Skip to main content

Bua Eile don Ghaelscolaíocht

Fáiltíonn an feachtas Aitheantas roimh fhógra na Roinne Oideachais agus Scileanna go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcholáiste i gCo. Átha Cliath agus i gCo. Chorcaí i measc na 14 iarbhunscoil nua a osclófar as seo go ceann trí bliana, agus éilíonn go mbeidh Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín san áireamh sna hiarbhunscoileanna lánGhaeilge sin.

Toisc easpa fáis i líon na scoileanna lánGhaeilge a bhí á oscailt le blianta beaga anuas, tháinig Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh chun ceist na géarchéime seo a réiteach, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.

Tá Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge an-ghníomhach i bhfeachtas Aitheantas ó shin agus tá An Foras ina phátrún ar Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, Co. Átha Cliath, i measc bunscoileanna agus meánscoileanna Gaeilge eile. Tá coiste bunaithe ag obair le haitheantas a bhaint amach do Choláiste Ghlór na Mara le cúig bliana anuas freisin, agus rinneadh iarratas oifigiúil ar aitheantas don mheánscoil dhá bhliain ó shin; tá sé faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna go fóill.

Níl pátrúin na meánscoileanna nua cinntithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go fóill ach thug Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge, le fios gur ábhar dóchais é go bhfuil idir phátrún agus phlean forbartha ag an nGaelcholáiste i mBaile Brigín: "Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh an dea-scéal go mbeidh freastal ar chearta tuismitheoirí atá ag lorg oideachas dara leibhéal lánGhaeilge dá bpáistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, agus táimid ag tnúth go n-aithneofar Coláiste Ghlór na Mara toisc go bhfuil plean forbartha céimnithe agus tacaíocht forleathan don Ghaelscolaíocht i dtuaisceart Átha Cliath ann. Ní bheidh aon fhadhb againn ag líonadh na suíochán sa Ghaelcholáiste seo i mBaile Brigín!"

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: "Aithnítear go forleathan go bhfuil gluaiseacht na nGaelscolaíochta ar cheann de na rudaí is fearr agus is tábhachtaí i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail le 20 bliain anuas, mar sin is dea-scéal don Ghaelscolaíocht trí chéile é fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna go bhfuil trí iarbhunscoil lánGhaeilge le hoscailt idir seo agus 2014. Tá súil ag Aitheantas gur tús é seo a léiríonn tiomantas fadtéarmach an Rialtais le freastal ar mhianta tuismitheoirí ag lorg oideachais dara leibhéal lánGhaeilge dá bpáistí, agus go dtabharfaí aitheantas do Ghaelcholáistí eile fud fad na tíre amach anseo."

Éilíonn Aitheantas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus áiteanna nua á roghnú acu do gach cineál scoile amach anseo freisin, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, chun freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don oideachas lánGhaeilge.

TUILLEADH EOLAIS:

Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Caoimhín Ó hEaghra
Ard Rúnaí, An Foras Pátrúnachta
+353 (0)86 1738044
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Bhunaigh ceithre eagraíocht Ghaeilge - Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus An Foras Pátrúnachta - an comhfheachtas Aitheantas chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a bhí aitheantas á éileamh acu don scoil i 2010; agus chun plé leis an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge trí impí ar an Roinn Oideachas agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. www.aitheantas.com

Is pátrúnacht náisiúnta é Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge (An Foras Pátrúnachta) do scoileanna LánGhaeilge bunscoile agus iarbhunscoile le freagrachtaí pátrúnachta agus bainistíochta. Bunaíodh an Foras i 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht, agus tá an Foras ina Phátrún ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí a bhfuil éiteas Caitliceach, ilchreidmheach, agus idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Tá 58 Gaelscoil agus 3 Gaelcholáiste faoina bpátrúnacht faoi láthair. www.foras.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.