Céim mhór chun cinn don stáisiún ina bhfeachtas leanúnach FM
Tá lúcháir ar Raidió Rí-Rá a fhógairt gur féidir le héisteoirí Chúige Laighean éisteacht leis an stáisiún am ar bith ar DAB anois. Tá DAB ar fáil i go leor caranna nua-aimseartha agus ar ghléasanna raidió digiteacha. Is céim mhór chun cinn é seo san fheachtas leanúnach atá ar bun ag an stáisiún a bheith ar FM gach lá den bhliain.
Tá Raidió Rí-Rá i measc na stáisiún atá ar DAB anois a bhuí le scéim nua FáilteDAB de chuid Choimisiún na Meán.
Dúirt Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:
"Is iontach Raidió Rí-Rá a fheiceáil i lár an aonaigh ar liosta le háireamh de stáisiúin náisiúnta agus áitiúla eile atá ar fáil anois le FáilteDAB, atá ag cur ardán DAB ar fáil faoi láthair i gCúige Laighean. Ciallaíonn sé seo gur féidir le héisteoirí i gCúige Laighean éisteacht linn mar a bheadh muid ar chomhchéim le chuile stáisiún eile. Tá luachair orainn freisin go bhfuil an sceideal craolta atá againn ag fás agus ag forbairt i gcónaí le seirbhís fheiliúnach a sholáthair don chéim nua seo".
Ag labhairt faoin gcéim dúirt Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Bord Raidió Rí-Rá:
“Tá Raidió Rí-Rá ag cur seirbhíse náisiúnta ar fáil d’aos óg na tíre seo trí Ghaeilge ó 2008 ar aghaidh ar ardáin éagsúla. Léiríonn an scothseirbhís atá á chraoladh againn ar DAB go bhféadfaí an tseirbhís chéanna a aistriú go minicíochtaí FM timpeall na tíre gan fadhb agus gan mhoill ach an toil Rialtais a bheith ann leis sin a éascú. Is iontach gur féidir suí sa gcarr anois agus Raidió Rí-Rá a chur ar siúl mar atá stáisiúin raidió náisiúnta eile, le scoth an phopcheoil, craoltóirí maithe, agus ábhar Gaeilge atá feiliúnach do chách.”
Teagmháil:
Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Stáisiúin
Aisling Ní Dhonnabháin, Bainisteoir Margaíochta Raidió Rí-Rá
