Skip to main content

Croí na hAchta Teanga Le Baint Ag An Rialtas

D'fhógair an Rialtas inniu go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá an fógra seo ón Rialtas go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas. Baineann níos lú céille fós leis an gcinneadh ó tá an Rialtas céanna tar éis athbhreithniú poiblí a fhógairt 14 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud e go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?

"Ó ceapadh agus athcheapadh Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga le déanaí, ní foláir a luaigh go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ag an oifig s'aige i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcomhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá siad tar éis aon sárú den Acht a thuairisc an pobal dóibh a imscrúdú, agus tá siad tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas."

Arsa Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de chinnidh á ghlacadh agus muid ag cur tús le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais. Níl bun ná barr leis an chinneadh agus beidh an-amhras go deo ar phobal na Gaeilge go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi phleanáil go straitéiseach do phobal na teanga ar chor ar bith anois. Cén teachtaireacht atá seo ag tabhairt don Státchóras a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg a gcearta uaidh leis na cianta? 'Séard atá á rá nó nach bhfuil tábhacht leis an oifig neamhspleách seo agus de bhrí sin, nach bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí an Acht Teanga i bhfeidhm.

"Níl sábháil ar bith le déanamh. Ní chaillfidh duine ar bith a bpost. Le fírinne an scéil a insint, beidh costas breise ar an státchiste más amhlaidh go ndéanann siad iarracht an fhoireann reatha a bhogadh go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath. Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an cheist seo, mhol siad an Oifig a fhágáil mar atá. Tá roinnt ceisteanna le cur mar sin. Cé a rinne an moladh seo? Cén chosaint a rinneadh laistigh den Roinn féin ar Oifig an Choimisinéara nuair nach bhfuil aon loighic ó thaobh sábháilteachtaí airgid leis an chinneadh? Cén dearcadh atá ag an Rialtas seo agus ag an Státchóras ar chearta na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn?"

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste, atá spéis mhór acu beirt féin sa Ghaeilge agus i bpobal na teanga, an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga.

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 6387468

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.