Lucht Oibre ag Tacú leis an nGaeilge mar Chroí-Ábhar Ardteiste

Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, thug Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile leis seo a phlé ag cruinniú práinne san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh, ag an deireadh seachtaine.

Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d'fhreastail ar chruinniú Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta, agus cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta:
"Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus olltoghchán 2011 ag teannadh orainn go gasta. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a mhúintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo."

Dheimhnigh Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, do thoscaireacht Chonradh na Gaeilge go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste ag cruinniú leis an eagras Gaeilge níos luaithe sa tseachtain freisin.

Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
"Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste." Caith vóta leis an nGaeilge!

CRÍOCH

SONRAÍ TEAGMHÁLA:

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
Fón: 01 4757401 / 086 8142757
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
Fón: 074 9532208 / 087 6387468
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Fáthanna leis an nGaeilge a mhúineadh do gach duine mar chroí-ábhar go dtí leibhéal na hArdteiste:

  • Tá 93% de dhaonra na tíre ag iarraidh Gaeilge a athbheochan (ESRI)
  • Tá Gaeilge ag 1.6milliún duine sa tír (Daonáireamh 2006)
  • Deir 79% de dhaoine gur fiú ábhar eile a mhúineadh trí Ghaeilge sa bhunscoil (Ipsos MRBI 2010)
  • Deir 65% de dhaoine (aois 15 - 24) gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach don Ardteist (Ipsos MRBI 2010)
  • Cabhraíonn foghlaim na Gaeilge mar dhara theanga le daoine tuilleadh teangacha a fhoghlaim, ag cothú tuiscint níos fearr ar chultúir eile agus ag cur bheartas ilteangachais na hEorpa chun cinn
  • Bheadh aon dalta nach ndéanann an Ghaeilge don Ardteist ag cailliúint deiseanna fostaíochta agus gairme ó tugann an Ghaeilge scil bhreise d'aon iarrthóir poist i gcomparáid le duine gan Gaeilge - aistritheoirí sa bhaile agus san Eoraip; dochtúirí sna hospidéil; léiritheoirí sna meáin; srl.

Moltaí le múineadh na Gaeilge a fheabhsú:

Seo a leanas moltaí le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú inár scoileanna:

  • Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad chúpla seachtain cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo;
  • Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:
  1. "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn, ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga;
  2. "Litríocht agus Saíocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí.

Ba chóir freisin moltaí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm, san áireamh:

  • Ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn céimiúil leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá (dráma, cleachtadh coirp, ealaín nó eile);
  • Cur leis an am teagaisc agus freastail d'ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht agus deis a thabhairt do bhunmhúinteoirí reatha le freastal ar dhianchúrsaí sa Ghaeltacht

Fadhbanna leis an nGaeilge a dhéanamh roghnach:

  1. Tá gach leibhéal sa scoil idirspleách ar a chéile - má tá an Ghaeilge roghnach don Ardteist, beidh níos lú béime uirthi don Teastas Sóisearach nó fiú sa bhunscoil.
  2. Tá teangacha roghnach don GCSE i Sasana ó 2001, agus thit líon na ndaltaí ag déanamh staidéir ar theangacha go tubaisteach ó 78% i 2001 go 44% i 2009. Anuas air sin, bheadh an líon i bhfad níos ísle fós, murach roinnt mhaith scoileanna príobháideacha ag coinneáil teangacha éigeantach.
  3. Bheadh líon níos lú mac léinn dara leibhéal in ann dul ar aghaidh mar bhunmhúinteoirí.
  4. Chaillfeadh múinteoirí dara leibhéal Gaeilge a bpoist de réir a chéile.
  5. Chuirfí deireadh le roinnt coláistí samhraidh atá fíor-thábhachtach do spreagadh na teanga i measc an aosa óig agus atá ríthábhachtach do gheilleagar na tíre, go háirithe sna Gaeltachtaí.
  6. Bhrisfí an caidreamh idir foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais na Gaeilge.


Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge