Skip to main content

Deireadh Spleorach le Rí-Rá ar na haerthonnta

Dátaí: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 27-28 Bealtaine

Baile Átha Cliath 105.2fm, Corcaigh 106.7fm, Luimneach 105.5fm, Gaillimh 87.7fm

Rí Rá ar FM 2

Tá Raidió Rí-Rá théis an-sult go deo a bhaint as tréimhse a chaitheamh beo ar raidió FM timpeall na tíre ó bhí Sheachtain na Gaeilge ann. Tá an cairtstáisiún don óige le cloisteáil fud fad na tíre, ar minicíochtaí FM i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, agus i nGaillimh gach deireadh seachtaine ó bhí lár mhí an Mhárta ann, agus beidh críoch ag tíocht leis an tréimhse triallach seo ag deireadh mhí Bealtaine. 

Faoi láthair, tá ceol na gcairteacha agus caint le craoltóirí Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo ar raidió FM le cloisteáil gach Satharn agus Domhnach i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm), maraon le gnáthbhealaigh éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android. 

Bhí an-rath ar an tréimhse seo ar FM go dtí seo - tá teachtaireachtaí faighte ó fud fad na tíre ó éisteoirí idir óg agus aosta; tháinig roinnt craoltóirí aitheanta ar cuairt ar an stiúideo; agus tá sceideal pacáilte go barra á chraoaldh chuile dheireadh seachtaine ó 9am ar an Satharn go 10pm oíche Dhomhnaigh. Go dtí seo bhí cláracha speisialta againn le Sinéad Ní Uallacháin (RTÉ, Beo ar Éigean, TG4), Rút Ní Theimhneáin (BLOC TG4 agus @dochailinrut ar TikTok agus Instagram), An Kerry Cowboy Séaghan Ó Súilleabháin (TikTok, TG4), Aindriú de Paor (RTÉ 2FM), Lucy Nic Aindrís (Na Gael Gals), agus Cian Ó Gríofa - nó Gaylgeoirí mar is fearr aithne air. 

Faraor, tá an tréimhse seo ag tíocht chun deiridh, ach tabharfar chun ceann scríbe í le deireadh seachtaine spleodrach eile a bheidh á chraoladh fud fad na tíre ón stiúideo ar Shráid Fhearchair ar an 27-28 Bealtaine - le comórtais, sceideal speisialta lán le haíonna agus aoiláithreoirí, neart ceoil agus craice. 

Rí Rá ar FM 4

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin:

“D’éirigh thar cionn leis an tréimhse seo ar FM go dtí seo. Tá éisteoirí agus craoltóirí maraon ag baint sult as an gceol agus craic ar an aer. Ba bhreá linn dá mbeadh an deis seo ann go leanunach, agus go mbeadh muid ag craoladh ar bhonn lánaimseartha ar FM timpeall na tíre i gcónaí. Tá éileamh ann, tá éisteoirí ann, agus tá an struchtúr i bhfeidhm cheana. 

Ba mhaith linn ár mbuíochas leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus le Coimisiún na Meán as cabhrú linn leis an deis fhorbartha seo agus an deis léiriú don saol mór go bhfuil an stáisiún réidh an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta.”

Deir Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil:

“Is iontach an deis í seo le bronnadh ar ár gcraoltóirí - tá taithí luachmhar á fáil ag chuile dhuine acu agus iad ag craoladh beo ar ardán náisiúnta. Tá an tréimhse seo théis ardú meanma a thabhairt dúinn ar fad, agus is iontach a chloisteáil go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ar éisteoirí fud fad na tíre chomh maith. An sprioc atá againn ná seirbhís don aos óg a sholáthair ar ardán náisiúnta FM go lánaimseartha 24/7, agus seo céim dhearfach i dtreo na sprice sin.”

Cloisfear Raidió Rí-Rá ar na minicíochtaí seo thíos, agus ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android, 9rn ar an Satharn - 10in ar an Domhnach 27-28 Bealtaine:

Baile Átha Cliath 105.2fm

Corcaigh 106.7fm

Luimneach 105.5fm

Gaillimh 87.7fm

Am

Dé Sathairn 27 Bealtaine

Dé Domhnaigh 28 Bealtaine

9am Scéalta le Sibéal Nóisin
10am Seal le Seán Espresso Ceoil
12pm Comhscór  
1pm An Meascán Lucy Nic Aindrís
2pm Rithim Rí-Rá Rithim Rí-Rá
4pm Aoi Speisialta: Hugh Carr & Conall Mac Dhonnagáin Gaelpop le Seán Ó Dubhchon
6pm Hit 30 na hÉireann le Louise Cantillon Hit 30 na hÉireann le Louise Cantillon
8pm Anna & Ellie Na Seansálaithe
9pm Ar an Aux Ceol na hOíche le DLT

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.