Nuair a chéad rinneadh an suirbhé, bhí ar a laghad 64 cónaitheoir ar son, agus gan ach 3 i gcoinne. Dhiúltaigh Comhairle Ard Mhacha, Dhroicead na Banna agus Craigavon an t-iarratas ar feadh breis agus 3 bliana agus chosain siad an cinneadh sin i bpróiseas Ard-Chúirte
Tá freagra ar iarratas um shaoráil faisnéise faighte ag Conradh na Gaeilge ó Chomhairle Ard Mhacha, Dhroicead na Banna agus Craigavon a thugann le fios gur chaith an an Chomhairle £91,956 (£76,630 (+ VAT)) ar tháillí dlí ag cosaint chinneadh na gcomhairleoirí iarratas ar chomhartha dátheangach a dhiúltú do chónaitheoirí Chnoc Cois Coille. Is féidir cóip den fhreagra ar iarratas um shaoráil faisnéise faighte a oscailt ag bun an ráitis seo.
An Comhthéacs & an Cás Cúirte:
Cuireadh tús le himeachtaí um Athbhreithniú Breithiúnach in éadan Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (ADC) i ndiaidh dóibh diúltú d’iarratas ar chomhartha sráide dátheangach i gCnoc Cois Coille, Bóthar Gharbhachaidh, Port an Dúnáin, d’ainneoin gur sháraigh na cónaitheoirí gach tairseach agus gur lean siad gach nós imeachta de chuid na Comhairle. Cuireadh tús leis an phróiseas dlí in Eanáir 2024.
Faoi chritéir nósanna imeachta na Comhairle dá bpolasaí sráidainmneacha, is gá go mbeadh ar a laghad 66%+ (⅔+) de thacaíocht de dhíth ó chónaitheoirí ar an chlár toghthóirí i suirbhé sráide na Comhairle. Rinneadh an bun iarratas i Meán Fómhair 2022 agus thóg sé 6 mhí sula ndearna an Chomhairle an suirbhé sráide i mí Eanáir 2023. D’ainneoin na moille suntasaí agus na tairsí airde laistigh den pholasaí, d’éirigh leis an iarratas an tacaíocht chuí a fháil idir an 94 cónaitheoir ar an tsráid agus cinneadh go raibh an t-iarratas báillí, le ar a laghad 64 cónaitheoir (ar a laghad 67%) ag caitheamh vóta ar son an iarratais agus 3 (3%) ina éadan.
Nuair a cuireadh an t-iarratas os comhair Choiste Pleanála ADC ar an 4ú Deireadh Fómhair 2023, breis is bliain ar aghaidh ó rinneadh an t-iarratas, diúltaíodh don iarratas. Seasadh thar an chinneadh seo ag cruinniú iomlán de chuid na Comhairle ar an 23ú Deireadh Fómhair 2023 ar vóta de 19-21. Is ansin a chuir an cónaitheoir ar an tsráid tús leis an athbhreithniú breithiúnach.
Cuireadh deireadh leis an chás cúirte sin i Márta 2026 agus an comhartha sin faofa faoi dheireadh ag Comhairle ADC ag a gcruinniú iomlán ar 23 Feabhra 2026. Cuirfear an comhartha in airde gan mhoill.
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge:
“Nochtaítear sna caipéisí um shaoráil faisnéise seo chuig chaith Comhairle atá faoi stiúir an DUP £92,000 d’airgead íocóirí rátaí ar a gcuid iarrachtaí cosc a chur ar chomhartha sráide dáthenagach do Chnoc Cois Coille i bPort an Dúnáin. Is cur amú millteanach é sin ar tháillí dlí do chás cúirte nach raibh seans dá laghad aige an comhartha seo a stopadh, do shráid inár thacaigh móramh mór (67%) de chónaitheoirí leis an chomhartha, agus nach raibh ach 3% a chuir i gcoinne. Chuaigh comhairleoirí Aontachtacha i gcoinne chritéir a bpolasaí féin, cé go mbíonn siad ar na meáin go laethúil faoi láthair ag maíomh nach gcuireann siad i gcoinne na comharthaíocht dátheangaí in áiteanna gur mian le tromlach na gcónaitheoirí é. Ansin, chinn siad £92,000 a chaitheamh chun a gcinneadh a chosaint.
“Rinneadh go leor den ghníomh cladhartha seo faoi rúndacht na comhairle agus bhí mór-chostas £91,956 ar tháillí dlí i gceist leis an chinneadh sin a chosaint sa chomhairle agus sa chúirt. Tháinig an t-airgead sin ón sparán poiblí. Tágann an t-eolas úr seo chun solais cupla lá i ndiaidh an scéil gur tháinig deireadh leis an Tionscadal Logainmneacha in Ollscoil na Banríona mar gheall ar easpa maoinithe ón Roinn Pobal, atá faoi stiúir an Aire Gordon Lyons ón DUP. £90,000 an maoiniú bliana a bhí á chur ar fáil don Tionscadal sin. Feictear dúinn gur scéal é seo a bhaineann leis an DUP ag cur deireadh le £90,000 do Logainmneacha Gaeilge ar lámh amháin, agus ar an lámh eile, ag caitheamh agus ag cur amú £92,000 ag cur cosc ar chomhartha do shráid amháin - agus theip orthu fiú sin a dhéanamh. Is cinnte go bhfeicfidh an pobal an patrún suntasach sin go soiléir. Dúinne, is léiriú é seo ar bhiogóideacht fhrith-Ghaeilge an DUP, atá sásta a seacht míle dícheall a dhéanamh chun stop a chur le forbairt na Gaeilge.”
Is feidir an freagra um shaoráil faisnéise a oscailt anseo.
Grianghraf anseo ón Ard-Chúirt (Márta 2026)
Pic 1: (Clé go deas): Pádraig Ó Tiarnaigh (Conradh na Gaeilge), Gavin Booth (Phoenix Law), Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes, Cuisle Nic Liam (Conradh na Gaeilge).
Pic 2: (Clé go deas): Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes
Pic 3: (Clé go deas): Pádraig Ó Tiarnaigh (Conradh na Gaeilge), Gavin Booth (Phoenix Law), Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes, Cuisle Nic Liam (Conradh na Gaeilge).
Pic 4: (Clé go deas): Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes
Teagmháil:
Pádraig Ó Tiarnaigh,
Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
+44 7545 293841 |
Cusle Nic Liam
Comhordaitheoir Chearta Teanga, Conradh na Gaeilge
+447 851 024 581 |
