbun ceardlann cheoil agus scríobh amhrán trí Ghaeilge óna 7 - 8in, le cabhair ón gceoltóir cumasach, Enda Reilly.

Cuirfear críoch leis an Oíche Chultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge le taispeántas rince eagraithe ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge ag 9in, agus tuilleadh amhránaíochta agus siamsaíochta le hOireachtas na Gaeilge óna 9 - 11in ar an 24 Meán Fómhair 2010. Bí ann nó bí gann!

*Imeachtaí ar fad in aisce ach is gá áit a chur in áirithint roimh ré trí ghlaoch ar 01 4757401*

 

TUILLEADH EOLAIS:

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673

Taisce Chultúrtha Bharra Temple
www.culturenight.ie
01 6772255 / 01 8883610

AMCHLÁR @ CONRADH NA GAEILGE, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2:

AM IMEACHT EAGRAITHE AG

5.00 - 11.00in
Gach 20 nóiméad Turas Staire Treoraithe ar an gCeannáras
Conradh na Gaeilge

5.00 - 11.00in An tOireachtas: Spléachadh Siar
Taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith
Oireachtas na Gaeilge i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

5.00 - 10.00in Sladmhargadh An Siopa Leabhar

5.00 - 7.00in Ciorcal Comhrá do Dhaoine Fásta - Glór na nGael
i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

5.00 - 7.00in Gearrscannáin na Gaeilge
Club Chonradh na Gaeilge

6.00 - 7.00in Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí (2 - 5 bliana d'aois)
Forbairt Naíonraí Teoranta

6.00 - 7.00in Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí (6 - 12 bliana d'aois)
Ógras

6.00 - 7.00in Rang Rince do Dhaoine Óga (12 - 18 mbliana d'aois)
An Coimisiún le Rincí Gaelacha

7.00 - 8.00in Ceardlann Cheoil & Scríobh Amhrán Seachtain na Gaeilge

7.00 - 9.00in Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta Conradh na Gaeilge

8.00 - 9.00in Language Transmission From Generation to Generation
Caint le Finlay MacLeod, CNSA, Alban - eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh / Gaelic in the Home
Comhluadar

9.00in Taispeántas Rince
An Coimisiún le Rincí Gaelacha i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

9.00 - 11.00in Amhránaíocht agus Siamsa na hOíche
Club Chonradh na Gaeilge i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge

* NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHINT DO NA HIMEACHTAÍ SEO *

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is comhlacht teoranta príobháideach é Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TBCT) a fheidhmíonn gan beann ar bhrabús agus a thacaíonn le cúrsaí cultúrtha i mBarra Temple ar an iliomad bealaí. D'eagraigh TBCT an chéad Oíche Chultúir in Éirinn i mBaile Átha Cliath in 2006 agus tá an ceiliúradhtar éis leathnú fud fad na tíre go Ceatharlach, Ciarraí, Cill Chainnigh, Cill Dara, Cill Mhantáin, Corcaigh, An Ghaeltacht, Gaillimh, An Iarmhí, Laois, Leitir Ceanainn, Liatroim, Loch Garman, Luimneach, Maigh Eo, Port Láirge, Ros Comáin, agus Sligeach. www.templebar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin agus tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh agus in áiteanna eile ar fud na tíre bliana chomh maith. www.cnag.ie

Is lár-ionad comhluadar na Gaeilge sa phríomhchathair é Club Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Bíonn an béar ar oscailte do bhaill an Chlub 7 oíche in aghaidh na seachtaine óna 8.00in agus is ann a bhíonn ceol Gaelach agus comhrá Gaeilge. Reáchtáiltear ciorcal comhrá ann gach oíche Luan, is í an Mháirt Oíche na Mac Léinn, bíonn Oíche na Manglam ar an Déardaoin agus is iomaí imeacht eile a eagraítear ann i gcaitheamh na míosa, ceachtanna Briotánaise, rincí agus cluichí beiriste san áireamh. www.anclub.ie

Tá An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar cheann de na hinstitiúidí Gaeilge is mó clú air sa tír. Is áis agus ionad siopadóireachta den scoth atá ann do phobal na Gaeilge, san ardchathair agus i gcéin. Tá leas á baint as an nuatheicneolaíocht i gcónaí le cur le réimse na n-earraí agus leabhar atá ar fáil ar An Siopa Leabhar ar-líne ag www.cnag.ie.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le deis a thabhairt do dhaoine óga idir 13 - 19 mbliana d'aois teacht le chéile mar óg-chlubanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. I 1988 bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8 - 12 bhliain d'aois. Eagraíonn Ógras réimse leathan d'imeachtaí spraíúil, oideachasúla ar fud na tíre do dhaoine óga a bhfuil spéis acu bheith páirteach in óg-ghluaiseacht Ghaeilge, fhuinniúil, bhríomhar. www.ogras.ie

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d'fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. www.snag.ie

Is cur chuige nuálaíoch agus samhlaíoch é na halbaim Ceol de chuid Sheachtain na Gaeilge chun ár dteanga dhúchais a fhoghlaim trí cheol. Tá 5 albam léirithe ó 2005 i leith, le ceoltóirí na hÉireann ag casadh a gcuid amhrán i nGaeilge ar na halbaim. Tá a leithéid de The Coronas, The Frames, Mick Flannery, Bell X1, Mundy, Paddy Casey, Eddi Reader, The Swell Season, Duke Special agus go leor eile tar éis páirt a ghlacadh sa togra go dtí seo. Súil siar ar na hamhráin is fearr ó na halbaim uile atá san albam Ceol '10 atá ar díol sna siopaí agus ar www.cnag.ie

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

Tá Oireachtas na Gaeilge tiomanta ar na healaíona dúchasacha agus ar nua-litríocht na Gaeilge a chur chun cinn. Eagraíonn siad raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun iad a cheiliúradh, ina measc Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Oireachtas na Samhna atá ina príomhfhéile bhliantúil de chuid na nGael. Bíonn comórtais ardáin ina leithéid de rince aonair agus amhránaíocht ar an sean-nós, agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, amhráin nua-chumtha, uirlisí ceoil éagsúla agus eile mar chuid den fhéile, mar aon le seisiúin, comhdhálacha, seimineáir, taispeántais, drámaí, ócáidí seolta agus imeachtaí breise eile. www.antoireachtas.ie

Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Soláthraíonn siad acmhainní gréasáin agus tacaíocht láidir fíor-domhanda leis, ar nós seirbhísí comhairleacha agus cúrsaí oiliúna d'ábhair stiúrthóirí, chomh maith le cúrsaí Chúram Leanaí Leibhéal 5 agus Leibhéal 6. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta aitheanta mar ionad oiliúna ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC). www.naionrai.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Bíonn deis ag tuismitheoirí aithne a chur ar dhaoine eile ina gceantar atá ag tógáil clainne le Gaeilge trí Chomhluadar agus tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh gach mí teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla. www.comhluadar.ie

Bhí cónaí ar an gCairdinéal John Henry Newman san áras ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 tráth dá raibh agus tá tábhacht nach beag ag baint le Newman as Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC) a bhunú. D'oscail an Ollscoil Chaitliceach i dtrí áras éagsúil ar an 3 Samhain 1854, Uimhir a Sé ina measc, agus aithne ar áras Newman mar Áras Mhuire. Bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918. Bhí ceangail ag cuid de na daoine is tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an áras freisin agus tá an tollán inár éalaigh leithéid Mícheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine fós ann faoin bhfoirgneamh. Ar na hurláir os a chionn a bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát leis.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge