Skip to main content

Tús oifigiúil curtha ag Conradh na Gaeilge leis an tríú Cás Cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh, agus an uair seo, i gcoinne an Aire Pobal, mar gheall ar an teip Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach

 Thóg an Conradh athbhreithniú breithiúnach in 2017, agus ceann eile in 2022, agus dearbhaíodh faoi dhó gur theip ar an Fheidhmeannas a gcuid dualgas de réir dlí 2007 a chomhlíonadh.

 

Tá tús oifigiúil curtha ag Conradh na Gaeilge lena dtríú athbhreithniú breithiúnach le 8 mbliana anuas mar gheall ar an teip Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Tá an cás seo i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh agus i gcoinne an Aire Pobal, Gordon Lyons CTR. 

 

Gealladh an Straitéis an chéaduair i gComhaontú Chill Rímhinn (2006) agus tháinig ann dó mar dhualgas reachtúil sa dlí in 2007, mar alt 28D d’Acht Thuaisceart Éireann (1998) (leasuithe). Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi 6 mhí ón chomhaontú. Sa bhreis air sin, bhí am-scála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an Fheidhmeannas faoi 3 mhí ón chomhaontú sin. I Meitheamh 2021, chuir an tAire Pobal sa tréimhse sin, Deirdre Hargey, Grúpa Saineolaithe ar bun chun moltaí a dhéanamh i leith na Straitéis. Foilsíodh a gcuid oibre i Márta 2022. I mí na Samhna 2021, bhunaigh an tAire Hargey Grúpa Comh-dheartha ar a ceapadh réimse leathan d’eagraíochtaí Gaeilge. Tháinig an Grúpa Comh-dheartha sin le chéile go tráth rialta ó shin agus i mí na Samhna 2023 chríochnaigh siad a ndréacht-phlean gníomhachtaí don Straitéis. Cé gur tháinig an Feidhmeannas agus an Tionól ar ais in Feabhra 2024, níl aon Straitéis tugtha chun tosaigh ag an Aire Pobal reatha, Gordon Lyons CTR agus chuige sin, níl aon Straitéis faofa ag an Fheidhmeannas. 

 

Thóg Conradh na Gaeilge dhá athbhreithniú bhreithiúnacha i gcoinne an Fheidhmeannais roimhe seo, in 2017 agus 2022, agus sa dá chás sin dhearbhaigh na Breithimh gur theip ar an an Fheidhmeannas a ndualgas dleathach a chomhlíonadh, agus go raibh an teip sin ‘mídhleathach’. Sa chás is déanaí, 2022, dhearbhaigh an Breitheamh Schoffield go raibh sé ‘de dhualgas ar an Fheidhmeannas feidhmiú ar an dualgas seo mar ábhar práinne”, agus nach raibh moill 12 mí “reasúnta”. Sa chás nua seo, bhí breis agus 17 mí ag an Aire feidhmiú ar an dualgas dleathach sin. Go dáta, ní aon Straitéis curtha os comhair an Fheidhmeannais ag an Aire. 

 

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge:

 

“Leagfaí amach sa Straitéis Ghaeilge seo plean an Fheidhmeannais chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt sa 20 bliain atá romhainn. Tháinig an dualgas dleathach seo chun cinn ar tús in 2007. Bhí dhá rialú shúntasach Ard-Chúirte againn roimhe sin a mhol an Feidhmeannas gníomhú ar an cheist seo go práinneach. Beagnach 20 bliain ar aghaidh, ba cheart go raibh muid ag ullmhú ár ndara Straitéis 20 Bliain, in áit bheith ag troid le dréacht a fheiceáil don chéad cheann. Tá obair na gcapall déanta ag réimse leathan d’eagraíochtaí teanga le beagnach 4 bliana anuas chun moltaí suntasach a dhéanamh don Straitéis seo, moltaí a dhéanfadh difear mór do thuismitheoirí, do theaghlaigh, do scoileanna, pobail agus don stát féin mar gheall ar chur chun cinn na teanga.”

 

“Is treochlár tras-rannach a bheadh sa Straitéis Ghaeilge seo, agus ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar spriocanna, spriocdhátaí agus gníomhaíochtaí soiléire. Tá an-díomá go deo orainn, mar sin, nach raibh an dara suí sa bhuaile ann ach filleadh ar na cúirteanna leis an chás a réiteach. Tá sé scannalach ar fad go bhfuil muid ag dul ar ais chun na hArd-Chúirte don tríú uair ar an ábhar céanna. Is í an tuairim atá againn gur theip ar an Fheidhmeannas agus ar an Aire a gcuid dualgas dleathach a chomhlíonadh maidir leis an Straitéis Ghaeilge, agus níl aon rud feicthe againn a deir linn go bhfuil forbairt na Straitéise seo mar thosaíocht reatha ag an Aire Pobal, atá freagrach as an straitéis a ullmhú ar son an Fheidhmeannais.”

 

Dúirt Niall Murphy, ó Dhlíodóirí KRW, atá mar aturnae Chonradh na Gaeilge sa chás seo:

 

“Dearbhaím go bhfuil tús oifigiúil curtha againn le hathbhreithniú breithiúnach don tríu uair maidir le teip an Fheidhmeannais, agus an uair seo, teip an Aire fosta, Straitéis Ghaeilge a fhorbhairt agus a thabhairt isteach. Dhearbhaigh an Breitheamh Maguire in 2017 gur theip ar an Fheidhmeannas a ndualgach dleathach a comhlíonadh nuair a theip orthu Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach. In 2022, dhearbhaigh an Breitheamh Scoffield gur theip orthu arís. Éilíonn ár gcás ordú ón Chúirt go dtógfaidh an Feidhmeannas beartha áirthe chun na téipeanna seo a leigheas, fríd Ordú Mandamus, a chuirfeadh iachall ar an Aire agus ar an Fheidhmeannas am-scála cuimsitheach a fhoilsiú maidir le Straitéis a chríochnú agus na ceimeanna nithiúla a thógfadh siad chun an stad sin a bhaint amach a chur san áireamh ann.”

 

Cuireadh na caipéisí oifigiúla os comhair na hArd-Chúirte an tseachtain seo caite, 24 Meitheamh 2025. Beidh éisteacht athbhreithnithe don chás i Meán Fómhair na bliana seo. Tá tacaíocht faighte ag Conradh na Gaeilge don chás seo ó PILS agus sainchomhairle leanúnach ón CAJ. 

 

Beidh an tAire Pobal Gordon Lyons os comhair an Choiste Pobal maidin inniu, Déardaoin 3 Iúil, ag 10am.

 

X: @CnaG 

Instagram: @cnagaeilge

 

TEAGMHÁIL

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Niall Murphy

KRW Law

+44 7976 070036 

 

PILS

https://pilsni.org/contact/ 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Tá rialú iomlán na Cúirte ó 2017 ar fáil anseo: https://www.judiciaryni.uk/judicial-decisions/2017-niqb-27 

 

Tá rialú iomlán na Cúirte ó 2022 ar fáil anseo:: https://www.judiciaryni.uk/judicial-decisions/2022-niqb-56-0 

 

Déanann Conradh na Gaeilge Comh-Chathaoirleacht ar an Ghrúpa Comh-Dheartha a ceapadh i Samhain 2021 chun an Straitéis a fhorbairt.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.