Cuireann Bricfeasta Is Leor Beirt Na Polaiteoirí Ag Caint i nGaeilge

Amárach an chéad deis atá á tairiscint do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí lena gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh le cabhair Chonradh na Gaeilge an fómhar seo, áit go mbeidh bricfeasta Gaeilge á reáchtáil do pholaiteoirí agus go mbeidh an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt á sheoladh as an nua i dTeach Laighean Déardaoin, 29 Meán Fómhair 2011, ag 9.30rn.

Agus tús curtha le seisiún nua na Dála agus an tSeanaid níos luaithe an mhí seo, is é an bricfeasta Gaeilge seo an chéad imeacht atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge i dTeach Laighean leis na polaiteoirí a chur ag labhairt na teanga i suíomh sóisialta, neamhfhoirmeálta.

Arsa Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha Chonradh na Gaeilge agus comheagraí na scéime Is Leor Beirt: "Tá súil ag Conradh na Gaeilge go gcabhróidh an ciorcal comhrá i dTeach Laighean le polaiteoirí na hÉireann muinín a chothú ina gcuid cumas labhartha féin, agus go mbeidh sé de mhuinín acu chéad teanga an Stáit a úsáid os comhair na Dála nó an tSeanaid níos minice mar thoradh air seo.

"Tá sé i bhfad níos fusa aon eagla atá ag daoine roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta mar seo agus sa bhreis ar an mbricfeasta Gaeilge an tseachtain seo, is iomaí bealaí eile atá Conradh na Gaeilge ag tacú le foghlaim, feabhsú agus úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais."

Tá fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí líofa Gaeilge araon chuig an mbricfeasta arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, agus beidh eolas á scaipeadh ar na polaiteoirí faoi ranganna Gaeilge i dTeach Laighean mar aon le liosta d'oibrithe deonacha atá sásta seisiúin chainte phearsanta a shocrú le polaiteoir ar bith gur spéis leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh gan rang rialta a dhéanamh.

Chomh maith leis an mbricfeasta maidine i dTeach Laighean, tá ciorcail chomhrá istoíche agus imeachtaí Gaeilge um thráthnóna á gcur leis an gclár mar chuid de na forbairtí Is Leor Beirt atá á seoladh as an nua.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta an Chonartha agus comheagraí na scéime Is Leor Beirt i nGaillimh: "Eascraíonn Is Leor Beirt as an smaoineamh simplí nach bhfuil ach beirt Ghaeilgeoir ag teastáil chun ciorcal comhrá a bhunú, trí bhualadh i gcaife áitiúil nó sa bhialann oibre chun Gaeilge a labhairt le chéile uair in aghaidh na seachtaine mar shampla, agus tá an scéim imithe ó neart go neart ó seoladh é i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre ag Oireachtas na Samhna 2009."

Más spéis leatsa ciorcal comhrá Is Leor Beirt a bhunú, nó ceann atá á rith cheana féin a chlárú le Conradh na Gaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ard-Oifig ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401.

TUILLEADH EOLAIS:

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
091 567824 / 087 4188050

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Thionscain Conradh na Gaeilge an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre i mí na Samhna 2009. Bunaithe ar an smaoineamh simplí nach bhfuil ach beirt Ghaeilgeoir ag teastáil chun ciorcal comhrá a bhunú agus chun gréasán Gaeilge áitiúil a chothú, tugann Is Leor Beirt deis labhartha Gaeilge rialta don ghnáthphobal agus cinntíonn go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Mar fhreagra ar an iliomad iarratas ó pholaiteoirí éagsúla le ciorcal comhrá Gaeilge a chur ar bun i dTeach Laighean, cuireadh tús le Is Leor Beirt @ Teach Laighean i mí an Mhárta 2010 chun deis a thabhairt do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí lena gcuid Gaeilge a chleachtadh i suíomh sóisialta, neamhfhoirmeálta, tuairim 's uair sa mhí agus ag amanna a oireann dá sceideal gnóthach. www.cnag.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh agus in áiteanna eile ar fud na tíre bliana chomh maith. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge