R.A.I.C. (Réiteach Anois, Infheistíocht Chothrom) á lorg ag na grúpaí agus é seo mar ainm ar an fheachtas úr
Tá sé fógartha go mbeidh breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre ag dul ar stailc leath-lae Dé Céadaoin, 26ú Feabhra 2025 mar chuid den fheachtas RAIC. Tá an stailc á eagrú le héilimh ar an dá Rialtas thuaidh agus theas aisiompú a dhéanamh ar na ciorruithe is déanaí de €820,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge ar na mallaibh tríd an maoiniú cuí a chur ar fáil don Fhoras anois agus agus le réiteach fadtéarmach do mhaoiniú na Gaeilge a fhorbairt ar bhonn práinne.
Tháinig an cinneadh seo sna sála ar Thionól Géarchéime idir grúpaí pobail agus ceanneagraíochtaí a bheas thíos leis na ciorruithe ar an 12ú Feabhra 2025 i mBaile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm ag an fheachtas RAIC réiteach a fháil ar an dífheistíocht fhadtéarmach agus easpa comhionannais agus maoinithe in earnáil na Gaeilge agus éileamh a dhéanamh go réiteofar an éigeandáil gearrtéarmach agus fadtéarmach.
Tagann an ciorrú is déanaí seo tráth a bhfuil an DUP ag cur bac ar an mholadh atá ar an tábla chun leasú a dhéanamh ar struchtúr maoinithe an Fhorais Teanga. I láthair na huaire, tagann 25% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón rialtas ó thuaidh agus 75% ón rialtas ó dheas agus ní féidir le ceachtar den dá rialtas airgead breise a chur i dtreo bhuiséad an Fhorais gan a chomhionann ón rialtas eile. Le déanaí, aontaíodh socrú nua idir an dá Aire Airgeadais, fríd an Chomhairle Aireachta thuaidh-theas, a thabharfadh cead do cheachtar den dá rialtas airgead breise a chur i dtreo bhuiséad an Fhorais Teanga gan a chomhionann ón rialtas eile. Ní mór don Fheidhmeannas ó thuaidh a mbeannacht a thabhairt don leasú nua seo, ach tá bac curtha ag an DUP roimh an mholadh sin dul ar chlár oibre an Fheidhmeannais breis agus 5 huaire ó bhí mí na Samhna ann. Leis sin, tá cros a dhéanamh ag an DUP ar mhaoiniú breise don Ghaeilge ar bhonn 32 contae tráth a bhfuil Rialtas na hÉireann a rá go bhfuil airgead breise acu réidh le dul láithreach chuig an Fhoras.
I measc éilimh an fheachtais, tá na grúpaí ar lorg;
- Go nglacfaidh an dá Rialtas leis an múnla nua maoinithe molta ag ag an dá Roinn Airgeadais agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (Meán Fómhair 2024) láithreach bonn agus is gá don mhúnla nua seo a dhóthain croí-mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe Fhoras na Gaeilge.
- Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh aisiompú an €820,000 do dheonaithe mar an chéad tosaíocht in aon mhaoiniú breise a fhaightear ó na Rialtais
- Ar a laghad an €20m sa bhreis a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge faoi mar atá luaite sa Phlean Fáis.
- Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go maoineofar na tionscadail / deontaithe luaite sa Plean Fáis mar thosaíocht d’aon mhaoiniú sa bhreis faighte ón dá Rialtas nó aon Rialtas amháin.
Ag labhairt roimh an stailc, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Is trua liom go bhfuil orainn dul ar stailc inniu ach tógadh an cinneadh an gníomh seo a dhéanamh mar nach raibh an dara rogha fágtha againn. Tá na ciorruithe is déanaí atá fógartha ag Foras na Gaeilge iomlán tubaisteach agus ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí atá go mór faoi bhrú cheana féin ó thaobh maoinithe de. Is léiriú é stailc an lae inniu ar an fhrustrachas agus ar an fhearg ní amháin ar an chiorrú is déanaí, ach ar an dhífhéistíocht fadtéarmach ar mhaoiniú na Gaeilge. Mar chomhthéacs, tá laghdú fíorama de 45% tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge thar thréimhse de 20 bliain, tráth atá an-suim go deo sa phobal don Ghaeilge ach go bhfuil bac orainne anois freastail ar an dea-thoil sin.”
“Tá grúpaí pobail fud fad na tíre ag streachailt a bhfoirgnimh a théamh agus a soilse a lasadh, gan trácht a dhéanamh ar bhunsheirbhísí a sholáthar agus spriocanna oibre a chur i gcrích. Tá seo iomlán samhnasach agus muid breis is 25 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta a gheall ré úr comhionannais don teanga. Is ríléir go bhfuil fadhb ollmhór againn agus go bhfuil ag teip go hiomlán ar an dá rialtas le 20 bliain nuas an áisíneacht trasteorann atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge a mhaoiniú mar is cuí. Tá géarghá le réiteach sásúil, fadtéarmach agus impím ar an dá rialtas teacht ar shocrú láithreach bonn.
Dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge :
“Beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, don chéad uair riamh, ag dul ar stailc an Chéadaoin seo, chun seasamh aontaithe a thógáil i gcoinne ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge. Tá sé scannalach go mothaíonn grúpaí, ó achan chearn den tír, gur gá gníomh stailce a thógáil chun an dá Rialtas a bhrú chun tosaigh leis an cheist seo.
Tá na grúpaí ar fad faoi bhrú ollmhór. Tháinig muid ar fad le chéile coicís ó shin i mBaile Átha Cliath agus bhí muid ar aon ghuth go bhfuil géarchéim mhaoinithe sa phobal anois, agus go bhfuil an struchtúr maoinithe thuaidh theas taobh thiar d’Fhoras na Gaeilge go hiomlán briste. Éilíonn ar an dá Rialtas an structhúr maoinithe sin a athrú, nó bealach eile a aimsiú chun an maoiniú breise, atá ar fáil ón Rialtas ó dheas faoi láthair, a bhrú fríd chuig na grúpaí ar an talamh mar ábhar práinne. Níl aon amhras orm ach gur láidre muid mar phobal agus muid ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le chéile ar cheisteanna práinneacha mar seo. Molaim go mór gach grúpa atá ag seasamh an fhóid inniu ar son chothrom na Féinne.”
MEÁIN
X: #tógRAIC @CnaG
Instagram: @cnagaeilge
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Seo thíos liosta de na grúpaí ar fad a bheas páirteach sa stailc:
An Bruach Thoir, Gaillimh
An Ceathrú Póilí, Aontroim
An Droichead, Aontroim
An Siopa Leabhar, Baile Átha Cliath
Áras Chrónáin, Baile Átha Cliath
Baile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin Léith, Dún na nGall
Bia Loch Lao, Aontroim
Cairde Uí Néill, Tír Eoghain
Cathair Saidhbhín le Gaeilge, Ciarraí
CCÉ Dhún Lathaí., Aontroim
Cill Dara le Gaeilge, Cill Dara
Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Ciarraí
Conradh na Gaeilge, Náisiúnta
Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, An Dún
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Aontroim
Cultúrlann Uí Chianáin, Doire
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Aontroim
Cumann Óige Uachtar Chluanaí, Aontroim
Cumann na bhFiann, Náisiúnta
Duchas an Daingean, Ciarraí
Dún Garbhán le Gaeilge, Baile Átha Cliath
Fís an Phobail, Aontroim
Fóram na nÓg, Aontroim
Gaeil na nGlinntí, Aontroim
Gaeil Ruairí Óg, Aontroim
Gaelphobal Ard Mhacha Theas, Ard Mhacha
Glór Mhachaire Fíolta, Doire
Glór na Maoile, Aontroim
Glór na Móna, Aontroim
Glór na nGael, Náisiúnta
Glór na Spéiríní, Doire
Glór Uachtar Tíre, An Dún
Ionad na fuiseoige, Aontroim
Ionad Uibh Eachach, Aontroim
Líonra Leitir Ceanainn, Dún na nGall
Meitheal Pleanála an Iarthuaiscirt, Dún na nGall
Muineachán le Gaeilge, Muineachán
Oireachtas na Gaeilge, Náisiúnta
Tobar Dhuibhne, Ciarraí
Turas, An Dún
