25,000+ dalta ó 260 scoil ag glacadh páirte in #Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge Dé Máirt, 12 Samhain
Amárach, 12 Samhain, stiúrfaidh Conradh na Gaeilge an dúshlán spreagúil seo le 25,000 dalta ó 250 scoil i 32 contae, ag tabhairt dúshlán dóibh Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair san fheachtas #Gaeilge24. Tá sé mar aidhm ag an ócáid daoine óga a thumadh sa Ghaeilge, iad a spreagadh chun an teanga a úsáid i ngach gné dá saol ar feadh lá iomlán.
Spreagtar scoláirí a ghlacann páirt sa dúshlán an Ghaeilge a labhairt ar scoil, sa bhaile, sna siopaí, le gnólachtaí áitiúla, le cairde, agus fiú ag clubanna spóirt. Tugann an taithí thumoideachais seo an Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga agus isteach sa saol laethúil, ag cothú muiníne agus díograise in úsáid na teanga san fhíorshaol.
Ag labhairt faoin lá, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Músclaítear meon dearfach i ndaoine óga i leith na teanga ar bhealach spraíúil agus ábhartha trí Ghaeilge24 a dhéanamh. Tugtar deis dóibh eispéireas dearfach a bheith acu agus an Ghaeilge a chur chun cinn ina saoil féin. Má tá muid dáirire faoin Ghaeilge a spreagadh i measc an aosa óig, caithfidh muid deiseanna labhartha laistigh agus lasmuigh de scoileanna a chrúthú go leanúnach..”
Beidh idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte i ndúshlán na bliana seo, agus beidh teastas ar fáil do gach dalta a ghlacann páirt ann.
Ag tagairt dá thaithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:
"Is í seo an dara bhliain déag den fheachtas uathúil seo i mbliana. Tá lúcháir orainn i gConradh na Gaeilge 25,000 dalta ó gach cearn den oileán a fheiceáil ag glacadh páirte. Tá na mílte pacáiste tacaíochta seolta againn chuig scoileanna ar fud na tíre, ag soláthar gach rud a theastaíonn uathu chun an Ghaeilge a chuimsiú don lá."
Dúirt Helen Bolton-Lee, múinteoir ag Méanscoil Foghlaim Le Chéile i nGuaire:
“Bímid ag tnúth go mór le Gaeilge24 gach bhliain i Gorey ETSS. Is lá lán le spraoi é inár scoil agus baineann na daltaí agus na múinteoirí an-sult as páirt a ghlacadh agus Gaeilge a scapadh timpeall na scoile. Tá an imeacht bliantúil seo an-tábhachtach dúinn inár bhféilire.”
Bíonn deis ag pobal na Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar na meáin shóisialta.
TEAGMHÁIL:
Kate Ní Dhúbhlaoich,
Feidhmeannach Cumarsáide
+353 87 389 8255 |
Aodhán Ó Deá
Bainisteoir Gaeilge24
+353 86 3102691 |
Meáin Shóisialta: X - @Gaeilge24 / Instagram - @gaeilge24 / #Gaeilge24