Skip to main content

"Teip iomlán ar na Rialtais Thuaidh Theas eagras Stáit trasteorann don Ghaeilge a mhaoiniú mar is cuí agus todhchaí Fhoras na Gaeilge anois i mbaol" - Conradh na Gaeilge

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na Rialtais gníomhú láithreach bonn leis na ciorruithe forleathana ar luach €817,845 fógartha ag Foras na Gaeilge inniu a réiteach agus na fadhbanna structúrtha maoinithe, atá aitheanta le fada an lá, a leigheas faoi dheireadh

 

Tá cáineadh géar déanta ag Conradh na Gaeilge ar chinneadh chun ciorruithe forleathana a chur i bhfeidhm ar mhaoiniú do phobal na Gaeilge, ar bhúiséid, ar scéimeanna agus ar thionscadail Ghaeilge ar fud na hÉireann, lena n-áirítear 3 mhór-scéim dá gcuid, mar atá an Scéim Fhorbartha Líonra Gaeilge, a mhaoiníonn 28 grúpa Gaeilge áitiúil ar fud na tíre, na meáin Ghaeilge, agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge. Tógadh an cinneadh ag Cruinniú Boird Fhoras na Gaeilge inniu (Aoine 31 Eanáir).

 

Tágann na ciorruithe i bhfeidhm tráth a bhfuil na meáin Ghaeilge ag tuairisciú go bhfuil ag teip ar iarrachtaí an socrú maoinithe thuaidh theas a athrú chun airgead breise a mhealladh i dtreo an eagrais thras-teorann, faoi mar a leagadh amach i meamram eolais de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (13 Meán Fómhair 2024).

 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

 

“Tá idir díomhá ollmhór agus fhearg ar Chonradh na Gaeilge inniu agus muid ag foghlaim faoi na ciorruithe maoinithe fógartha inniu ar phobal na Gaeilge. Tá na ciorruithe seo ag teacht tráth a bhfuil géarchéim mhaoinithe cheana féin san earnáil, géarchéim a ardaíonn tuilleadh ceisteanna faoi Fhoras na Gaeilge a bheith ábalta maoiniú éifeachtach a chur ar fáil do riachtanais phobal na Gaeilge mura chuireann an dá Rialtas an maoiniú cuí ar fáil láithreach bonn.

 

Thuig muid go raibh socrú ar an bhealach chun an socrú maoinithe thuaidh theas a athrú, ach tuigtear dúinn go bhfuil bac polaitiúil ar na hiarrachtaí sin. Táimid ag éileamh ar an dá Rialtas gníomhú anois. Is leo an cruachás seo agus is iad an dá Rialtas gur féidir seo a réiteach.

 

Tá go leor grúpaí Gaeilge ar fud na tíre thar a bheith buartha inniu. Ní raibh go leor airgid ag na grúpaí áitiúla tuarastal, billí agus cíos s’acu a íoc roimhe seo, anois is gá dóibh dul agus ciorruithe breise a chur i bhfeidhm. Déanfaidh Conradh na Gaeilge gach uile iarracht an cás seo agus maoiniú cothrom don earnáil trí chéile a throid mar ábhar práinne.

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

 

“Nuair a bhí muid ag bualadh le polaiteoirí roimh an Olltoghchán ó dheas anuraidh bhí muid ag déanamh an cháis go bhfuil leibhéal maoinithe Fhoras na Gaeilge níos ísle anois ná mar a bhí tráth ar bunaíodh an t-eagras tras-teorann an chéad uair, 25 bliain ó shin. Chuaigh muid timpeall na tíre anuraidh agus phléigh muid an córas maoinithe thuaidh theas faoina mhaoinítear Foras na Gaeilge, agus bhí tuairim choitianta ann i measc phobal na Gaeilge go bhfuil an córas maoinithe sin ón dá Rialtas iomlán briste, rud a chraplaíonn cumas Fhoras na Gaeilge maoiniú éifeachtach a chur ar fáil do phobal teanga atá faoi bhláth.”

 

“Anois, tá an scéal níos measa. Tráth a bhfuil muid ar lorg arduithe móra ar bhúiséad Fhoras na Gaeilge, fógraítear ciorruithe trom-chúiseacha a dhéanfas dámaiste mhór do phobal na Gaeilge agus atá ag teacht salach ar choimitmintí thuaidh theas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt. Anuas air sin, tá soiléiriú ag teastáil ar cén fáth nach raibh a fhios againn faoin ‘bearna €817,945’ go dtí anois agus céard leis a bhaineann an bearna seo. Beimid ag lorg soiléiriú air seo.”

 

“Is léir go mór dúinne anois go bhfuil Foras na Gaeilge briste mar struchtúr éifeachtach maoinithe chun maoiniú a mhealladh ón dá stát faoi na cúinsí reatha, córas atá ag fágáil níos lú maoinithe agus ciorruithe i bhfeidhm ar ghrúpaí ar an talamh. Muna réitíonn aon mholadh nua na ceatadáin mhaoinithe thuaidh theas, nó muna féidir le ceann amháin den dá stát maoiniú breise a chur ar fáil do bhunbhuiséad an Fhorais gan a chomhionann ón dlinse eile, beidh muid ar ais sa chruachás seo, nó níos measa, arís agus arís eile.”

 

“Tá ceisteanna tromchúiseacha ann don dá Rialtas, todhchaí Fhoras na Gaeilge san áireamh, mura réitítear an struchtúr maoinithe thuaidh theas agus maoiniú na hearnála Gaeilge trí chéile láithreach bonn.”

 

EOLAS BREISE:

 

Bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998. In 2003, fuair Foras na Gaeilge €17.2m mar bhúiséad. In 2022, fuair Foras na Gaeilge €16.3m, titim de 5.2% thar 20 bliain. 

 

Beidh ciorruithe ar luach €817,945 á ndéanamh ag Foras na Gaeilge i mbliana ar chuid mhaith scéimeanna maoinithe a bheidh á reáchtáil le sábháiltí a chur i bhfeidhm i mbliana lena n-áirítear; Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon, Scéim na gCompántas Drámaíochta, Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, Scoláireachtaí do mhic léinn ollscoile, Scéim na gCeanneagraíochtaí agus Scéim na Meán, i measc scéimeanna agus tionscadail de chuid Fhoras na Gaeilge féin.

 

Tá plean infhéistíochta aontaithe ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta don mhéid mhaoinithe atá de dhíth chun riachtanais an phobail a chur i bhfeidhm. Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.