Skip to main content

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh na moltaí maidir leis an Ghaeilge sa tuarascáil mhonatóireachta is déanaí ó Chomhairle na hEorpa

“Ba cheart moltaí maidir le dea-chleachtas a chur i bhfeidhm agus muid ag plé le cearta teanga”

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh na moltaí maidir leis an Ghaeilge sa tuarascáil mhonatóireachta is déanaí ó Chomhairle na hEorpa

Screenshot_2023-05-26_at_17.15.28.png

D’fhoilsigh Coiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa an tseachtain seo an 5ú Tuarascáil Mhonatóireachta maidir le cur i bhfeidhm an Chreat-Choinbhinsiúin um Chosaint na Mionlach Náisiúnta sa Ríocht Aontaithe. Baineann fóralacha de chuid an Chreat-Choinbhinsiúin le cearta Gaeilge ó thuaidh de réir mar a dhaingnigh Rialtas na Breataine é in 1998. I measc na mór-mholtaí a rinneadh i leith na Gaeilge, luaitear sa tuarascáil:

  • Dea-chleachtas maidir le comharthaíocht dhátheangach (Gaeilge & Béarla) bheith ceadaithe in áiteanna comhroinnte agus i spásanna poiblí;

  • Moltaí maidir le polasaithe oideachais le tacú le forbairt na Gaelscolaíocht, le tuilleadh múinteoirí a chur faoi oiliúint, agus tacaíocht do shain-riachtanais oideachais san earnáil;

  • Moladh gur gá an reachtaíocht nua teanga ó thuaidh a chur i bhfeidhm agus polasaithe láidre Gaeilge a thabhairt isteach, straitéis don Ghaeilge san áireamh;

  • Moladh go mbeidh reachtaíocht níos láidre de dhíth chun cearta teanga éifeachtacha a sholáthar, go háirithe chun freastal go cothrom ar réimsí an oideachais, na meán agus na comharthaíochta.

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Bhí Conradh na Gaeilge sásta bualadh leis an Choiste Chomhairleach anuraidh agus áischothú a thabhairt maidir leis na buairimh atá againn ó thaobh na Gaeilge de ó thuaidh. Rinne muid moltaí láidre maidir leis na bearnaí a fheiceann muid sa reachtaíocht nua, maidir leis an dá rialú atá faighte againn ón Ard-Chúirt maidir le teip an Fheidhmeannais straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, agus maidir le polasaithe teanga sna comhairlí áitiúla agus in earnáil an Oideachais. Tá muid sásta go leor dár moltaí a léamh sa Tuarascáil is déanaí seo agus tá muid ag súil go mbeidh na húdaráis chuí ag cur na moltaí seo san áireamh gan mhoill.”

 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhchóideachta le Conradh na Gaeilge:

 

Mar atá feicthe againn le breis agus 20 bliain anuas, bíodh sé Coiste na Saineolaithe a bhíonn ag tuairisciú ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, nó an Coiste Comhairleach maidir leis an Cheart-Conbhinsiún, tá cáineadh láidir déanta ag Comhairle na hEorpa ar Rialtas na Breataine, a shínigh na conarthaí idirnáisiúnta seo ar son na Gaeilge ó thuaidh, maidir le teip leanúnach na n-údarás uilig an Ghaeilge a chosaint mar mhion-teanga anseo. Tá réimse leathan moltaí déanta acu sa tuarascáil áirithe seo a thágann lenár gcuid anailíse féin ar láigí an Stáit an Ghaeilge a chosaint, agus de réir mar a bhogann muid chun cinn leis an reachtaíocht nua teanga anseo, tá sé iontach tábhachtach go mbíonn na polaiteoirí, Rialtas na Breataine agus na húdaráis an dea-chleachtas seo a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm agus ceisteanna teanga á bplé acu.”

 

Is féidir tuairisc iomlán an Choiste Chomhairligh ó Chomhairle na hEorpa a léamh anseo: https://rm.coe.int/5th-op-uk-en/1680ab55b4

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.