Skip to main content

Faoiseamh tábhachtach ach gearrthréimhseach do ghrúpaí Gaeilge agus €630,000 d’airgead breise aonuaire geallta ag Rialtas na hÉireann d’Fhoras na Gaeilge ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas

Éilíonn Conradh na Gaeilge go mbeidh reiteach fádtéarmach ar struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge mar chéad chéim eile, nó beidh muid ar ais sa tsáinn mhór seo arís i mí Eanáir 2026.

 

Tá sé fógartha ag tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD go mbeidh maoiniú aonauaire ag luach €630,000 le bronnadh ar Fhoras na Gaeilge le dul i ngleic leis an ghéarchéim mhaoinithe agus na ciorruithe a fógraíodh ag deireadh Eanáir, ar luach €817,945. Mar chuid den fheachtas RAIC (Réiteach Anois, Infhéistíocht Chothrom), bhí éileamh ann go ndéanfaí iomlán na gciorruithe ar deontaithe an Fhorais a aisiompú agus socrú a dhéanamh le struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú, faoi mar a bhí aontaithe ag an dá Aire Airgeadais ó dheas ó bhí Meán Fómhair 2024 ann. 

 

Tá cros déanta ag an DUP ar an mholadh sin ag leibheál an Fheidhmeannais ó thuaidh ó shin agus mar sin níl aon chaint i ráiteas na Roinne ó dheas inniu ar struchtúr maoinithe an Fhorais a leasú. Tuigtear nach bhfuil i bhfógra an lae inniu ach maoiniú aon uaire, agus chuige sin, go mbeidh na fadhbanna céanna ag teacht chun tosaigh arís i mí Eanáir 2026. 

 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

“Beidh fógra an lae inniu mar fhaoiseamh tábhachtach ach gearrthréimhseach do ghrúpaí agus eagraíochta Gaeilge ar fud na tíre. Molann muid go mór gach grúpa agus gníomhaí a sheas an fód ar an cheist seo le cúpla mí anuas, a ghlac páirt san fheachtas RAIC, le cinntiú a dheanamh go mbeadh na cíorruithe fógartha aisiompaithe. Gabhann muid buíochas leis an Aire Calleary as an obair déanta aige agus a fhoireann leis seo a bhaint amach.”

 

“Aithníonn muid nach bhfuil méid iomlán na gciorruithe, ar luach beagnach €820,000, á aisiompú, agus go mbeidh bearna beagnach €190,000 idir buiséad 2024 agus buiséad 2025. Táimid ag éileamh ar Fhoras na Gaeilge anois le cinntiú go ndéanfaí aisiompú láithreach ar chiorruithe na ndeontaithe, na n-eagraíochtaí agus grúpaí Gaeilge ar an talamh, mar thosaíocht.”

 

“Is cúis mhór imní agus díomá dúinn, áfach, nach bhfuil aon chaint i bhfógra na Roinne nó i gcomhráitis an Chomhairle Aireachta Thuaidh agus Theas inniu ar struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a réiteach, rud atá mar chroí-éileamh na ngrúpaí uilig ar an talamh. Níl bac an DUP roimh an socrú sin inmharthana ar bhealach ar bith. Muna ndéanfar an leasú cuí ar an struchtúr sin, beidh muid ar ais sa tsáinn seo arís i mí Eanáir 2026, agus gach mí Eanáir as seo amach. Dar ndóigh, ní leor an maoiniú atá ag na grúpaí pobail cheana féin toisc an leibhéal íseal maoinithe atá ag Foras na Gaeilge le breis is 20 bliain anuas ón dá Rialtas”. 

 

“Aithníonn muid anois go bhfuil bóthar fada romhainn fós agus muid ar lorg cothrom na Féinne maidir le maoiniú na Gaeilge, agus gur ceist í sin atá práinneach agus gur gá a reiteach láithreach.”

 

EOLAS BREISE:

 

I measc éilimh an fheachtais RAIC, tá na grúpaí ar lorg;

  • Go nglacfaidh an dá Rialtas leis an múnla nua maoinithe molta ag ag an dá Roinn Airgeadais agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (Meán Fómhair 2024) láithreach bonn agus is gá don mhúnla nua seo a dhóthain croí-mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe Fhoras na Gaeilge;
  • Gealltannas ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh aisiompú ar an €820,000 do dheontaithe mar chéad tosaíocht in aon mhaoiniú breise a fhaightear ó na Rialtais;
  • Ar a laghad an €20m sa bhreis a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge faoi mar atá luaite sa Phlean Fáis, plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht aontaithe idir 130 grúpa, agus;
  • Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go maoineofar na tionscadail / deontaithe luaite sa Plean Fáis mar thosaíocht d’aon mhaoiniú sa bhreis faighte ón dá Rialtas nó aon Rialtas amháin;
  • Sa chás nach féidir an creatlach maoinithe a leasú táimid ag éileamh ar Rialtas na hÉireann an maoiniú sin a chur ar fáil bealach éigin eile mar ábhar práinne.

 

Bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998. In 2003, fuair Foras na Gaeilge €17.2m mar bhúiséad. In 2024, fuair Foras na Gaeilge €17.5m, titim de 45% le boilsciú thar 20 bliain. 

 

Tá plean infhéistíochta aontaithe ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta don mhéid mhaoinithe atá de dhíth chun riachtanais an phobail a chur i bhfeidhm. Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.