Seimineár Oibre Ar Phleanáil sa Phobal

Tiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile ag seimineár oibre san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Cathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011, chun moladh a réiteach don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas, don Roinn Cultúrtha, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, agus d'Fhoras na Gaeilge a chuimseodh a gcuid mianta pleanála agus a thógfadh mianta pleanála an phobail san áireamh.

Seo an chéad imeacht oifigiúil arna eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge (APG), eagras Gaeilge nua-nasctha ina bhfuil Comhluadar, Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ag obair le chéile ar gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail, ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ó tá athruithe móra ag teacht ar an gcóras maoinithe in earnáil na Gaeilge, agus ar na bealaí go bhfuil an dá rialtas thuaidh agus theas ag tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn, tá Aontas Phobal na Gaeilge go láidir den tuairim gur ghá go mbeadh gach cuid de phobal na teanga pro-ghníomhach agus ag obair go dlúth le chéile lena chinntiú go mbíonn ionchur comhtháite, céillí, comhsheasmhach againn sa phróiseas."

Dá réir, tá seimineár oibre á eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge i nGailllimh chun naisc a aimsiú idir na spriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó Dheas agus scéimeanna nua uile-oileánda Fhoras na Gaeilge, go háirithe i leith bhunú gréasáin Ghaeltachta agus pleanáil sa phobal ar bhonn réigiúin.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: "Tabharfaidh an seimineár oibre Gaeilge seo deis do dhaoine ag obair leis an bpobal ar an talamh - idir dhaoine deonacha agus oibrithe gairmiúla araon - teacht le chéile chun deiseanna a aimsiú sna beartais fhiúntacha phobail atá le léamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 don deisceart, agus molfar áit dóibh sa phleanáil bheartaithe i samhail nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge don tír iomlán."

Beidh oifigigh i láthair ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas le labhairt leis an slua maidir le Bunú Gréasáin Ghaeltachta, agus Ceathrú na Gaeltachta ag an seimineár, chomh maith le hionadaí ó Fhoras na Gaeilge a thabharfaidh léargas ar aidhmeanna agus spriocanna pleanáil de réir réigiúin. Beidh cainteoir neamhspleách ann ar an lá freisin, chun amharc neamhchlaonta a thabhairt ar na naisc agus na deiseanna féideartha don phobal in earnáil na Gaeilge.

Cuirfear sólaistí agus lón ar fáil d'ionadaithe ag freastal ar sheimineár oibre Aontas Phobal na Gaeilge, agus is féidir teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 chun páirt a ghlacadh sa phlé ar an lá.

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

  1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;
  2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
  3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
  4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
  5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge.

CLÁR AMA SHEIMINEÁR AONTAS PHOBAL NA GAEILGE:
10.00 - 12.00 Bunú Gréasáin Ghaeltachta, agus Ceathrú na Gaeltachta
Cainteoirí:

  • Oifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
  • Ionadaí ón lucht eagraithe

12.00 - 13.00 Lón
13.00 - 15.00 Aidhmeanna agus spriocanna pleanáil de réir réigiúin
Cainteoirí:

  • Ionadaí ó Fhoras na Gaeilge
  • Ionadaí ón lucht eagraithe

15.00 - 15.30 Tae/Caife
15.30 - 17.00 Na naisc a aithint

  • Moltaí ó chainteoir neamhspleách
  • Plé oscailte ar na moltaí sin

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge