Nochtaigh an 6 Cheanneagraíocht go bhfuil breis is milliúin euro go bunúsach bainte óna mbuiséad le seirbhísí agus imeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 2015 agus go mbeidh an scéal i bhfad Éireann níos measa i 2026 le cuid de na Ceanneagraíochtaí fágtha gan a dhóthain airgid dá gcostas reatha féin gan chaint ar mhaoiniú a bheith ar fáil le himeachtaí a eagrú nó seirbhísí a chur ar fáil sa phobal.
Chuir an 6 Cheanneagraíocht Gaeilge (Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge) in iúl d’Fhoras na Gaeilge go bhfuil amhras orthu faoi thodhchaí an struchtúir chomhpháirtíochta bunaithe ag Foras na Gaeilge i 2015. Tá sé curtha in iúl ag na Ceanneagraíochtaí d’Fhoras na Gaeilge ar maidin nach mbeidh siad páirteach sa struchtúr comhpháirtíochta arís go dtí go mbeidh dul chun cinn déanta ar an gcruachás maoinithe atá ann faoi láthair.
Dúirt urlabhraí ó na Ceanneagraíochtaí:
“Chuir muid in iúl don Fhoras inniu go bhfuil gach Ceanneagraíocht i gcruachás airgeadais, atá éirithe níos measa le tamall de bhlianta anuas, agus ní fheictear dúinne go bhfuil aon réiteach ag teacht sa ghearrthéarma ar na fadhbanna seo. Mar thoradh air seo, tá teorannú déanta arís agus arís eile ar an tseirbhís atá indéanta a chur ar fáil don phobal agus ar na himeachtaí gur féidir a eagrú sa phobal mar Cheanneagraíocht.”
“Ní amháin go bhfuil amhras ann ar an tseirbhís gur féidir a chur ar fáil don phobal ach tá ceisteanna rialachas corparáideach ag gach Ceanneagraíocht gur gá dóibh a bheith ag comhlíonadh chomh maith agus tá sé rídheacair é seo a dhéanamh nuair nach bhfuil maoiniú ann le bunchostais ar nós árachais a íoc ag cuid de na Ceanneagraíochtaí.
“Táimid den tuairim go gcaithfear an maoiniú a shocrú i gceart don todhchaí sular féidir an córas comhpháirtíochta a fheidhmiú i gceart. Ní leor mar a tharla an bhliain seo, agus réiteach aonuaire ó Rialtas na hÉireann le bearna maoinithe Fhoras na Gaeilge i 2025 a réiteach, ach maoiniú suntasach sa bhreis a bheith ag Foras na Gaeilge leis an dochair déanta ar chroímhaoiniú na gCeanneagraíochtaí le 10 mbliain anuas a réiteach agus, dar ndóigh, tá gá le réiteach ar chroímhaoiniú eagraíochtaí eile atá maoinithe ag an bhForas chomh maith.”
Tá na Ceanneagraíochtaí ag lorg cruinnithe éigeandála leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary agus leis an Aire Pobail Gordon Lyons leis an gcruachás seo a phlé leo.
Coinneoidh na Ceanneagraíochtaí i dteagmháil le Foras na Gaeilge le féachaint an féidir teacht ar réiteach ar an gcruachás maoinithe seo agus dul i mbun an chórais chomhpháirtíochta arís go luath.
