Ceart Ar Fad Ag An gCoimisinéir

D'fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe inniu, 05 Iúil. Tá na moltaí déanta ag an gCoimisinéir sa tuairisc leis an Acht a láidriú ciallmhar, loighciúil agus infheidhmithe. Is é an Coimisinéir an duine is mó ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Achta agus ba chóir don Rialtas glacadh go fonnmhar lena chuid moltaí mar sin in aon athbhreithniú ar an Acht.

Dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá an Conradh ag lorg athbhreithnithe ar an Acht ón Ard-Fheis a bhí againn i mí Aibreáin 2011. Táimid an-sásta go bhfuil na fadhbanna le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhí aitheanta againn san áireamh i dtuairisc an Choimisinéara agus tá moltaí cuimsitheacha ann len iad a réiteach. I measc na réiteach sin moltar sa tuairisc:

  • Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
  • Chun tabhairt faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo, go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla
  • Go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá an Rialtas ag iarraidh lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla an tseachtain seo roimh an athbhreithniú atá geallta i gclár an Rialtais a bheith curtha i gcrích. Tá alt breise san áireamh sa Bhille Um An Dlí Sibhialta (forálacha ilghnéitheacha), 2011 atá os comhair tithe an Oirachtais an tseachtain seo go mbeidh sé ceadaithe Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin. Is é an Béarla atá i gceist leis an aon teanga oifigiúil amháin anseo go praiticiúil agus níl aon chinnteacht tugtha go mbeidh an tAcht foilsithe sa teanga oifigiúil eile, an Ghaeilge, ar an idirlíon gan mhoill nó in aon chor san alt atá os comhair na dTithe. Níl ciall ag baint leis an leasú seo nuair a thógtar san áireamh gur cuireadh an dara rannóg aistriúcháin ar bun i 2009. Dhéanfadh sé níos mó céille an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i gcrích roimh aon athrú agus idir an dá linn cinntiú leis an dá rannóg aistriúcháin go mbeidh na hAchtanna aistrithe i dtréimhse sásúil d'obair an Oireachtais."

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg tacaíocht na n-ionadaithe poiblí do mholtaí an Choimisinéara Teanga chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú agus chun aon athrú ar an Acht a chur ar athlá go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar an Acht mar a gealladh i gclár an Rialtais.

SONRAÍ TEAGMHÁLA:

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 086 8142757

Donnchadh Ó hAodha
Uachtarán Chonradh na Gaeilge
087 2421267

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge