Saor-Chomhairle Dlí i nGaoth Dobhair

An bhfuil aon cheist agat faoi chúrsaí dlí? Mar shampla, an féidir leis an bhanc ús mo mhorgáiste a ardú? An bhfuil m'fhostóir ábalta scaoileadh liom gan iomarcaíocht a íoc liom? Céard iad na cearta atá ag tionónta nó ag tiarna talún? Cén dóigh ar féidir liom mo thiomna a dhéanamh amach?

Beidh An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí Ghaeilge i bpáirt le FLAC agus leis an abhcóide Eithne Ní Dhochartaigh ar fáil sa Chrannóg, Doirí Beag, Co. Dhún na nGall an Satharn seo, 12 Samhain 2011, idir 2.00 - 4.00in. Tá an tseirbhís seo ar fáil d'achan duine agus beidh sé ar fáil go míosúil ar an dara Satharn den mhí ó seo amach.

Arsa Eithne Ní Dhochartaigh, abhcóide cleachtach agus rúnaí Chraobh na gCeithre Cúirteanna: "Is cúis mhór áthais dom é go bhfuil An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta i bpáirt le FLAC á leathnú ag Conradh na Gaeilge go Gaeltacht Chúige Uladh leis an ionad úr seo sa Chrannóg gach mí, ag tosú an Satharn bheag seo.

"Táimid ag obair chun rochtain chomhionann dlí agus chirt a chur ar fáil d'achan duine, trí Ghaeilge agus gan chostas, is cuma má tá tú i gcoimhlint le fadhbanna teaghlaigh, creidmheasa agus dochar, cearta fostaíochta, nó díreach ag lorg eolais ar cheist dlí."

Tá An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus ag Craobh na gCeithre Cúirteanna i bpáirt le Guth na Gaeltachta agus FLAC. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag +353 (0)74 9532208 / Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air. agus is féidir coinne a dhéanamh roimh ré.

TUILLEADH EOLAIS:

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 6387468

Eithne Ní Dhochartaigh
Rúnaí, Craobh na gCeithre Cúirteanna
+353 (0)86 8380380 / +353 (0)1 8178302

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is eagraíocht chearta daonna neamhspleách é Free Legal Advice Centres (FLAC) atá tiomanta le teacht ar cheartas a chinntiú do gach duine. Chuige seo, déanann FLAC stocaireacht ar raon saincheisteanna dlí, go háirithe ar an dlí leasa shóisialaigh, dlí creidmheasa agus dochair, cúnamh dlíthiúil sibhialta, agus dlí leas an phobail / cearta daonna. Cuireann FLAC dlíodóirí gairmiúla ar fáil in aisce in ionaid éagsúla ar fud na tíre chun roinnt seirbhísí dlí bunúsacha a sholáthar do dhaoine nach mbeadh sé d'acmhainn acu teacht ar chomhairle dlí ar bhealach ar bith eile. Íosghlao: 1890 350 250 / +353 (0)1 8745690 / www.flac.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air.