Tugann SEAS deis do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí bualadh le grúpaí pobail agus le daoine óna nDáilcheantair maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta
Tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó pháirtithe an rialtais agus ón bhfreasúra i láthair inniu, Dé Céadaoin 25 Meitheamh, le cloisteáil ón bpobal ar mhórcheisteanna práinneacha na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá SEAS: Lá Abhcóideachta na nGael, á eagrú go bliantúil ag Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ceisteanna maoinithe, polasaithe, agus tacaíochta don teanga a phlé ar bhonn áitiúil agus náisiúnta.
I measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn ag SEAS25, tá:
Maoiniú:
-
Go gcuirfear €55 milliúin sa bhreis ar fáil i gCáinaisnéis 2026 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht bunaithe ar na héilimh atá san áireamh sa Phlean Fáis.
-
Go maoineofar an Plean Fáis ina iomlán tríd caiteachas an Stáit ó dheas a mhéadú ó 0.17% go 0.4% sa chéad 5 bliain eile.
Tithíocht sa Ghaeltacht:
-
Go bhfoilseofar agus go gcinnteofar treoirlínte pleanála láidir don Ghaeltacht
-
Go reáchtáilfear scéim deontas tithíochta Ghaeltachta arís don phobal Gaeltachta
-
Go mbunófar Rannóg Tithíochta in Údarás na Gaeltachta le, i measc cúraimí eile, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a éascú do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta
-
Go mbeidh an chumhacht tugtha d’Údarás na Gaeltachta gur féidir leis an Údarás talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil.
Oideachas:
-
Go leagfar síos agus go gcuirfear plean le chéile leis an soláthar Gaeloideachais a ardú ó 6% go 20% thar tréimhse 20 bliain
-
Go gcuirfidh an tAire Oideachais agus Óige grúpa saineolach ar bun láithreach bonn leis an bPolasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais on Luath-Óige go dtí an 3ú Leibhéal a fhorbairt bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE).
Ag labhairt faoi SEAS25, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is deis ríthábhachtach í SEAS chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna na Gaeilge agus na Gaeltachta le hionadaithe tofa. Rinne muid ionadaithe agus gníomhaí ó fud fad na tíre cás thar a bheith láidir inniu go bhfuil géarghá le maoiniú a mhéadú mar is ceart le Cáinaisnéis 2026 agus cothrom na Féinne maidir le maoiniú na Gaeilge. Chuir muid béim ar leith ar an tábhacht le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, agus go gcuirfear plean le chéile leis an soláthar Gaeloideachais a ardú ó 6% go 20% thar tréimhse 20 bliain. Chuir muid brú fosta ar na polaiteoirí gníomhú ar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a fhoilsiú, a cuireadh siar le fada, agus cumas Údarás na Gaeltachta a neartú, chun tacú le pobail Ghaeltachta inbhuanaithe. Is céimeanna praiticiúla iad seo a mbeidh tionchar mór acu ar thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta. Ón taithí fada atá againn ag gníomhú ar na ceisteanna seo áfach, tuigtear dúinn gur mó seans go bhfeicfidh muid forbairtí ar an iliomad ceist trí bhrú ón bhun aníos agus tá sí ríthábhachtach go n-ardaíonn pobal na Gaeilge a nguth sa tréimhse cinniúnach atá os ár gcomhair.”
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:
“Inniu, tharraingíomar aird na bpolaiteoirí aríst eile ar ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta, le cur ina luí orthu go bhfuil an Ghaeltacht á bánú agus daoine óga á mbrú amach as a gceantair dhúchais mar gheall ar ghéarchéim chórasach tithíochta. Is éileamh simplí atá againn - go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cur fúthu ina gceantar dúchais agus an teanga a shlánú mar theanga phobail sna ceantair chéanna. Chuige sin, táimid ag éileamh go bhfoilseofar na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta láithreach, go dtabharfar Scéim na nDeontas Tithe Gaeltacha thar n-ais, agus go dtabharfar breis acmhainní agus cumhachta d’Údarás na Gaeltachta. ”
Is féidir teacht ar bhileog eolais / éileamh #SEAS25 anseo.
Ar Líne
X: @CnaG
Instagram: @cnagaeilge
#SEAS25
