Skip to main content

Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna i Nua  Eabhrac d’ócáid tiomsaithe airgid ar 5 Meitheamh

Éileamh mór déanta ar phobal Gael-Mheiriceánach tacú le hionad nua óige lán-Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, ‘Croí na Carraige’

 

Is craobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge é an eagraíocht pobail agus óige, Glór na Móna, atá suite san Uachtar Cluanaí i gCeathrú Gaeltachta Bhéal Feirste. Tá clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag an ionad reatha, Gael-Ionad Mac Goill atá ag Glór na Móna, a dhéanann scoth na hoibre ón bhun aníos chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus leis an óige áitiúil a chothú trí mheán na teanga. Is cuid lárnach ar fad é d’infraastruchtúr na hathbheochana sa chathair. 

 

Le blianta anuas, is i nGael-Ionad Mac Goill a cuireadh dúshráitheanna láidre pobail, óige agus teanga, faoi scáth Ghlór na Móna. Mar thoradh ar an fhorbairt seo, tá éileamh mór áitiúil an Gael-Ionad a mhéadú agus mar sin, tionscadal nua caipitil a fhorbairt taobh leis an fhoirgneamh reatha. Is é an sprioc atá leis an ionad nua ná chun tógáil go mór ar fhís uaillmhianach Ghlór na Móna ar phíosa talaimh de chuid Chomhairle Bhéal Feirste atá tréigthe le fada an lá.

 

Is féidir leat tacú leis an tionsú airgid i dtreo ‘Croí na Carraige’ anseo: GoFundMe

 

Tá ticéid don ócáid tiomsaithe airgid i Nua Eabhrac ar fáil anseo

 

Dúirt, Uachtarán Chonradh na Gaeige, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

“Tá lúcháir mhór orm bheith i Nua Eabhrac an tseachtain seo i mo ról mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus muid ag tabhairt faoi shraith de chruinnithe agus imeachtaí i gcomhar lenár gcraobh áitiúil, Glór na Móna, tráth a bhfuil siad i mbun feachtas tiomsaithe airgid go hidirnáisiúnta ar mhaithe leis an tionscadal suaitheanta óige, ‘Croí na Carraige’. Tá an feachtas tiomsaithe airgid seo ag teacht chun cinn in éagmais Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thuaidh, agus tráth a bhfuil teip ar ranna rialtais a gcuid dualgas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.”

 

Tá Glór na Móna ar thús cadhnaíochta maidir le claochú sochaí pobal-bhunaithe in Iarthar Bhéal Feirste. Is eagraíocht é a bhfuil aitheantas agus gradaim idirnáisiúnta bainte amach aige, atá freamhaithe go domhain sa chumhachtú óige, athbheochan teanga agus sa ghníomhaíochas ón bhun aníos. Tá obair na heagraíochta i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar shaolta daoine tríd an Ghaeilge a bhrú go croílár an phobail agus tríd áird ar leith a thabhairt ar na mór-dhúshláin os comhair ár bpobal. Is tionscnamh suntais é Croí na Carraige ó thuaidh, spás saintógtha a bheas mar lár-ionad nua óige, pobal agus gníomhaíochais. Cé go bhfuil maoiniú ar luach £1 milliún bailithe cheana féin, tá muid anois ag éileamh ar an phobal Ghael-Mheiriceánach tacú linn an bhearna deiridh a chomhlánú.”

 

“Tá bród orainn, mar sin, an feachtas seo a thabhairt go Nua Eabhrach, áit a mbeidh oíche speisialta againn in Rosie O’Grady’s 5 Meitheamh. Is deis í seo dlúthpháirtíocht a léiriú le gluaiseacht pobail atá go mór faoi bhláth i láthair na huaire. Inár gcuideachta beidh MP Iarthar Bhéal Feirste, Paul Maskey, an craoltóir agus an ceoltóir mór le rá, Doireann Ní Ghlacáin, agus an ceoltóir ó Brooklyn, Chris Byrne, atá ina bhall de Chonradh na Gaeilge le fada an lá. Tá muid ag súil go mór le hoíche mhór cheoil, chultúir agus tacaíochta pobail. Creideann muid gur féidir leis an ócáid áirithe seo bheith mar thúsphointe ar chultúr nua dlúthphairtíochta agus comhoibrithe idir Gaeil-Mheiriceánacha ag pobal na Gaeilge anseo san am atá romhainn.”

 

WhatsApp_Image_2025-06-10_at_11.23.22.jpeg

 

 

WhatsApp_Image_2025-06-10_at_11.23.24.jpeg

 

 

WhatsApp_Image_202e5-06-10_at_11.23.24.jpeg

 

 

WhatsAppe_Image_2025-06-10_at_11.25.27.jpeg

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.