Skip to main content

Ambasadóir na hÉireann go Ceanada, John Concannon, chun Feachtas #TrasnanadTonnta a Sheoladh go hOifigiúil Inniu

Ceiliúradh Domhanda na Gaeilge: Cainteoirí agus Foghlaimeoirí a Nascadh Ar fud an Domhain Trí #TrasnanadTonnta

Tá lúcháir ar Chonradh na Gaeilge agus ar Fhondúireacht Ollscoile Cheanada na hÉireann (ICUF) a fhógairt go seolfar feachtas #TrasnanadTonnta go hoifigiúil inniu. Seolfar an feachtas beo ar YouTube ag 16:30 am na hÉireann ó Ollscoil Ottawa, agus is í Clíodhna Ní Chorráin a bheidh mar bhean an tí. Is é Ambasadóir na hÉireann go Ceanada, John Concannon, a sheolfaidh an ócáid go hoifigiúil. Beidh an seoladh le feiceáil beo ar YouTube Seachtain na Gaeilge ag www.youtube.com/@snagaeilge

Is feachtas idirnáisiúnta ar líne é #TrasnanadTonnta a bhfuil sé mar aidhm aige Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí ar fud an domhain a nascadh trí na meáin shóisialta agus imeachtaí fíorúla. I mbliana tá dhá fheachtas móra Gaeilge—#TrasnanadTonnta agus Comhrá—ag teacht le chéile do cheiliúradh domhanda ar an nGaeilge ó 21 go 25 Deireadh Fómhair. Cuirfear fáilte roimh rannpháirtithe ar fud an domhain chun páirt a ghlacadh, cibé acu trí phostáileacha a roinnt as Gaeilge ar na meáin, trí imeachtaí ar líne nó trí bheith páirteach sa chomhrá leanúnach le Gaeilgeoirí eile. 

Tá “Scéalaíocht” mar théama ar fheachtas na bliana seo, ag spreagadh rannpháirtithe chun a gcuid scéalta pearsanta, cuimhní cinn, agus machnaimh a roinnt trí mheán na Gaeilge, is cuma cén leibhéal líofachta atá acu. Cruthaítear spás fáiltiúil do gach duine, idir chainteoirí líofa agus iad siúd atá díreach tosaithe ag foghlaim na Gaeilge.

Léirigh Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, a ríméad faoin bhfeachtas:

"Tá an-áthas orm #TrasnanadTonnta 2024 a sheoladh go hoifigiúil, ceiliúradh ar an nGaeilge a nascann cainteoirí agus foghlaimeoirí ó gach cearn den domhan. Léiríonn téama na bliana seo, ‘Scéalaíocht,’ ár dtraidisiún saibhir scéalta a roinnt agus a chaomhnú trí mheán na Gaeilge. Cibé an bhfuil tú líofa nó ag tosú, molaim do gach duine páirt a ghlacadh, úsáid cúpla focail, agus a scéal a roinnt.”

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Le Comhrá agus #TrasnanadTonnta ag teacht le chéile i mbliana tugann sé deis do chraobhacha agus baill Conradh na Gaeilge ar fud an domhain a scéal faoin nGaeilge a insint. Molaim go mór na grúpaí fud fad an oileáin agus an domhain a bhíonn ag plé le cur chun cinn na Gaeilge gach aon lá. Tá súil agam go mbeidh deis acu ar fad páirt a ghlacadh in #TrasnanadTonnta i mbliana."

 

Dúirt James Kelly Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, ICUF:

“ Tá ICUF an-sásta a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge don fheachtas #TrasnanadTonnta i mbliana. Beidh an feachtas ar líne leis an nGaeilge a cheiliúradh in Éirinn agus ar fud an domhain. Is féidir le daoine le pé Gaeilge atá acu páirt a ghlacadh agus tá súil againn go mbeidh go leor daoine ag úsáid a gcuid Gaeilge ag insint a scéalta le linn #TrasnanadTonnta.”

Beidh réimse leathan imeachtaí, comórtais agus deiseanna ann chun ceangal a dhéanamh le Gaeilgeoirí eile. Cibé an bhfuil tú ag glacadh páirte sa chomhrá ar líne, ag roinnt postálacha ar na meáin shóisialta, nó ag glacadh páirte in imeachtaí fíorúla, spreagann #TrasnanadTonnta gach duine chun an Ghaeilge a cheiliúradh.

 

Maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 TEAGMHÁIL:

Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Feachtais Feasachta 

+353857759639 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

6 Sráid Fhearchair, BÁC2

 

Kate Ní Dhúbhlaoich,Feidhmeannach Cumarsáide

+353 87 389 8255 |Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

6 Sráid Fhearchair, BÁC2

 

AR LÍNE: X @cnag  / Instagram @cnagaeilge / #TrasnanadTonnta

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.