Skip to main content

‘Dul chun cinn stairiúil’ agus tús oifigiúil curtha le ceapadh an chéad Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an comórtas earcaíochta poiblí curtha i gcrích agus an Coimisinéir Gaeilge nua ainmnithe i mí na Bealtaine

 

Aréir, Céadaoin 5 Márta 2025 a fógraíodh go bhfuil tús oifigiúil á chur le próiseas ceapacháin poiblí don Choimisinéar Gaeilge ó thuaidh, an chéad cheapachán don ról úr. Fógraíodh fosta, mar chuid den phróiseas chéanna, go mbunófaí Oifig an Choimisinéara Gaeilge mar chuid de chur i bhfeidhm dhualgais an Fheidhmeannais faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga, a ritheadh in 2022 in Westminster. Mar atá leagtha amach sa reachtaíocht sin, is gá don Chéad agus Leas-Chéad Aire bheith ar aon ghuth chun an próiseas a thoiseach, an Coimisinéir a cheapadh agus feidhmeanna an Choimisinéara a chur i bhfeidhm. Tháinig an fógra aréir ó Oifig an Fheidhmeannais, ar aon An Chéad agus an Leas-Chéad Aire béirt. Cuirfear tús anois le próiseas nó comórtas earcaíochta poiblí, a mhairfidh suas le 6 seachtaine. Ag an phointe sin is faoin Chéad agus an Leas Chéad Aire a bheas sé aontú ar an duine cuí don ról. 

 

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an fhógra stairiúil go bhfuil an chéad Choimisinéir Gaeilge i stair an stáit ó thuaidh le ceapadh. Ní mór aitheantas a thabhairt do na scórtha mílte Gael a shiúil bóthar fada, a sheas an fód, a tháinig amach chun sráide, agus a thug dúshlán an stáit arís agus arís eile fríd na blianta. Ní tháinig athruithe móra den leibhéal seo gan ghníomh pobal-bhunaithe atá eagraithe agus tiománta, nó mar a dúirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge Gearóid Ó Cairealláin, gluaiseacht agus pobal atá ‘radacach, fadradharcach agus neamheaglach’. Tá sé seo, gan amharc ar cheann de na forbairtí is mó agus is stairiúla i stair na Gaeilge, go bhfuil an fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua, foráil óna dtagann gach feidhm eile, anois ceadaithe ag an Chéad agus ag an Leas-Chéad Aire. Tugann Conradh na Gaeilge coimitmint shoiléir go mbeidh muid ag obair, ag eagrú agus ag brú chun go gceapfaí an Coimisinéir comh luath agus atá an comórtas poiblí curtha i gcrích, agus go mbeidh cead leanúnach tugtha don Choimisinéir nua an obair rithábhachtach seo a dhéanamh. Níl aon amhras orm, má bhíonn an toil pholaitiúil ann, gur féidir le Coimisinéir láidir, a dhíríonn ar an dea-chleachtas, an stát ó thuaidh a athrú ó bhonn, agus muid a thabhairt céim ollmhór níos cóngaraí don chomhionannas a gealladh dúinn síos fríd na blianta”. 

 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

 

“Is clochmhíle thar a bheith suntasach é seo ar an aistear mór i dtreo chearta teanga ó thuaidh i stát a chuir cos ar bolg ar phobal na Gaeilge, a rinne imeallú agus neamhaird orainn mar phobal agus a dhíbir an Ghaeilge ónár spásanna poiblí riamh anall. Ach tá na laethanta sin ag teacht chun deiridh. Tá dóchas mór ann anois, leis an fhógra stairiúil seo, go bhfuil muid faoi dheireadh ag tarraingt ar an ré úr comhionannais a gealladh dúinn in 1998. Anois, agus muid ag tabhairt faoi chaibidil nua san aistear seo, ní mór dúinn fanacht dílis do na bunspriocanna a bhí againn ó chéad lá, is é sin chun cearta, cothromas agus cóir a bhaint amach don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh an comórtas earcaíochta poiblí críochnaithe roimh dheireadh Aibreáin agus an ceapachán aontaithe agus réidh le fórgairt i mí na Bealtaine. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le fáilte a chur roimh an Choimisinéir Gaeilge nua agus bheith ag comhoibriú go dlúth leo chun an Ghaeilge a lárnú i gcroí-sheirbhísí agus i mór-fhéiniúlacht an stáit anseo ó thuaidh.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.