Skip to main content

Is Fearrde Thú Oíche Chultúir 2011!

Agus Oíche Chultúir Átha Cliath 2011 á seoladh go hoifigiúil ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, amárach (Dé Céadaoin, 17 Lúnasa 2011), is tráthúil an t-am é don lárionad cultúir ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge réimse iontach imeachtaí Gaeilge don oíche mhór a sheoladh an tseachtain seo freisin!

Tá idir thráthnóna spóirt do dhaoine óga le hÓgras; sheisiún scéalaíochta do pháistí le Comhluadar ins An Siopa Leabhar; cheardlann scileanna raidió leis an gcairtstáisiún óige Raidió Rí-Rá; agus ceardlann ghiotáir leis an bhféile Seachtain na Gaeilge á reáchtáil don aos óg ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 i rith an lae agus na hoíche ar an 23 Meán Fómhair 2011. Chomh maith leis sin, beidh sladmhargadh ar earraí Gaeilge; ceardlann do thuismitheoirí ar bhuntáistí an dátheangachais luath; rang Gaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta le Conradh na Gaeilge; seisiún ceoil i gClub Chonradh na Gaeilge; agus seastán eolais Shaor-Chomhairle Dlí óna 5 - 11in mar chuid d'Oíche Chultúir 2011 leis.

Arsa Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha Chonradh na Gaeilge: "Tá spéis an phobail i gcúrsaí Gaeilge ag dul i méid le blianta beaga anuas agus dá réir, ní haon ionadh é go bhfuil réimse na n-imeachtaí éagsúla a reáchtálann muid don Oíche Chultúir ag 6 Sráid Fhearchair ag fás gach bliain freisin. Is deis í an Oíche Chultúir do dhaoine idir óg agus aosta sult a bhaint as an teanga arís i suíomh shóisialta, fháilteach anseo i gCeannáras Chonradh na Gaeilge; tá rud éigin san áireamh ar chlár na bliana seo do gach cineál duine - bíodh spéis acu sa cheol, sa scéalaíocht, nó sa spórt, i dtógáil clainne trí Ghaeilge, i gcúrsaí raidió, nó díreach sa teanga féin dar ndóigh!"

Níl costas ar bith ag baint le haon cheann de na himeachtaí a bheidh ar siúl i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an 23 Meán Fómhair 2011, ach is gá áiteanna a chur in áirithint don chuid is mó de na himeachtaí trí ghlaoch ar +353 (0)1 4757401 nó tríd rphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Tá Nic an Ailí i mbun imeachtaí Gaeilge idir na heagrais Ghaeilge ar fad sa bhfoirgneamh a comhordú mar chuid den Oíche Chultúir sa Cheannáras don cheathrú bliain as a chéile. Agus arís i mbliana, beidh deis ag an bpobal turas treoraithe dátheangach a ghlacadh thart ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, áras atá ar cheann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair*, gach 20 nóiméad ó 5 - 11.in ar an 23 Meán Fómhair 2011. Dar le Nic an Ailí: "Is fiú go mór le duine ar bith le spéis sa stair an deis a thapú chun súil a chaitheamh ar Cheannáras Chonradh na Gaeilge ar an Oíche Chultúir 2011, chun cluas a chur leis na scéalta a bhaineann leis agus chun amharc ar tholláin éalaithe an IRB atá fós le feiceáil faoin bhfoirgneamh, mar shampla. Ní minic gur féidir le háit a mhaíomh go bhfuil stair chomh leathan agus chomh tábhachtach aige agus atá ag Uimhir 6."

TUILLEADH EOLAIS:

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673

Taisce Chultúrtha Bharra Temple
www.culturenight.ie
01 6772255 / 01 8883610

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

5.00 - 11.00in Turas Treoraithe Dátheangach ar Stair an Cheannárais - Conradh na Gaeilge (Gach 20 nóim)
5.00 - 11.00in Sladmhargadh - An Siopa Leabhar
5.00 - 11.00in Seastán Eolais - An tIonad Saor-Chomhairle Dlí

3.30 - 5.00in Spraoi agus Spórt do Pháistí (5 - 11 bliana d'aois) - Ógras

5.00 - 6.00in Seisiún Scéalaíochta do Pháistí (5 - 11 bliana d'aois) - Comhluadar i gcomhar leis An Siopa Leabhar
5.00 - 6.00in Ceardlann Scileanna Raidió (11 - 18 bliana d'aois) - Raidió Rí-Rá

6.00 - 7.00in Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta - Conradh na Gaeilge

7.00 - 8.00in Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings - Comhluadar
Ceardlann dátheangach do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge

8.00 - 9.00in Ceardlann Giotáir - Seachtain na Gaeilge

9.00in Seisiún Ceoil - Club Chonradh na Gaeilge

* NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHINT DO NA HIMEACHTAÍ SEO *

*Bhí cónaí ar an gCairdinéal John Henry Newman san áras ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 tráth dá raibh agus tá tábhacht nach beag ag baint le Newman as Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC) a bhunú. D'oscail an Ollscoil Chaitliceach i dtrí áras éagsúil ar an 3 Samhain 1854, Uimhir a Sé ina measc, agus aithne ar áras Newman mar Áras Mhuire. Bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918. Bhí ceangail ag cuid de na daoine is tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an áras freisin agus tá an tollán inár éalaigh leithéid Mícheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine fós ann faoin bhfoirgneamh. Ar na hurláir os a chionn a bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát leis.

Is comhlacht teoranta príobháideach é Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TBCT) a fheidhmíonn gan beann ar bhrabús agus a thacaíonn le cúrsaí cultúrtha i mBarra Temple ar an iliomad bealaí. D'eagraigh TBCT an chéad Oíche Chultúir in Éirinn i mBaile Átha Cliath in 2006 agus tá an ceiliúradh tar éis leathnú fud fad na tíre. www.templebar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin agus tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre bliana chomh maith. www.cnag.ie

Is lár-ionad comhluadar na Gaeilge sa phríomhchathair é Club Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Bíonn an béar ar oscailte do bhaill an Chlub 7 oíche in aghaidh na seachtaine óna 8.00in agus is ann a bhíonn ceol Gaelach agus comhrá Gaeilge. Reáchtáiltear ciorcal comhrá ann gach oíche Luan, is í an Mháirt Oíche na Mac Léinn, bíonn Oíche na Manglam ar an Déardaoin agus is iomaí imeacht eile a eagraítear ann i gcaitheamh na míosa, ceachtanna Briotánaise, rincí agus cluichí beiriste san áireamh. www.anclub.ie

Tá An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar cheann de na hinstitiúidí Gaeilge is mó clú air sa tír. Is áis agus ionad siopadóireachta den scoth atá ann do phobal na Gaeilge, san ardchathair agus i gcéin. Tá leas á baint as an nuatheicneolaíocht i gcónaí le cur le réimse na n-earraí agus leabhar atá ar fáil ar An Siopa Leabhar ar-líne ag www.cnag.ie.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le deis a thabhairt do dhaoine óga idir 13 - 19 mbliana d'aois teacht le chéile mar óg-chlubanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. I 1988 bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8 - 12 bhliain d'aois. Eagraíonn Ógras réimse leathan d'imeachtaí spraíúil, oideachasúla ar fud na tíre do dhaoine óga a bhfuil spéis acu bheith páirteach in óg-ghluaiseacht Ghaeilge, fhuinniúil, bhríomhar. www.ogras.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha trí mheán na Gaeilge. Tá sé le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin Nokia, tríd an bhfeidhmchlár iPhone ar fáil ó www.rrr.ie/iphone/ agus beo ar FM le linn mhí an Mhárta. Is féidir cluas a chur leis na cnaga ar fad, teacht ar an bpopnuacht agus an spórt is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláir le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d'fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. www.snag.ie

Is comhpháirtíocht é An tIonad Saor-Chomhairle Dlí idir Chonradh na Gaeilge agus FLAC (Free Legal Advice Centres), áit go gcuireann abhcóidí agus aturnaetha le Gaeilge seirbhís saor-chomhairle dlí ar fáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh gach chéad Chéadaoin den mhí. Bíonn an tseirbhís ar siúl ó 5.30 - 7.00in ag Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh; 6.00 - 7.00in ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2; agus ó 6.30 - 8.00in ag 80 An Meal Theas, Corcaigh. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré. Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.