Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge Foilsithe

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge go mór roimh fhoilsiú an dréachta dheireanaigh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 inniu, Dé Máirt, 21 Nollaig 2010, agus molann an Rialtas go láidir as plean chomh cuimsitheach, fadradharcach a aontú don teanga le tacaíocht traspháirtí aige.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge ag tnúth le páirt lárnach a ghlacadh i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus le hobair i gcomhar leis an Rialtas, le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus go deimhin le pobal na tíre trí chéile, chun gníomhú láithreach leis na spriocanna fiúntacha insroichte de chuid na Straitéise a bhaint amach, go háirithe iad siúd nach gcosnóidh aon airgead ar an stát ach a rachadh go mór chun leasa na teanga.
"Tá moladh ar leith ag dul don iar-Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe [anois Comhionannais] agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, as tús a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin, agus don Aire reatha, Pat Carey TD, as plean críochnúil a leagadh síos don teanga agus a fhaomhadh, ní hamháin leis an Rialtas reatha, ach le tacaíocht ó gach páirtí polaitíochta.

Tá an-áthas ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil breis freagrachtaí luaite leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus go mbeidh príomhról ag an gComhairle i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta araon ar fud na hÉireann.

Ní hamháin go bhfuil sé luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuil sé mar aidhm an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000 faoi cheann 2030, ach creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil sprioc ar leith luaite le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a ardú faoi 25% agus go bhfuil tábhacht na Gaeltachta mar thobar labhartha na Gaeilge aitheanta sa Straitéis [4, 9].

Is mór le Conradh na Gaeilge go bhfuil líon mór beartas atá á mholadh ag an eagraíocht le tamall de bhlianta anuas curtha san áireamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge freisin, ina measc:

  • go mbeidh ábhar sa bhreis ar an nGaeilge á mhúineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna bunscoile Béarla "trí roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán" [6.1, 12];
  • go bhféadfar "nasc tairbhiúil a dhéanamh le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha le sainmhíniú a dhéanamh ar na caighdeáin teanga agus chumarsáide" [6.1, 12];
  • go múinfí ábhair oidí trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, áit go dtabharfar "Dioplóma Iarchéime nua san Oideachas isteach a dhéanfar a sholáthar go hiomlán trí mheán na Gaeilge" [6.1, 14];
  • go ndéanfar pleanáil teanga don Ghaeilge de réir chontae [6.4, 24 - 25];
  • go ndéanfar forbairt ar raidió Gaeilge lánaimseartha "a bheidh dírithe ar dhaoine óga trí leas a bhaint as an idirlíon agus as gnáthchraoladh raidió" [6.5, 27];
  • agus go bhféachfaidh an Rialtas "an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn" [6.7, 29].

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030, deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ní shásaíonn an tagairt sa Straitéis do bhunú scoileanna nua an t-éileamh a rinne an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go ndéanfaí "Soláthar dóthanach don Ghaeloideachas do phobail uile na tíre a chinntiú agus suímh do scoileanna nua á roghnú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna" [moladh 9] áfach, agus leanfaidh Conradh na Gaeilge leis an mbrú chun moltaí uile an Chomhchoiste a chur san áireamh agus a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta."

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030

Foilsíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais ar 26 Samhain 2009. Dréacht-straitéis a bhí inti agus bhí deis ag an bpobal páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin le moltaí a dhéanamh mar gheall ar an méid a bhí inti. Chuir eagraíochtaí éagsúla aighneachtaí faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Comhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta anois). Mar pháirt den phróiseas comhairliúcháin, rinne toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge cur i láthair ag cruinniú den Chomhchoiste i dTeach Laighean Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2010. Bhí cruinniú Gaeltachta ann in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige, Indreabhán, Co. na Gaillimhe ar an 26 Feabhra 2010 freisin. D'fhoilsigh an Comhchoiste tuarascáil le moltaí maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí Iúil 2010.
Tháinig an Straitéis os comhair Thithe an Oireachtais an mhí seo caite; pléadh sa Seanad í ar an 02 Samhain 2010 agus sa Dáil í ar an 18 Samhain 2010. D'aontaigh Coiste Comhaireachta an Rialtais ar an leagan deireanach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an 17 Samhain 2010 agus sheol an Taoiseach, Brian Cowen TD, í go hoifigiúil in Ionad Preasa an Rialtais, Roinn an Taoisigh, Tithe an Rialtais, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2 ag 12.30in Dé Máirt, 21 Nollaig 2010. www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge