Skip to main content

Gníomh Cothromúcháin Earcaíochta

Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla, tar éis don Choimisinéir Teanga tabhairt le fios go bhfuil 98.5% d'fhoireann na Roinne Oideachais agus Scileanna nach féidir leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.

Ag caint dó ag seimineár a eagraíodh san Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Co. Chiarraí níos luaithe inniu, Déardaoin, 26 Samhain 2010, dúirt Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna le cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is cúis ollmhór imní dúinn atá ag saothrú in earnáil na Gaeilge, agus go háirithe in earnáil an Ghaeloideachais, go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
"Ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit; mura bhfuil baill foirne atá inniúil ar an nGaeilge fostaithe sna ranna stáit éagsúla áfach, déanann sé ceap magaidh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla agus séanann sé cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltachta agus sa Ghalltacht."

Is é príomhchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde, ach creideann Conradh na Gaeilge gur teip iomlán a bheidh ann mura bhfuil líon áirithe fostaithe sa státchóras in ann freastail ar muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta. Chun dul i ngleic leis an éagóir seo, mhol an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur chóir gníomh cothromúcháin earcaíochta a shonrú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge agus toilteanach í a úsáid i gcomhlíonadh a ndualgas oifigiúla sa tuarascáil a d'fhoilsigh siad maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí Iúil 2010 (Moladh 32).

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ní fiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan moladh an Chomhchoiste maidir le gníomh cothromúcháin earcaíochta sa státchóras, agus anois an t-am chun beartas earcaíochta a leagadh síos don earnáil phoiblí, a chinnteoidh go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil do phobal na hÉireann amach anseo, agus nach gcosnódh an stát cent.
"Go deimhin, dá n-éireodh leis an rialtas a dhóthain daoine atá inniúil ar an nGaeilge a earcú ag an chéad chéim den phróiseas earcaíochta, bheadh sábháil airgid i gceist ar chostais athoiliúna, ar chostais aistriúcháin, agus eile - bheadh státseirbhísigh ar fáil laistigh den roinn leis na cáipéisí ar spéis leis an bpobal a aistriú go Gaeilge mar shampla, seachas iad a chur go haistritheoirí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair."

Ní raibh ach 3% den fhoireann ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge de réir thorthaí an tsuirbhé a rinneadh sa Roinn Oideachais agus Scileanna i 2005 agus níl ach 1.5% d'oifigigh na Roinne sin a bhfuil a ndóthain cumais sa Ghaeilge acu lena gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is léir do Chonradh na Gaeilge nach leor na córais reatha earcaíochta agus oiliúna lena chinntiú go mbeidh dóthain foirne san earnáil phoiblí le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus go gcaithfear dul i ngleic leis seo mar ábhar práinne i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
2010 - 2030

Foilsíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais ar 26 Samhain 2009. Dréacht-straitéis a bhí inti agus bhí deis ag an bpobal páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin le moltaí a dhéanamh mar gheall ar an méid a bhí inti. Chuir eagraíochtaí éagsúla aighneachtaí faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Comhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta anois). Mar pháirt den phróiseas comhairliúcháin, rinne toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge cur i láthair ag cruinniú den Chomhchoiste i dTeach Laighean Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2010. Bhí cruinniú Gaeltachta ann in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige, Indreabhán, Co. na Gaillimhe ar an 26 Feabhra 2010 freisin. D'fhoilsigh an Comhchoiste tuarascáil le moltaí maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí Iúil 2010.

Tháinig an Straitéis os comhair Thithe an Oireachtais le déanaí; pléadh sa Seanad í ar an 02 Samhain 2010 agus sa Dáil í ar an 18 Samhain 2010. D'aontaigh Coiste Comhaireachta an Rialtais ar leagan den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an 17 Samhain 2010 ach ní fios go fóill cad go díreach atá leasaithe nó athraithe sa dréacht is déanaí. Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD, go mbeidh an Straitéis faofa ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana agus foilsithe go luath san athbhliain. www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.