Iarrann feachtas náisiúnta nua ar an bpobal logainmneacha Gaeilge a úsáid ina saol laethúil
Seoladh feachtas nua, AthGhaelú, aréir ag Gradaim Gaeilge na Mac Léinn Tríú Leibhéal, rud a léiríonn céim mhór i dtreo úsáid logainmneacha na Gaeilge a athghabháil agus a athréimniú ar fud na tíre.
Tá sé mar aidhm ag AthGhaelú daoine, comhlachtaí agus eagraíochtaí a spreagadh chun logainmneacha Gaeilge úsáid in ionad cinn Bhéarla i ngach gné den saol - ó phost a sheoladh, teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí poiblí, agus comhráite laethúla. Ag croílár an fheachtais, is glao chun gnímh simplí ach cumhachtach é: bain úsáid as ainmneacha Gaeilge dúchasacha na n-áiteanna ina mairimid.
Mar chuid den tionscnamh, tugtar cuireadh don phobal clárú leis an nGealltanas Logainmneacha , ag gealladh go n-úsáidfidh siad logainmneacha Gaeilge ina saol laethúil.
Tá logainmneacha na hÉireann i measc na cinn is sine san Eoraip, agus meastar gur as an nGaeilge a thagann 95% dár logainmneacha. Saibhir ó thaobh brí de, léiríonn siad tírdhreach, stair agus scéalta - bríonna a chailltear go minic as Béarla. Cé go n-insíonn ainmneacha cosúil le Béal Feirste nó Cill Airne dúinn faoin tír agus a stair, cuireann na leaganacha Béarla sin i bhfolach.
Tá sé mar aidhm ag AthGhaelú na bríonna sin a thabhairt ar ais in úsáid laethúil agus an Ghaeilge a dhéanamh níos sofheicthe, níos ábhartha, agus níos forleithne in Éirinn an lae inniu. Ceanglaíonn an feachtas freisin le gluaiseacht dhomhanda atá ag fás chun ainmneacha dúchasacha a athbhunú agus dúshlán a thabhairt d’oidhreacht chleachtais ainmniúcháin choilíneacha.
Ag labhairt faoin bhfeachtas, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Breis is 100 bliain ó gur bhaineadh saoirse amach ó dheas ar an oileán seo, nach náireach an rud é go bhfuil muid fós ag úsáid logainmneacha cóilíneach gan chiall go forleathan. Tá sé thar am dúinn spreagadh a fháil ó tíortha eile ag díchóilíniú a gcuid logainmneacha ar nós An India ag athsealbhú ainmneacha cosúil le Bombay → Mumbai, Calcutta → Kolkata. Chuige sin táimid thar a bheith bródúil AthGhaelú a sheoladh. Tá níos mó i gceist leis an bhfeachtas seo ná húsáid na Gaeilge, baineann sé le féiniúlacht, úinéireacht, agus athcheangal le brí na n-áiteanna mórthimpeall orainn. Is rud é úsáid logainmneacha Gaeilge is féidir le gach duine a dhéanamh, agus is bealach cumhachtach é chun ár n-oidhreacht a choinneáil beo.”
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Níor aistríodh ár logainmneacha - athraíodh iad trí phróiseas coilíneach a scar daoine ó bhrí a dtírdhreacha féin. Is é atá i gceist le hAthGhaelú ná na hainmneacha sin a thabhairt ar ais in úsáid laethúil agus iad a aithint mar chuid bheo dár bhféiniúlacht. Féachann muid pobail eile, sa Bhreatain Bheag mar shampla, ag glacadh céimeanna lena logainmneacha dhúchasacha a fréamhú sa ghnáthshaol chomhaimseartha agus ní mór dúinn amhlaidh a dhéanamh anseo. Trí logainmneacha Gaeilge a úsáid inár saol laethúil, táimid ag athcheangal leis an teanga, leis an tírdhreach, agus leis na scéalta a mhúnlaíonn muid ar fad.”
Tógann an feachtas ar iarrachtaí leanúnacha ar fud an oileáin chun logainmneacha Gaelacha a úsáid, ó cheantair Ghaeltachta go feachtais phobail ar son comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do logainm féin, tabhair cuairt ar logainm.ie nó PlacenamesNI.org. Chun Gealltanas Logainmneacha a shíniú nó chun páirt a ghlacadh san fheachtas, tabhair cuairt ar cnag.ie/athghaelu nó déan teagmháil le
