Rinne an dá fheachtas agóid lasmuigh de Theach Laighean inniu ar son maoinithe práinneach do ghrúpaí Gaeilge atá thíos leis na ciorruithe curtha i bhfeidhm le deanaí ag Foras na Gaeilge agus le dul i ngleic le géarchéim tithíochta na Gaeltachta
Bhailigh slua ó eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ó scoileanna agus coláistí tríú leibhéal lasmuigh de Theach Laighean inniu mar chuid d’fheachtas RAIC, ag éileamh ar Rialtas na hÉireann aisiompú a dhéanamh ar na ciorruithe is déanaí de €820,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge ar na mallaibh tríd an maoiniú cuí a chur ar fáil don Fhoras anois agus agus le réiteach fadtéarmach do mhaoiniú na Gaeilge a fhorbairt ar bhonn práinne. Tháinig an agóid inniu i ndiaidh agóide eile inné, mar chuid den fheachtas RAIC, ag Cnoc an Anfa.
Chomh maith leis sin, tháinig baill den fheachtas Tithíochta Gaeltachta TINTEÁN le chéile freisin le léirsiú agus Bille Údarás na Gaeltachta á phlé sa Dáil tráthnóna inniu. Tá TINTEÁN ag éileamh ar an Rialtas an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní airgeadais a theastaíonn chun Rannóg Tithíochta a bhunú a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta. Chuirfeadh sé seo ar chumas cónaitheoirí Gaeltachta talamh a fháil, cead pleanála a fháil, agus chuirfeadh sé an bonneagar riachtanach ar fáil d’fhorbairtí tithíochta chun tacú le pobail Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta.
Ag labhairt ag an agóid, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Táimid ag éileamh ar Rialtas na hÉireann idirghabháil éigeandála a dhéanamh anois chun todhchaí earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta a shlánú. Tá eagraíochtaí pobail fud fad na tíre ag streachailt a bhfoirgnimh a théamh agus a soilse a lasadh, gan trácht a dhéanamh ar bhunsheirbhísí a sholáthar agus spriocanna oibre a chur i gcrích toisc na gcíorruithe fógartha ag Foras na Gaeilge ar ghrúpaí Gaeilge áitiúil agus náisiúnta le déanaí agus an dí-infheistiú déanta le 20 bliain anuas. Tá laghdú fíorama de 45% tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge thar thréimhse de 20 bliain, tráth atá an-suim go deo sa phobal don Ghaeilge ach go bhfuil bac orainne anois freastail ar an dea-thoil sin. Níl seo cothrom nó sásúil agus is gá don Rialtas idirghabháil éigeandála a dhéanamh le teacht i dtír air seo agus cothrom na féinne a chur ar fáil.
Chomh maith leis sin, tá deis iontach ag an Rialtas le Bille Údarás na Gaeltachta a láidriú agus idirghabháil phráinneach agus stairiúil a dhéanamh a rachaidh chun sochair na Gaeltachta. Táimid ag éileamh orthu glacadh leis na leasuithe molta againn ar an mBille atá ag dul tríd an Dáil inniu, leis an leasú a thabharfadh an cumhacht d’Údarás na Gaeltachta le talamh a cheannach chun tithe nó seirbhísí do thithíocht a thógáil air agus an leasú a leagfadh dualgas ar Údarás na Gaeltachta le Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú i gcomhair gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, ina leagfar amach spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú agus chun soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin, san áireamh. ”
Dúirt Courtney Nic Uilis, Oifigeach Forbartha le Muineachán le Gaeilge:
“Tá na ciorruithe maoinithe seo ag bagairt ar sheirbhísí agus ar thionscnaimh riachtanacha a thacaíonn le pobail Ghaeilge ar fud an oileáin. Bíonn go leor grúpaí ag brath ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge chun cláir oideachais, tionscadail phobail, agus tionscnaimh forbartha teanga a chur ar fáil. Mar gheall ar na ciorruithe seo tá baol ann go mbeidh ar Mhuineachán le Gaeilge líon na n-imeachtaí a chuireann muid ar fáil don phobal a laghdú. Tá pobal breá bríomhar againn anseo i gContae Mhuineacháin agus déanann muid achan iarracht an pobal seo a chothú agus a neartú. Tá muid ag dul ó neart go neart le blianta anuas ach tá todhchaí doiléir romhainn. Gan idirghabháil phráinneach, tá an baol ann go gcaillfimid deiseanna ríthábhachtacha chun an teanga a neartú agus a fhás.”
