Skip to main content

Lá Eolais do Chomhaltaí an Tionóil

Tá Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Comhaltas Uladh ag dul i gcomhairle le Comhaltaí an Tionóil chun iad a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an gcéad lá eolais ó thuaidh in Óstán Stormont, Béal Feirste BT4 3LP, ó 8.00rn - 6.00in Dé Máirt, 25 Deireadh Fómhair 2011.

Tá Guth na Gaeltachta, Comhaltas Uladh agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do Chomhaltaí an Tionóil teacht le teangacha sa chóras oideachais ag leibhéal GCSE; an soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge; agus straitéis i leith na Gaeilge sna Sé Chontae a phlé le hionadaithe ón trí eagras agus eile, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na toghcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin leis.

Tá an lá eolais ina dheis ríthábhachtach d'ionadaithe polaitíochta chun dul i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge i dtaca le beartais agus cinntí a imríonn tionchar ar an bpobal céanna, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Seo deis do Chomhaltaí dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge, Chomhaltas Uladh, Ghuth na Gaeltachta agus eile óna dtoghcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga, go háirithe i dtaca le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais sna Sé Chontae."

Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta tús le seisiúin chomhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó dheas chun iad a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta don chéad uair ar an 01 Nollaig 2009, áit gur labhair breis agus 80 TD agus Seanadóir le hionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht. Sna sála ar a mhacasamhail de sheisiúin chomhairliúcháin a reáchtáil do pholaiteoirí an deiscirt arís i 2010 agus níos luaithe i mbliana, tá Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag reáchtáil lá eolais do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh i dTuaisceart Éireann don chéad uair ar an 25 Deireadh Fómhair 2011.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge: "Beidh ionadaithe ó gach aoisghrúpa, ón Ghaeltacht agus ón Ghalltacht, agus go deimhin ó thoghcheantair fud fad na Sé Chontae ag freastal ar an lá eolais i Stormont, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh i gcomhar le Guth na Gaeltachta. Creideann muid ar fad gur am cinniúnach é seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ó thuaidh agus ó dheas, agus dá réir tá sé ríthábhachtach dúinn Comhaltaí ó na páirtithe ar fad sa Tionól a choimeád ar an eolas maidir le cúrsaí teanga i dTuaisceart Éireann."

Déan teagmháil le Síne Nic an Ailí ag +353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. más spéis leat freastal ar an lá eolais le labhairt le hionadaithe ó do thoghcheantar féin i dtaca le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

TUILLEADH EOLAIS:

Niall Comer
Uachtarán, Comhaltas Uladh
+44 (0)78 15319573

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 6387468

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Tá Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Comhaltas Uladh ag moladh gur cheart:

  1. teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla);

  2. go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin; agus

  3. go mbeadh straitéis láidir chuimsitheach ann i leith na Gaeilge sna Sé Chontae agus go mbeadh an straitéis seo mar chéim eile i dtreo Acht na Gaeilge.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Comhaltas Uladh a thugtar ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gCo. Lú. Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud an limistéir sin. Is é príomhchuspóir an eagrais an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh. Eagraíonn Comhaltas Uladh craobhacha, feiseanna, comórtais i labhairt na Gaeilge i measc daltaí scoile. Cuidíonn sé le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae, agus déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin. Bíonn scoileanna samhraidh á reáchtáil i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt agus tugann Comhaltas deontas ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain. www.comhaltasuladh.com

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta tús le seisiúin chomhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta don chéad uair i mí na Nollag 2009. Labhair breis agus 80 TD agus Seanadóir le hionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht, agus cuireadh dlús leis an líon sin sna blianta a lean, áit gur reáchtáladh seisiún eile i mí Dheireadh Fómhair 2010 agus i mí an Mheithimh 2011. Seo an chéad uair do Chomhaltas Uladh, do Chonradh na Gaeilge agus do Ghuth na Gaeltachta lá eolais a reáchtáil do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh i dTuaisceart Éireann.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.