Ceistiú na Straitéise ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010

Beidh saineolaithe i gcúrsaí oideachais, Gaeltachta agus an phobail ag fiafraí an í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí ag 11.00rn Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2010, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an lá.

Is iad Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); agus Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar, a labhróidh mar aoichainteoirí ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 agus osclófar an t-urlár do cheisteanna agus plé ón lucht freastail ag deireadh na cainte.

Is é Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha 2010 agus deir sé: "Tá go leor plé agus cainte déanta againn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó foilsíodh an chéad dréacht um dtaca seo anuraidh, ach an réiteoidh an Straitéis gach fadhb sa Ghaeltacht agus gach buairt maidir le múineadh na Gaeilge amach anseo?

"Tabharfaidh aoichainteoirí Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge léargas dúinn ar na deacrachtaí agus na deiseanna atá i ndán don Ghaeilge, agus pléifear cad eile gur ghá dúinn a dhéanamh mar phobal beomhar, bríomhar chun an Ghaeilge a chothú agus chun spriocanna na Straitéise ní hamháin a láidriú, ach a shárú faoi cheann 2030."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Níl áit níos fearr chun plé a dhéanamh ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn ná ag Oireachtas na Samhna, áit go mbailíonn lucht labhartha na teanga le chéile ag an bhféile Ghaeilge is mó ar domhan gach bliain.

"Fearann muid fáilte roimh chách cur leis an bplé tábhachtach seo ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 mar chuid de cheiliúradh na Samhna agus súil againn go gcuirfidh tuairimí an lucht fhreastail le léargas na saineolaithe a bheidh ag labhairt ar an Satharn."

Beidh Seimineár Oireachtas Chonradh na Gaeilge ar an ábhar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? ar siúl i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí (Leibhéal 5 - Ardaitheoir B) ag 11.00rn Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2010, agus is féidir áit a chur in áirithint nó tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh go seimineáTá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Gníomhaireacht Stáit Réigiúnda is ea Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta a chur chun cinn ar mhaithe le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhtheanga an réigiúin. Bunaíodh an tÚdarás sa bhliain 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, agus tá sé ag tógáil ar an obair a rinne Gaeltarra Éireann (1958-1979). www.udaras.ie

Pádraig Ó hAoláin
Ceapadh Pádraig Ó hAoláin mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta i 2005. Tá sé ag saothrú sa Ghaeltacht le Gaeltarra Éireann agus le hÚdarás na Gaeltachta ó lár na 1970idí i leith i bpostanna éagsúla ar a n-áirítear Bainisteoir Tionscail Ghaeltachta, Ceannaire Eolais agus Leas-Phríomhfheidhmeannach um Fhorbairt Réigiúnach. Rugadh agus tógadh é i gCloch Shiúrdáin, Co. Thiobraid Árann agus bhain sé céim B.A. agus Ardteastas in Oideachas amach in Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus céim LL.B in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith seal beag ag múineadh i gColáiste Belvedere i mBaile Átha Cliath agus seal mar chomhairleoir teanga le Gael-Linn.

Bunaíodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i 1998 le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle agus baineann a ról leis an mbunoideachas agus leis an iar-bhunoideachas. Is iad soláthar acmhainní teagaisc; seirbhísí taca; agus taighde na mór-réimsí oibre atá ag an gComhairle. www.cogg.ie

Muireann Ní Mhóráin
Is í Muireann Ní Mhóráin príomhfheidhmeannach COGG ó bunaíodh an Chomhairle i 2002. Chaith sí tréimhse roimhe sin mar chigire iarbhunscoile Gaeilge agus bhí sí ina múinteoir Gaeilge agus tacaíocht foghlama ar feadh blianta fada roimhe sin arís. Le linn na mblianta sin, chaith sí trí bliana mar oifigeach oideachais leis an Ionad Taighde Curaclaim i Sionna, Co. an Chláir. Bhí sí mar dhuine de bhunaitheoirí an eagrais Comhluadar leis.

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Bíonn deis ag tuismitheoirí aithne a chur ar dhaoine eile ina gceantar atá ag tógáil clainne le Gaeilge trí Chomhluadar agus tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh gach mí teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla. www.comhluadar.ie

Feargal Ó Cuilinn
Rugadh agus tógadh Feargal Ó Cuilinn le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. D'fhreastail sé ar Scoil Bhríde agus Coláiste Eoin, scoileanna lánGhaeilge. Duine de bhunaitheoirí Ghaelscoil Bharra i gCabrach atá ann agus tá sé ina chathaoirleach ar an scoil ó 1997. Tá sé ina stiúrthóir ar An Foras Pátrúnachta, ina chisteoir ar Chiste Rith, agus ina bhall aonair de Chonradh na Gaeilge. Tá sé fostaithe mar Stiúrthóir Feidhmeannach ar Comhluadar ó 2002 i leith agus tá beirt iníon aige.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge