Cearnóg Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath – 11 Bealtaine, 12–5 i.n. – Saorchead Isteach
Tá an fhéile Ghaeilge is mó i mBaile Átha Cliath ar ais arís – agus tá Lá Mór na Gaeilge 2025 ag dul i méid agus i bhfeabhas! Eagraithe ag BÁC le Gaeilge i bpáirt leis an gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, urraithe ag Tesco agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Ar siúl ar an Domhnach, 11 Bealtaine i gCearnóg Margadh na Feirme, tá an imeacht seo saor in aisce agus lán le ceol beo, ealaín, cultúr na hóige, spraoi do theaghlaigh agus Gaeilge de gach caighdeán – bí tú líofa nó le cúpla focal, tá fáilte mhór romhat!
Ag labhairt ar son an ArdMhéara, dúirt an Chomhairleoir Clódagh Ní Mhuirí:
“Is ócáid iontach é Lá Mór na Gaeilge a léiríonn an Ghaeilge go gach éinne i mBaile Átha Cliath. Beidh rud an do chuile duine - ceol, ealaín, scannáin, siamsaíocht, margadh gnó agus go leor leor eile - trí Ghaeilge. Le mo thaithí ag freastal ar Lá Mór na Gaeilge roimhe seo, tá sceitimíní orm le feiceáil céard a bheidh ann i mbliana agus le sult a bhaint as an t-atmaisféar. Ní féidir an lá seo a chailiúnt! “
Dúirt Stiúrthóir BÁC le Gaeilge, Mícheál Ó Nualláin:
“ Nascann an Fhéile bhliantúil seo daoine i mBaile Átha Cliath lena teanga dhúchasach. Is ionann téama na bliana seo agus “An Chéad Ghlúin Eile”. Táim ag tnúth go mór leis na himeachtaí atá cruthaithe ag daoine óga ar son daoine óga - agus iad ar fad saor in aisce - a fheiceáil. Leis an oiread sin ceol, ealaín, margaí, duaiseanna, scannáin agus cultúr - tá rud ann i do gach éinne. Má bhfuil tú go hiomlán líofa nó díreach le cúpla focal - tá fáilte roimh chách!”
Cad atá ar siúl?
? An tArdán Mór Beo – Ceoltóirí Gaeilge den scoth: Burnchurch, IMLÉ, An Chéad Ghlúin Eile agus grúpaí nua eile atá ag briseadh an bhearna idir sean agus nua.
? Cath na mBannaí – Na ceithre bhanna ceoil meánscoile sa bhabhta ceannais ag dul in iomaíocht chun a bheith ainmnithe mar an bhanna is fearr i 2025.
? ‘Splanc’ – Spás Ealaíne – Taispeántas spleodrach le péinteáil múrphictúir beo, ceardlann puipéad stoca, agus comórtais ealaíne ó scoláirí ar théama na Gaeilge.
? Geandáil Ghasta as Gaeilge – Daoine óga idir 12–18 ag bualadh le cairde nua i suíomh suaimhneach, spraíúil.
? Ceardlanna Spraíúla – Bain triail as an bodhrán, dornaclaíoch, amhránaíocht ar an sean-nós agus níos mó – bealaí tumthacha le Gaeilge a fhoghlaim.
? Biongó Craiceáilte – Fuinneamh, ceol, duaiseanna agus craic sa Puball Ó Ghlúin go Glúin – biongó mar nach bhfaca tú riamh é!
???? Spás Teaghlaigh – Léirithe sorcais, seónna draíochta, léitheoireacht beo, agus Clinic Leabhar le comhairle do pháistí ó “dochtúirí” léitheoireachta.
? Pictiúrlann Lighthouse - Scannán meánlae do pháistí: Rún Cheanannais Mhóir, agus taispeántas tráthnóna den scannán uafáis nua Fréwaka le plé ó Dr. Kelly Fitzgerald faoi mhiotaseolaíocht agus béaloideas na hÉireann.
? Taispeántais Sráide – Daoine ag slogadh tine, taispeántas sráide, Batman, sonóga - beidh an Chearnóg beo
?️ Margadh Gnó trí Ghaeilge – Éadaí, seodra, ceardaíocht, táirgí áilleachta agus go leor eile ó dhíoltóirí atá Gaeilge-uilíoch – bí tú líofa nó le cúpla focal!
Tar éis an lae iomláin, lig do scíth leis an bpobal, bain sult as ceol beo, agus cleachtaigh do chúpla focal ag Pop-Up Gaeltacht i dteach tábhairne The Cobblestone ó 6 i.n., le ceoltóirí traidisiúnta beo agus Amhránaithe an Chlub sa seomra cúil.
Tá gach imeacht saor in aisce, ach tá spás teoranta ag roinnt ceardlann. Féach ar liosta iomlán na n-imeachtaí ticéadaithe ar Linktree: linktr.ee/lamornagaeilge
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag lamornagaeilge.ie agus ar na meáin shóisialta @lamornagaeilge – lean muid le bheith san iomaíocht do dhuaiseanna rialta, iPhone 15 san áireamh!
Cuir an dáta i do dhialann, tabhair leat do chairde, agus ceiliuraigh an Ghaeilge ar do bhealach féin! Tá fáilte roimh chách – idir líofa agus cúpla focal!
#LMNG2025
Meáin Shóisialta:
Twitter: @Bac_leGaeilge @LaMorNaGaeilge
Instagram: @baclegaeilge @lamornagaeilge
Ar Líne: #LMNG2025
