Skip to main content

Ollchruinniú na gCumann Gaelach 2011

Beidh an deireadh seachtaine traenála is mó do Chumainn Ghaelacha agus d'Oifigigh Ghaeilge na n-institiúidí tríú leibhéil sa tír á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i bpáirt le Comhluadar agus Seachtain na Gaeilge, don chúigiú bliain as a chéile, ón 14 - 15 Deireadh Fómhair 2011.

Arsa Aodhán Ó Deá, Comhairleoir na Mac Léinn agus eagraí na traenála: "Bíonn an-tóir ar áiteanna ar an seisiún traenála, ó is deis iontach í do bhaill choistí na gCumann Gaelach agus d'Oifigigh Gaeilge ó cheithre hairde na tíre teacht le chéile leis an teanga a chur chun cinn. Ní hamháin go mbíonn traenáil den chéad scoth á chur ar fáil ó dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge le blianta beaga anuas, ach is seans do rannpháirtithe é an deireadh seachtaine aithne a chur ar mhic léinn ó na coláistí eile agus iad féin a chumasú leis an teanga a chur chun cinn sna hinstitiúidí tríú leibhéil fud fad na tíre i bpáirt lena chéile."

Fáilteofar roimh ionadaithe ó Chumainn Ghaelacha na n-institiúidí éagsúla ag seisiún eolais agus aithne i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2, ag 6.00in tráthnóna Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2011, áit go mbeidh deis ag na mic léinn bualadh leis na rannpháirtithe eile chun smaointe agus spreagadh a thabhairt dá chéile, sula labhróidh aoichainteoir speisialta leo ar ról na Gaeilge mar theanga do mhuintir uile na hÉireann. Beidh deis ag na mic léinn páirt a ghlacadh i gceardlann Raidió Rí-Rá mar chuid de chruinniú cinn bliana an chairtstáisiúin Ghaeilge ag 7.30in ar an oíche chéanna, roimh aghaidh a thabhairt ar Chlub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair d'oíche shiamsaíochta le DJ Raidió Rí-Rá, sólaistí, ceol agus craic trí Ghaeilge.

Pléifear gach gné de shaol na Gaeilge san ollscoil mar chuid de cheardlanna cumasaithe a bheidh á ndéanamh ag na mic léinn i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, maidin Shathairn, 15 Deireadh Fómhair 2011, ó 11.00rn - 1.00in, lena n-áirítear pleanáil imeachtaí an Chumainn, tiomsú airgid, seirbhísí Gaeilge agus cearta teanga ar an gcampas agus san Aontas Eorpach araon. Reáchtálfar seisiúin eolais sciobtha do na rannpháirtithe i ndiaidh lóin ó 2.00 - 3.30in Dé Sathairn freisin, áit go gcuirfidh aoichainteoirí le taithí ar an talamh comhairle ar na mic léinn maidir le haistriú teanga, Seachtain na Gaeilge a eagrú sa choláiste, páirt a ghlacadh i gcomórtas Ghlór na nGael don tríú leibhéil agus conas éirí gafa le feachtais náisiúnta Chonradh na Gaeilge. Cuirfear críoch leis an traenáil le seisiún aiseolais agus plé ginearálta ar phleananna don bhliain chun an Ghaeilge a neartú agus a spreagadh sna coláistí.

"Tháinig 80 mac léinn ó bhreis agus 20 coláiste, ollscoil agus institiúid teicneolaíochta le chéile don deireadh seachtaine traenála anuraidh," arsa Ó Deá, "agus ba léir go raibh an-fhiúntas ag baint leis ón oiread comhoibre a bhí ar siúl idir na Cumainn Ghaelacha i gcaitheamh na bliana. Tá súil againn cur leis an dea-obair sin ag traenáil 2011 agus tuilleadh ócáidí ar nós Oíche na Mac Léinn ag an Oireachtas a eagrú amach anseo."

Cuirfear lón ar fáil in aisce do rannpháirtithe agus tá líon áirithe lóistín á chur ar fáil do na mic léinn ag teacht ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ach is gá áit a chur in áirithint don traenáil roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hAodhán Ó Deá ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. faoin gCéadaoin, 12 Deireadh Fómhair 2011.

TUILLEADH EOLAIS:

Aodhán Ó Deá
Comhairleoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)86 3102691

Peadar de Blúit
Oifigeach Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn
+353 (0)85 1443832 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Is é Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an t-aon chomhlacht ionadaíoch náisiúnta do mhic léinn in Éirinn. Bunaithe i 1959, déanann AMLÉ ionadaíocht thar cheann níos mó ná 250,000 mac léinn ó bhreis agus 40 coláiste ar fud na hÉireann sa lá atá inniu ann. www.usi.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha trí mheán na Gaeilge. Tá sé le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin Nokia, tríd an bhfeidhmchlár iPhone ar fáil ó www.rrr.ie/iphone/ agus beo ar FM le linn mhí an Mhárta. Is féidir cluas a chur leis na cnaga ar fad, teacht ar an bpopnuacht agus an spórt is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláir le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.