Áras Chairdinéil Newman Beannaithe Ar Oscailt d'Oíche Chultúir an Chonartha

Beidh deis ag pobal Átha Cliath turas treoraithe a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh fíorstairiúil atá ag Conradh na Gaeilge ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair uair gach 20 nóiméad mar chuid d'Oíche Chultúir 2010 Dé hAoine, 24 Meán Fómhair 2010 (áit go mbeidh na doirse ar oscailt óna 5.00 - 11.00in), agus míneofar an bhaint a bhí ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair agus i bpolaitíocht na hÉireann leis an áras.

Bhí cónaí ar an gCairdinéal John Henry Newman, bunaitheoir Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC), san áras ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 tráth dá raibh, agus beannóidh an Pápa Pope Benedict XVI é an Domhnach bheag seo, 19 Meán Fómhair 2010, nuair a thugann sé cuairt ar Ard-Deoise Birmingham, an áit inar rugadh Newman. D'oscail Newman an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn i dtrí áras éagsúil ar an 3 Samhain 1854, Uimhir a Sé ina measc, agus aithne ar áras Newman mar Áras Mhuire.

Bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé Sráid Fhearchair le linn Chogadh na Saoirse agus bhí ceangail ag mórphearsan Éirí Amach na Cásca 1916 leis an áras ina bhfuil Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge lonnaithe anois freisin. Tá an tollán inár éalaigh Mícheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine fós ann faoin bhfoirgneamh in Uimhir a Sé agus is ar na hurláir os a chionn a bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát, áit go raibh Mícheál Ó Coileáin ina Aire Airgeadais ó 1919 go maraíodh é i 1922.

Ní hamháin sin ach beidh deis ag foghlaimeoirí fásta Átha Cliath blaisín a fháil den chur chuige bríomhar, spraíúil a bhíonn ag croílár ranganna Chonradh na Gaeilge trí thriail a bhaint as rang in aisce ó 7.00 - 9.00in ar an 24 Meán Fómhair 2010. Le breis agus 100 bliain de thaithí i dteagasc na Gaeilge do dhaoine fásta ag gach leibhéal, tá cáil ar Chonradh na Gaeilge as ranganna den scoth a sholáthar ar fud na tíre agus beidh lascaine 10% ar fáil d'éinne a chláraíonn le ceann de na cúrsaí 10-seachtaine a dhéanamh nuair a thosaíonn téarma nua i mBaile Átha Cliath ar an 28 Meán Fómhair 2010, má fhreastalaíonn siad ar an rang ar an Oíche Chultúir 2010.

Arsa Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha Chonradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mór le cineál Ghaeltacht chathrach a chruthú i gceann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair nuair a osclaíonn muid doirse Uimhir a Sé Sráid Fhearchair don Oíche Chultúir 2010. Beidh ceiliúradh cultúir iontach ar fáil do gach éinne sa chlann i gCeannáras an Chonartha ar an 24 Meán Fómhair 2010 ó tá níos mó eagraíochtaí Gaeilge eile ná ariamh ag glacadh páirt sa cheiliúradh stairiúil seo agus ag reáchtáil a n-imeachtaí cultúrtha féin i gcomhar linn i mbliana!

"Sa bhreis ar na turais staire agus rang Chonradh na Gaeilge, beidh léamh filíochta Imram ins An Siopa Leabhar, cluichí do pháistí le Forbairt Naíonraí Teoranta agus Ógras, rang damhsa do dhaoine óga leis An gCoimisiún le Rincí Gaelacha, scoth na ngearrscannán Gaeilge i gClub Chonradh na Gaeilge, caint do thuismitheoirí le Comhluadar, ciorcal comhrá Ghlór na nGael, taispeántas grianghraf Oireachtas na Gaeilge, ceardlann scríobh amhrán le Seachtain na Gaeilge, agus go leor eile. Buail isteach ar an gConradh don Oíche Chultúir Ghaeilge!"

Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce ach
*is gá áit a chur in áirithint roimh ré trí ghlaoch ar 01 4757401*

TUILLEADH EOLAIS:

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673

Taisce Chultúrtha Bharra Temple
www.culturenight.ie
01 6772255 / 01 8883610

AMCHLÁR @ CONRADH NA GAEILGE, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2:

5.00 - 11.00in
Gach 20 nóiméad Turas Staire Treoraithe ar an gCeannáras
Conradh na Gaeilge

5.00 - 11.00in An tOireachtas: Spléachadh Siar
Taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith
Oireachtas na Gaeilge i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

5.00 - 10.00in Sladmhargadh
An Siopa Leabhar

5.00 - 7.00in Ciorcal Comhrá do Dhaoine Fásta
Glór na nGael i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

5.00 - 7.00in Gearrscannáin na Gaeilge
Club Chonradh na Gaeilge

6.00 - 7.00in Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí (2 - 5 bliana d'aois)
Forbairt Naíonraí Teoranta

6.00 - 7.00in Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí (6 - 12 bliana d'aois)
Ógras

6.00 - 7.00in Rang Rince do Dhaoine Óga (12 - 18 mbliana d'aois)
An Coimisiún le Rincí Gaelacha

7.00 - 8.30in Ceardlann Cheoil & Scríobh Amhrán Seachtain na Gaeilge

7.00 - 9.00in Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta Conradh na Gaeilge

8.00 - 9.00in Language Transmission From Generation to Generation
Caint le Finlay MacLeod, CNSA, Alban - eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh / Gaelic in the Home
Comhluadar

9.00in Taispeántas Rince
An Coimisiún le Rincí Gaelacha i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

9.30 - 11.00in Amhránaíocht agus Siamsa na hOíche
Club Chonradh na Gaeilge i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge

9.30 - 10.30in Léamh Filíochta
Mórléamh filíochta le Colm Breathnach, Lorcán S. Ó Treasaigh, Dairena Ní Chinnéide agus Ceaití Ní Bheildiúina, filí Gaeilge
An Siopa Leabhar i gcomhar le hImram & Éigse Éireann

* NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHINT DO NA HIMEACHTAÍ SEO *

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is comhlacht teoranta príobháideach é Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TBCT) a fheidhmíonn gan beann ar bhrabús agus a thacaíonn le cúrsaí cultúrtha i mBarra Temple ar an iliomad bealaí. D'eagraigh TBCT an chéad Oíche Chultúir in Éirinn i mBaile Átha Cliath in 2006 agus tá an ceiliúradhtar éis leathnú fud fad na tíre go Ceatharlach, Ciarraí, Cill Chainnigh, Cill Dara, Cill Mhantáin, Corcaigh, An Ghaeltacht, Gaillimh, An Iarmhí, Laois, Leitir Ceanainn, Liatroim, Loch Garman, Luimneach, Maigh Eo, Port Láirge, Ros Comáin, agus Sligeach. www.templebar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin agus tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh agus in áiteanna eile ar fud na tíre bliana chomh maith. www.cnag.ie

Bhí cónaí ar an gCairdinéal John Henry Newman san áras ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 tráth dá raibh agus tá tábhacht nach beag ag baint le Newman as Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC) a bhunú. D'oscail an Ollscoil Chaitliceach i dtrí áras éagsúil ar an 3 Samhain 1854, Uimhir a Sé ina measc, agus aithne ar áras Newman mar Áras Mhuire. Bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918. Bhí ceangail ag cuid de na daoine is tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an áras freisin agus tá an tollán inár éalaigh leithéid Mícheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine fós ann faoin bhfoirgneamh. Ar na hurláir os a chionn a bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát leis.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge