Bhailigh na mílte daltaí le chéile chun deiseanna gairmeacha, pobal agus todhchaí trí Ghaeilge a fheiceáil inniu ag an imeacht Gairmheacha Gaeilge is mó riamh don aos óg
Tá breis is 5,000 duine óg ó gach cearn den tír bailithe inniu in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath do FÍS 2026, an t-imeacht óige is mó riamh trí Ghaeilge. Tugann an chomhdháil shuntasach, atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge & Gaeilge365 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, daltaí meánscoile, mic léinn ollscoile, gairmithe óga, cruthaitheoirí, gnóthaí agus eagraíochtaí Gaeilge le chéile chun aird a tharraingt ar na deiseanna a bhaineann le saol dátheangach.
I rith an lae, fuair na daltaí an deis freastal ar níos mó ná 110 seastán ó achan chearn den tír agus bualadh le daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá ina ngairmeacha agus ina bpobail - ó na meáin agus an t-oideachas go dtí an teicneolaíocht, an gnó agus an earnáil phoiblí.
Trasna trí zón théamacha - Gairmeacha, Pobal agus Todhchaí - d’aimsigh na daltaí réimse leathan féidearthachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, bíodh siad ag aimsiú gairme trí Ghaeilge, ag baint páirte i líonraí sóisialta Gaeilge, nó ag úsáid na Gaeilge i réimsí atá ag teacht chun cinn ar nós na meán digiteach, na hintleachta saorga agus na hinbhuanaitheachta.
Bhí guthanna móra ó na meáin, ó thionscail chruthaitheacha agus ó sheirbhís phoiblí le cloisteáil sna chéad dá phlé-phainéil ar maidin. I measc na gcainteoirí bhí DJ Próvaí ó Kneecap, Éadaoin Fitzmaurice, réalta Instagram agus TikTok, Róisín Seoighe, Amhránaí IMLÉ agus Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2026, Caitríona Kenny, Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Peadar Ó Caomhánaigh, Fear an Tí agus Bainisteoir Cumarsáide. Thug na painéalaithe léargas beoga do na daltaí ar shaol dátheangach, nua-aimseartha, ag léiriú na bealaí gurféidir leis an teanga doirse a oscailt san obair, sa saol sóisialta agus sa chultúr, agus spreagtar iad chun an Ghaeilge a fheiceáil ní hamháin mar ábhar scoile, ach mar bhuntáiste beo, praiticiúil don todhchaí.
Ag labhairt ar an bplé-phainéal inniu, dúirt DJ Provaí, ball de Kneecap:
“Tá muid ag pointe anois sa Ghaeilge nach bhfuil muid díreach ag déanamh rudaí ar son na cúise. Tá muid ag crúthú pobail anseo. Tá muid ag déanamh rudaí le bheith ar chomhchéim nó níos fearr ná an stuif atá ar fáil sa Bhéarla. Sibhse na daoine atá chun sin a dhéanamh, sibhse an chéad glúin eile a bheas ábalta dul amach agus sin a dhéanamh. Bainigí triall as rudaí úra, cá bhíos go bhfuil an chéad údar eile nó an chéad rap-cheoltóir nó an chéad amhránaí eile as Gaeilge istigh anseo inniu.“
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“ Léiríonn FÍS 2026 an fuinneamh agus an uaillmhian dochreidte atá i measc daoine óga maidir leis an nGaeilge. Tá na mílte daltaí tagtha anseo inniu ní hamháin chun an Ghaeilge a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge, ach chun ról na teanga i dtodhchaí s’acu a fhiosrú agus a scrúdú - san oideachas, ina ngairmeacha agus ina saol sóisialta. Tá níos mó deiseanna a bhaineann leis an nGaeilge ann inniu ná riamh, agus léiríonn imeachtaí ar nós FÍS do dhaoine óga an saibhreas saoil agus sóisialta a bhaineann leis an dátheangachas.”
Tráthnóna inniu, freastalóidh na céadta mac léinn ollscoile agus baill den phobal ar an seisiún deireanach den chomhdháil, agus tosóidh an plé-phainéil deiridh ag 5:00pm. In éineacht le Caitríona Kenny agus Peadar Ó Caomhánaigh, beidh aíonna nua don phainéal seo : Hugh Carr, Láithreoir Raidió le RTÉ 2FM, Caitríona Nic an tSaoir, Láithreoir Aimsire le TG4, agus Liam Lonergan, Iarrthóir PhD le Abair.ie.
Trí na mílte daoine óga a thabhairt le chéile le heagraíochtaí agus gairmithe a oibríonn trí mheán na Gaeilge, tá sé mar aidhm ag FÍS 2026 glúin nua a spreagadh chun an teanga a aithint ní hamháin mar chuid d’oidhreacht na tíre nó ábhar scoile, ach mar bhuntáiste beo fadsaoil agus mar luach breise praiticiúil i sochaí dhátheangach.
Tá FÍS 2026 á eagrú ag Conradh na Gaeilge i bpairtnéireacht le Gaeilge365 le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta tríd an tionscnamh Gluaiseacht.
ALBAM GRIANGHRAF
AR LÍNE
Instagram: @fis_gaeilge / @cnagaeilge
X: @CnaG
#FÍS2026
TEAGMHÁLAITHE
Aodhán Ó Deá | Stiúrthóir Forbartha, Leas-Ardrúnaí
+353 86 3102691 |
66 Sráid Camden Íochtarach, BÁC2
Sibéal Ní Dhuibhir | Bainisteoir Óige
+353 (0)89 4488712 | +353 (0)1 4757401
66 Sráid Camden Íochtarach, BÁC2 |
