Grúpaí Gaeilge, Gaelscoileanna agus Eagraíochtaí náisiúnta ag éileamh ar an DUP glacadh leis an socrú nua maoinithe thuaidh theas agus an ghéarchéim mhaoinithe a shocrú
Tháinig slua mór le chéile lasmuigh de Chnoc an Anfa inniu agus pobal na Gaeilge ag éileamh ar an DUP a mbeannacht a thabhairt do shocrú nua maoinithe don eagras trasteorann Foras na Gaeilge. Tágann an agóid mí i ndiaidh do ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta stailc maidine a dhéanamh ar fud na tíre mar chomhartha agóide náisiúnta i gcoinne ciorruithe ar luach beagnach €820,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge ag deireadh mhí Eanáir. Tháinig eolas nua chun cinn inné go bhfuil bac curtha ag an DUP roimh an phaipéar a mholann leasú ar an socrú maoinithe thuaidh theas 7 n-uaire ó bhí Deireadh Fómhair 2024 ann.
Ag labhairt ag Cnoc an Anfa, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Cathaoirleach ar an eagraíocht pobail agus óige, Glór na Móna, agus Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:
“Tá na hagóidí náisiúnta seo thar a bheith suntasach. Tá siad ag tógáil ar an mhaidin stailce a thit amach ag deireadh Feabhra, nuair a thóg breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta seasamh stairiúil. Arís eile, tá pobal na Gaeilge tagtha le chéile ag Cnoc an Anfa chun ár bhfód a sheasamh. Agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh leis an seasamh sin agus an troid a thabhairt díreach chuig an dá Rialtas. Tá fhios againn go bhfuil réiteach féideartha ar an tábla fríd an bheirt Airí Airgeadais ach gur chuir an DUP bac roimh an mholadh sin 7 n-uaire ar na mallaibh. Níl an seasamh sin inmharthana. Tá pobal na Gaeilge ar fud na tíre thíos leis na ciorruithe tromchúiseacha seo. Tá go leor leor grúpaí i gcruachás mór de dheasca na gciorruithe seo agus tá réiteach práinneach de dhíth anois. De réir mar a théann an t-am ar aghaidh beidh níos mó agus níos mó seirbhísí agus scéimeanna pobal á ngearradh siar ar an talamh. Éilíonn muid réiteach práinneach agus réiteach fadtéarmach.”
Dúirt Siubhán Nic Amhlaoibh, Stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanáin, Doire, atá thíos leis na ciorruithe reatha:
“Tá ár seirbhísí i mbaol. Tá ár gcuid scéimeanna i mbaol. Agus fágann sin go bhfuil ár bpobal teanga i mbaol. Thaistil muid síos ó Chathair Dhoire ar maidin chun seasamh gualainn ar ghualainn le grúpaí agus eagraíochtaí eile teanga atá i mbaol fosta. Is grúpaí iad seo a dhéanann scoth na hoibre lá i ndiaidh lae agus níl uainn uilig ach cothrom na Féinne agus deis chun seirbhísí pobail agus teanga a sholáthar gan bhac. Tuigtear dúinn go bhfuil moladh ar an tabla a d’fhéadfadh neart de na fadhbanna atá againn a shocrú, ach nach bhfuil an toil ann ón DUP sin a cheadú. Tá sin suarach ar fad dár linn. Is mian linn scéimeanna óige, scéimeanna samhraidh, féilte, scéimeanna tacaíochta pobail agus neart eile i mbliana agus amach anseo. Muna mbíonn réiteach ar an ghéarchéim seo tá seans mór nach mbeidh ann do roinnt mhaith do na scéimeanna seo i mbliana nó amach anseo. Is bagairt mhór í seo ar fad do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus tugann muidne coimitmint go seasfaidh muid an fód go dtí go dtiocfaidh athrú ar an scéal.”
Beidh agóid eile ag pobal na Gaeilge ar an ábhar céanna amárach, Céadaoin 26 Márta ag 12pm lasmuigh de Dháil Éireann.
