Skip to main content

Díospóireacht Stairiúil Idir Cheannairí Polaitíochta Beartaithe Ag TG4

Tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4, a bhfuil beartaithe an chéad díospóireacht riamh i nGaeilge a chraoladh beo idir cheannairí páirtithe polaitíochta roimh olltoghchán. Bheadh an díospóireacht i nGaeilge idir Eamon Gilmore, Enda Kenny agus Micheál Martin - ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Fhine Gael agus Fhianna Fáil faoi seach - le craoladh beo ar TG4 ag 10.00rn Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2011.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Léiriú a bheadh anseo - an chéad díospóireacht bheo i nGaeilge idir cheannairí polaitíochta na tíre - ar an dul chun cinn atá déanta ag na meáin Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas, agus tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4 as a ndíograis ag an am cinniúnach seo, ar son na polaitíochta agus na teanga araon."

Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta faoi láthair lena chinntiú go bhfuil sé mar bheartas oideachais ag gach páirtí polaitíochta in Éirinn go múinfear an Ghaeilge do gach dalta scoile mar chroí-ábhar Ardteiste i ndiaidh an olltoghcháin, agus táthar ag lorg tacaíocht do bhunú Gaelscoileanna nua chomh maith.

Tá pobal na Gaeilge agus tacaíocht na bpáirtithe uile don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nua-fhoilsithe fíorthábhachtach freisin, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtapóidh ceannairí na bpáirtithe an deis chun an Straitéis agus beartas oideachais a bpáirtithe a phlé go mion agus go hoscailte ar lá na díospóireachta.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá sé ag dul do phobal na Gaeilge go mbeadh díospóireacht cheart, trí mheán na Gaeilge, ar na cúrsaí is tábhachtaí do thodhchaí na tíre seo sula gcaithidís vóta in Olltoghchán 2011. Tá Conradh na Gaeilge ag tnúth le plé mar is cóir ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar an gcóras oideachais, agus ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, chomh maith le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta, agus eile.

"Molann Conradh na Gaeilge TG4 as éacht stairiúil eile a bheartú i bhforás na teanga, agus tréaslaímid a gcuid iarrachtaí leo an díospóireacht Ghaeilge seo a shocrú idir cheannairí polaitíochta na tíre seo in am don olltoghchán."

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.