Skip to main content

COMEX: Moltaí láidre ag Coiste na Saineolaithe go ndéanfaí ‘gníomh diongbháilte’ chun Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach, Coimsinéir Gaeilge a cheapadh agus soláthar tacaíochta Gaeloideachais a fhorbairt

Sa 6ú Tuarascáil Mhonatóireachta ó daingníodh an Cháirt Eorpach don Ghaeilge ó thuaidh tá cáineadh láidir déanta ag Comhairle na hEorpa ar an easpa dul chun cinn maidir leis na mórcheisteanna Gaeilge

 

Tá an 6ú Tuarascáil Mhonatóireachta foilsithe ag Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa inniu maidir le comhlíonadh na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha mar a bhaineann le dualgais Rialtas na Breataine i leithe na Gaeilge ó thuaidh. Dhaingnigh Rialtas na Breataine Codanna II agus III den Chairt don Ghaeilge in 2001 mar thoradh ar choimitmintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta chun “gníomh dionghbháilte a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn”. 

 

Ina 5ú Tuarascáil Mhonatóireachta a foilsíodh i mí Iúil 2020, 6 mhí ó cuireadh an Feidhmeannas ar bun arís faoin chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua, a raibh reachtaíocht don Ghaeilge mar chroí-chuid de, chinn Coiste na Saineolaithe go raibh an dualgas maidir le ‘gníomh diongbháilte’ fós ‘neamh-chomhlíonta’. Inniu, mar chuid lárnach den 6ú Tuarascáil, tá Coiste na Saineolaithe fós den tuairim go bhfuil an choimitmint lárnach sin ‘neamh-chomhlíonta’.

I measc na mór-mholtaí atá déanta sa 6ú Tuarascáil inniu a luaitear mar ‘mholtaí a bhfuil gníomh práinneach le déanamh ina leith’, éilítear:

 

  1. Go dtabharfaí isteach Straitéis don Ghaeilge agus go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil chun gur féidir é a mhaoiniú;
  2. Go gcuirfí i bhfeidhm ina iomláine an tAcht Féiniúlachta agus Teanga 2022 gan a thuilleadh moille;
  3. Go bhforbrófaí agus go gcuirfí i bhfeidhm straitéis maidir le hearcú múinteoirí i gcomhar leis an phobal, go háirithe maidir le soláthar múinteoirí do phaistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu laistigh d’earnáil na Gaelscolaíochta.

 

San iomlán tá 12 moladh déanta ag an Choiste maidir leis an Ghaeilge. Mar chuid den liosta sin tá moladh ann go gcuirfear deireadh le polasaithe sráidainmneacha a bhfuil tairseacha sriantacha ag baint leo; moladh go gcuirfear plean maidir le forbairt fhád-téarmach an Ghaeloideachais le chéile agus moltaí maidir le forbairt na meán Gaeilge, soláthar Gaeilge an BBC san áireamh, i measc go leor eile.

 

Mar chuid dá gcuairt mhonatóireachta, bhuail Conradh na Gaeilge agus an Coiste um Riar an Chirt (CAJ), mar aon le réimse leathan eile d’eagraíochtaí pobail agus Gaeilge, le Coiste na Saineolaithe i mí na Feabhra.

 

 

 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideacha, Conradh na Gaeilge:

 

“Tagann an Tuarascáil seo le gach Tuarascáil eile atá foilsithe ag Saineolaithe Chomhairle na hEorpa agus teip Rialtas na Breataine agus an Fheidhmeannais croí-cheisteanna Gaeilge a fhorbairt. Is cáineadh iomlán é sin mar gheall ar an teip leanúnach forálacha na Cairte a chur i bhfeidhm. Tá 3 phríomhmholadh an Choiste ag teacht go láidir le mór-éilimh phobal na Gaeilge le fada an lá, coimitmintí a rinneadh nár cuireadh i bhfeidhm riamh. Tá an Straitéis Ghaeilge, a cuireadh sa dlí in 2006, fós ina luí ag fanacht leis an Aire é a thabhairt do bórd an Fheidhmeannas, rud nach bhfuil ar na bacáin aon am go luath, de réir dealraimh. Ag an am céanna tá ionadaithe pobail gafa le próiseas deartha a thosaigh in 2020 agus nach bhfuil aon cheann scríbe leis go fóill. Tá an baol ann, má leanann an mhoilleadóireacht sin ar aghaidh, go mbeidh cúis ann an 3ú cás cúirte ar an cheist seo ó 2017 a thógáil. Ansin tá an Coimisinéir Gaeilge, an príomh-chuid den Acht Gaeilge nua, a gealladh ó 2020. Ní amháin nár ceapadh Coimisinéir fós, níl na fógraí poist fiú aontaithe nó foilsithe. Ansin tá moltaí láidre anseo maidir le soláthar tacaíochta, muinteoirí agus acmhainniú sainriachtanais oideachais do Ghaelscoileanna, éillimh ríthábhachtacha agus easnaimh shuaracha a léiríonn teip na Roinne Oideachais an dualgas reachtúil atá orthu a chur i bhfeidhm maidir leis an Ghaeloideachas.”

 

"Agus mar bharr ar an donas, chinn an Feidhmeannas nach riabh aon áit sa dréacht-Chlár Rialtais d’aon cheann de na dualgais seo maidir leis an Ghaeilge, easnaimh a dhéanann ceap magaidh den mhór-dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas. Idir seo agus moltaí dáiríre an Choiste inniu, is léir go bhfuil Coimisinéir Gaeilge agus Straitéis rialtais don teanga de dhíth go práinneach anois.”

 

Dúirt Daniel Holder, Stiúrthóir, Coiste um Riar an Chirt:

 

“Chuir muid fáilte roimh an deis fianaise a thabhairt don Choiste agus iad ar cuairt measúnaithe agus is luachmhar dúinn á dtuairimí agus a dtuarascáil. Is dualgas idirnáisiúnta é bheith ag comhlíonadh na Cairte seo. Is léir go bhfuil reimse dualgas nach bhfuil á gcomhlíonadh. Cuireann muid san áireamh sa liosta sin na buairimh atá arduithe ag an Choiste maidir le comharthaíocht dhátheangacha, go háirithe mar a bhaineann le logainmneacha Gaeilge, agus sa bhreis air sin aithníonn muid an ghéarghá r le cosaintí i gcoinne an leithcheala mar gheall ar labhairt na Gaeilge. Anois tá sé faoi na hAirí na gníomhartha seo uilig a thabhairt chun cinn.”

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Tá cóip den 6ú Tuarascáil (Meán Fómhair 2024) ar fáil anseo: https://rm.coe.int/united-kingdomecrml6-en/1680b1a73f

Is féidir teacht ar an 5ú Tuarascáil  (Iúil 2020) anseo :https://search.coe.int/cm?i=0900001680948544 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.