Skip to main content

Alt i LEADER - NAPD

Chuaigh 25,000 duine chun sráide ar an 20 Meán Fómhair 2025 mar chuid den agóid CEARTA maidir le ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta. Tá cúrsaí oideachais i measc phríomhcheisteanna fheachtas CEARTA.
Ní haon ionadh do Phríomhoidí, do Leas-Phríomhoidí ná d’aon duine eile atá ag léamh an ailt seo go gcreideann muid go bhfuil géarchéim ann faoi láthair mar a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge i scoileanna. Tá mé cinnte go mbíonn sé le brath in bhur scoileanna agus sibh ag plé leis an ngéarchéim seo gach uile lá ar an talamh. Breathnaímis ar roinnt fíricí:

  • Tá díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge anois ag duine as gach seachtar daltaí meánscoile (agus chuir an uasdátú ar an gcóras díolúine a tugadh isteach in 2019 ualach mór oibre breise ar phríomhoidí ar fud na tíre, rud a bhí thar a bheith míchothrom inár dtuairimse). Tá an córas dolúbtha seo ag loiceadh ar 60,000+ dalta, córas a sheachnaíonn fadhbanna in áit aghaidh a thabhairt orthu
  • Baineadh 30 nóiméad in aghaidh na seachtaine den am a chuirtear ar leataobh do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna idir rang a haon agus rang a sé. Ar ndóigh, titfidh caighdeán Gaeilge daltaí atá ag dul isteach i scoileanna meánleibhéil amach anseo dá bharr seo. Tugtar faoi deara, dar le taighde a rinne SEALBHÚ in OCBÁC, go gcreideann múinteoirí iarbhunscoile cheana féin nach bhfuil caighdeán sách maith Gaeilge ag roinnt mhaith daltaí a thagann ón mbunscoil don tsraith shóisearach reatha, agus bhí sé sin amhlaidh sular laghdaíodh go suntasach an t-ionchur Gaeilge a bheidh ag daltaí agus an t-am a chaithfear léi. Tá an t-athrú seo á dhéanamh in ainneoin na sáriarrachtaí a dhéanann an t-uafás múinteoirí bunscoile a gcuid daltaí a spreagadh agus a chumasú i leith na Gaeilge.
  • Faoi láthair, níl ach 6% de dhaltaí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge, breis agus 100 bliain ó bunaíodh an Stát. Cé go raibh sprioc ag an Rialtas deiridh go n-oibreoidís i dtreo líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a dhúbailt, thit na figiúirí 3% le linn a dtéarma, gan aon iarracht mhacánta déanta acu gníomhú ar a sprioc féin. In ainneoin go luaitear sa Pholasaí nua don Ghaeloideachas a foilsíodh le déanaí gur ‘fís’ í go mbeadh ‘oideachas lán-Ghaeilge
    ar ardchaighdeán ar fáil do chách’, níl aon sprioc intomhaiste ná uaillmhianach leagtha amach acu chun líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a mhéadú go suntasach. Is mór an difear idir é seo agus cás na Breataine Bige, áit a bhfuil plean ag Rialtas na Breataine Bige céatadán na ndaltaí i scoileanna Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050, mar gheall go bhfuil fís uaillmhianach acu agus acmhainní lena bhaint amach. In ionad cuspóir mar sin a
    chur san áireamh sa Pholasaí don Ghaeloideachas, tá tascfhórsa le bunú le breathnú ar na múnlaí éagsúla a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu. 

Ní le teann lagmhisnigh maidir leis na fíricí seo agus le fadhbanna eile sa chóras a chuaigh daoine i mbun agóide ar an 20 Meán Fómhair. Thug muid faoi le fís shoiléir agus moltaí daingne maidir leis na hathruithe atá ag teastáil sa chóras oideachais chun cur in aghaidh an lín aird daltaí a dteastaíonn díolúine uathu, le cinntiú go gcríochnaíonn daltaí a gcuid scolaíochta mar chainteoirí cumasacha Gaeilge agus le cinntiú go mbeidh sé de rogha ag daltaí oideachas trí Ghaeilge a fháil amach anseo más é sin atá uathu agus óna dtuismitheoirí.


Éilíonn muid:
1. Polasaí cuimsitheach don Ghaeilge san chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal, agus é bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET)


2. Plean chun soláthar an oideachais trí Ghaeilge a mhéadú ó 6% go 20% thar thréimhse 20 bliain. Maidir le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge bunaithe ar CTET, chruthódh sé córas solúbtha trína bhféadfaí:

  • Freastal ar dhaltaí ar a leibhéal cumais féin – mar shampla, bheadh dalta le riachtanas breise mar a bhaineann le scríbhneoireacht in ann leanúint le foghlaim na Gaeilge labhartha go leibhéal na hArdteistiméireachta, measúnú a dhéanamh bunaithe ar an scil sin agus na pointí cuí CAO a fháil, in áit bac a chur ar dhaltaí ag foghlaim na Gaeilge mar a tharlaíonn go rómhinic faoin gcóras reatha díolúine
  • Freastal ar dhaltaí a thagann isteach sa chóras níos deireanaí – mar shampla, bheadh dalta in ann tosú ar an leibhéal is ísle de CTET má thagann siad isteach sa scoil sa chúigiú bliain, agus d’fhéadfaí ansin an measúnú Ardteistiméireachta a bhunú ar an leibhéal sin.
  • Ailíniú le polasaí níos leithne an Rialtais – mar shampla, beidh an sprioc earcaíochta de 20% d’earcaithe san earnáil phoiblí a bheidh inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus a bhfuil tús le cur leis ag deireadh 2030 bunaithe ar chóras CTET. Luíonn sé le réasún go gcinnteofaí tríd an gcóras oideachais go bhfaigheadh gach dalta oideachas bunaithe ar CTET le go mbeidís in ann cur isteach ar na poist sin amach anseo.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige a phlean gnímh 2 bhliain do na scoileanna Meán-Bhéarla agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le déanaí. Tá údar misnigh sna pleananna seo mar go mbeidh an Roinn ag cur acmhainní i dtreo an dá réimse seo. Mar sin féin, ní rachaidh ceachtar acu i ngleic le príomhthorthaí an taighde agus na gcomhairliúchán ar tugadh fúthu chun an polasaí agus an plean gnímh a fhorbairt. Ba léir sa dá phróiseas comhairliúcháin go raibh éileamh ann ar sprioc uaillmhianach agus intomhaiste chun soláthar an oideachais trí Ghaeilge a
mhéadú go mór a chur san áireamh sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. I gcás an phlean gnímh, ba léir ó thaighde SEALBHÚ gurb é plean foriomlán do mhúineadh na Gaeilge bunaithe ar CTET ceann de na clocha is mó ar an bpaidrín. Leanfaidh muid ag cur na n-éileamh seo chun cinn leis an Aire agus le polaiteoirí eile agus cuirfidh muid ina luí orthu go bhfuil gá le gníomhartha láithreach bonn.

Caithfidh mé a rá gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann frustrachas orm ná go bhfeiceann muid arís agus arís agus polasaithe oideachais á bhforbairt go n-eagraítear próisis chomhairliúcháin, go dtugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara ionchur a bheith acu iontu, ach ansin níos minice ná a mhalairt déantar maolú mór, nó fiú neamhaird iomlán, ar na príomhphointí a thagann chun cinn sna polasaithe agus sna pleananna a eascraíonn as.


Ní féidir leanúint ar aghaidh mar sin.

Tá sé in am don Aire Oideachais uaillmhian a léiriú agus cinntiú go ngníomhaíonn an Roinn Oideachais ar an uaillmhian sin, ag tosú le sprioc uaillmhianach intomhaiste chun cur le soláthar an oideachais trí Ghaeilge a leagan amach agus le grúpa saineolaithe a bhunú chun polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar CTET, a fhorbairt gan mhoill.

 

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
Tá Julian mar Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge ó 2005. Tá sé mar Chathaoirleach ar an bhfeachtas do Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2468. Is iar-uachtarán é ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus bhí sé mar bhall den Údarás um Ardoideachas tráth. Tá ceathrar páistí aige atá sé á dtógáil in éineacht lena bhean chéile trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.