Aitheantas tugtha do mhic léinn agus do chumainn as a gcuid oibre den scoth ag cur chun cinn na Gaeilge ar fud champas na tíre
Aréir, bhailigh mic léinn, cumainn Ghaelacha, agus ionadaithe Aontas na Mac Léinn ó gach cearn den tír le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an sár-obair a bhí déanta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcaitheamh na bliana tríd an scéim Gníomhaí Gaeilge agus comórtas Glór na gCumann.
Bhí Storm Eaton Killgallen ina bean an tí don searmanas agus bhí eocharchaint ó James Knoblauch, iar-mheantaí agus Bainisteoir an chláir Foraois, a labhair faoi thábhacht thógáil pobail agus ceannaireachta i gcothú na Gaeilge i measc daoine óga.
Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge atá ar bun ó 2021, a spreagann mic léinn agus cumainn chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach níos muiníní agus níos gníomhaí ina saolta pearsanta agus mar chuid de shochaí Ghaeilge na hollscoile. I mbliana, ghlac 44 grúpa idir Cumainn agus Aontais Mac Léinn 3ú leibhéal páirt sa scéim, mar aon le 134 mac léinn aonair a fuair meantóireacht i rith na bliana. Chuir beagnach 70 meantóir a saineolas ar fáil chun tacú le rannpháirtithe a gcuid spriocanna a bhaint amach. Rinneadh measúnú ar na hiarrthóirí ar fad a ghlac páirt agus bronnadh Gradam Óir, Gradaim Airgid, Gradam Aonair nó Teastas Rannpháirtíochta orthú dá bharr.
Ghlac 14 chumann páirt i gcomórtas Glór na gCumann, comórtas a dhéanann céiliúradh ar obair bhríomhar chumainn Ghaelacha ar fud na tíre. Bronnadh duaiseanna don chéad, don dara agus don tríú háit ar an oíche, chomh maith le duaiseanna aitheantais speisialta lena n-áirítear Duais Tras-Phobail, Duais Tras-Teorainn, Cruthaitheacht ar na Meáin-Shóisialta agus an Iontráil Nua is fearr.
Dúirt Órlaith Ní Thuathaigh, Comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge:
“Is ceiliúradh é anocht ar gach rud a bhfuil bainte amach trí Ghníomhaí Gaeilge i mbliana agus ar an tiomantas dochreidte atá léirithe ag mic léinn ar fud an chláir. Is deis é freisin aitheantas a thabhairt don obair níos leithne atá ar siúl ag an tríú leibhéal, áit a bhfuil mic léinn, cumainn agus aontais ag cur na Gaeilge chun cinn go gníomhach agus ag cruthú pobail bheo labhartha Gaeilge ar champasanna ar fud na tíre. Bhí an bhliain seo thar a bheith rathúil don scéim, agus rannpháirtíocht láidir, cruthaitheacht agus ceannaireacht léirithe ar fud na bliana. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár meantóirí freisin, a raibh a dtreoir agus a dtacaíocht thar a bheith luachmhar do rannpháirtithe ag gach céim.”
Ag labhairt faoi Ghníomhaí Gaeilge, dúirt Amy Davies Byrne, iníon léinn ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:
“Tá lúchair orm a bheith i láthair anocht ag an ócáid speisialta seo do bhronnadh Gníomhaí Gaeilge. Tríd an gclár meantóireachta agus na ceardlanna a cuirtear ar fáil, d’fhoghlaim mé conas an Ghaeilge a chur chun cinn ní hamháin i mo shaol pearsanta, ach freisin trí mo chuid oibre le mo chumann. Léirigh an bhliain seo dom go bhfuil fíorchumhacht ag mic léinn todhchaí na Gaeilge a mhúnlú ar ár gcampas, agus tá sé thar a bheith spreagúil a bheith mar chuid den ghluaiseacht sin.”
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Gníomhaí Gaeilge agus conas a bheith páirteach, tabhair cuairt ar cnag.ie/gg.
Tá Gníomhaí Gaeilge á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas.
Tá Glór na gCumann á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Ar líne:
IG : @gaeltachtx @cnagaeilge
X : @CnaG
TEAGMHÁIL
Órlaith Ní Thuathaigh,
Comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge
Kate Ní Dhubhlaoich,
Feidhmeannach Cumarsáide , Conradh na Gaeilge
