Skip to main content

Polasaí Gaeilge nua Bhéal Feirste ‘stairiúil’ rite arís ag tromlach na gComhairleoirí agus moill dhlíthiúil 8 mí críochnaithe

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an Pholasaí Gaeilge a bheas mar lóchrann comhionannais teanga ar fud na tíre

 

Tá fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhaomhadh deiridh Pholasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, a ritheadh anocht, Luan 1 Meitheamh 2026, agus deireadh tágtha le cás dlí a chuir moill 8 mí críochnaithe.

 

Ghlac tromlach (42/60) na gComhairleoirí i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste leis an pholasaí an chéaduair ar 1 Deireadh Fómhair 2025. Thug Comhairleoirí Aontachtacha dúshlán don chinneadh sin agus ‘ghlaoigh siad isteach’ an polasaí, próiseas  a chuir iachall ar an Chomhairle dul agus tuairim ó abhcóide neamhspleách. Maíodh go mbeadh éifeacht dhíobhálach dhíréireach ag an pholasaí ar sciar amháin den phobal sa chathair. Ag an am céanna, thug ball den TUV, Ann McClure, athbhreithniú breithiúnach i gcoinne na Comhairle maidir leis an phróiseas atá ag an Chomhairle maidir leis an mheachán a cheanglaíonn siad le tuairim an abhcóide sin. De dheasca an cháis sin a bhí os comhair na hArd-Chúirte in Eanáir 2026, cuireadh an polasaí ar athló go raibh rialú ann ón Bhreitheamh.

 

Tháinig cinneadh na hArd-Chúirte  ar 21 Aibreán 2026, agus chinn an Breitheamh McLaughlin nach raibh aon bhunús leis an chás agus go raibh an próiseas a bhí i bhfeidhm ag an Chomhairle bailí agus dlíthiúil. Anocht, cuireadh an Polasaí Gaeilge ar ais os comhair na gComhairleoirí, taobh le tuairim an abhcóide, a chuir in iúl nach raibh on éifeacht dhíobhálach dhíréireach ag an pholasaí ar an phobal. Leis sin, thacaigh tromlach na gComhairleoirí leis an pholasaí arís eile agus ritheadh é. Tiocfaidh an polasaí i bhfeidhm láithreach. 

 

Cinnteoidh an polasaí soláthar nua Gaeilge mar a bhaineann le seirbhísí, cumarsáid agus comharthaíocht de chuid na Comhairle fud fad na Cathrach, mar aon le féiniúlacht nua chorparáideach agus lógó úr dátheangach de chuid na Comhairle. Sa bhreis air sin, déantar teorannacha na Ceathrún Gaeltachta a leathnú amach, agus cuirtear Gaeltacht Bhóthar Seoighe san áireamh i limistéar oifigiúil Chomhairle Bhéal Feirste don chéad uair riamh. 

 

 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail:

 

“Tá an Ghaeilge go mór faoi bhláth fud fad Bhéal Feirste. Tá líon na ndaltaí atá ag freastail ar Ghaelscoileanna, líon na dteaghlach ag tógail clainne trí Ghaeilge, líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga uilig ag ardú agus ag ardú go mór. Le blianta beaga anuas tá pobal na Gaeilge ag troid lá i ndiaidh lae chun cearta teanga a bhrú chun cinn inár n-institiúidí agus spásanna poiblí, agus tá ag éirí linn.”

 

“Tá muid ag obair ar an pholasaí Gaeilge seo, i gcomhar le grúpaí agus pobal na Gaeilge ar fud na cathrach, le foireann na Comhairle agus le Comhairleoirí tofa, le beagnach deich mbliana anuas. Chuidigh muid le dearadh an pholasaí de réir bhunphrionsabail an chomhionannais atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a threoraíonn ár n-údaráis chun ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son na Gaeilge. Chuir muid san áireamh treoir ó na Náisiúin Aontaithe, ó Chomhairle na hEorpa, ón Choimisiún Comhionannais, ó Choimisiún um Chearta an Duine agus ó Fhoras na Gaeilge. Is é an polasaí seo, polasaí forasach a chuireann cearta mionlaigh chun cinn, toradh an phróisis sin.”

 

“Molann muid go mór gach páirtí sa Chomhairle a thacaíonn leis an pholasaí ionchuimsitheach, dea-chleachtais seo, mar aon le foireann dhíograiseach na Comhairle féin aguis na mílte gníomhaithe teanga a d’éiligh na hathruithe seo le fada an lá. Beidh cuimhne ag leor ar na laethanta nuair a díbríodh cainteoirí Gaeilge ó Halla na Cathrach as siocair gur labhair siad ina dteanga dhúcháis féin. Anois, beidh Béal Feirste mar lóchrann comhionannais ar fud na hÉireann anois ó thaobh chearta teanga de agus cuirfidh an polasaí úr le stádas na hathbheochana pobal-bhunaithe iontaí atá faoi lánseoil ar fud na cathrach. Is clochmhíle ollmhór eile é an polasaí seo ar ár n-aistear fada i dtreo comhionannais agus i dtreo chearta teanga cuimsitheacha.”

 

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, agus Cathaoirleach ar Chraobh Uí Thuama, Bóthar Seoighe:

 

“Is lá iontach go deo stairiúil é seo do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, agus do gach duine a chreideann i mbunphrionsabail an chomhionannais, i gcearta agus sa chóimheas. Faoi dheireadh, beidh ár dteanga dhúchais le feiceáil agus le cluinstin timpeall na Cathrach seo. Beidh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Cinnteoidh an polasaí stairiúil seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le húsáid níos minice agus níos normálta sa chathair, mar ghnáth-chleachtas ó lá go lá. Deir na saineolaithe idirnáisiúnta ar fad linn go gcuireann infheictheacht agus inrochtaineacht na Gaeilge go mór le normálú na teanga, rud a chuidíonn go mór le caoinfhulaingt a mhéadú. Baineann na bunphrionsabail sin ní amháin leis an Ghaeilge, ach le gach ceist mhionlaigh agus cearta mionlaigh trí chéile. Is ionchas é an comhionannas, ní deonaíocht é. Cuireann muid fáilte ar leith roimh an mhír sa pholasaí a athraíonn teorainneacha na Ceathrún Gaeltachta agus a chuireann Bóthar Seoighe, baile dúchas na hathbheochana reatha, san áireamh sa limistéar sin faoi dheireadh thiar thall. Is tráthúil agus is tábhachtach mar sin go bhfuil Gael líofa ceaptha mar Ard-Mhéara ar an Chomhairle anocht. Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair le Róis-Máire Donnelly sa bhliain atá romhainn chun cearta teanga a fhorbairt fud fad na cathrach.”

 

X: @CnaG 

Instagram: @cnagaeilge

 

TEAGMHÁIL

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Uachtarán, Conradh na Gaeilge

Comhordaitheoir Pleanála Teanga, Fís an PHobail

+44 7545 293841 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.