Skip to main content

Sprioc Chláraithe SnaG 2012 Seolta ag Eoghan Mac Diarmada!

Níl ach cúpla lá fágtha ag grúpaí chun a n-imeachtaí a chlárú don fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge, Seachtain na Gaeilge 2012, agus tá an réalta raidió agus teilifíse Eoghan Mac Diarmada ag spreagadh gach éinne le páirt a ghlacadh sa bhféile i mbliana!

Tá clú agus cáil in Éirinn agus thar lear ar Eoghan Mac Diarmada, pearsa Sheachtain na Gaeilge 2012, ó tá sé ina láithreoir teilifíse leis an gclár úr The Voice ar RTÉ agus ina DJ raidió ar XFM i Londain. Aisteoir agus córagrafaí is ea Mac Diarmada freisin, atá tar éis aisteoireacht i gcláir rathúla dá leithéid Seacht agus rince le roinnt de na ceoltóirí is mó ar domhan, Rihanna, Pussycat Dolls agus Chris Brown san áireamh.

Mar chainteoir líofa Gaeilge agus mar dhuine a d'ainmnigh MTV ar cheann de na láithreoirí is fearr sa bhliain 2008, roghnaíodh Mac Diarmada mar phearsa Sheachtain na Gaeilge i mbliana chun daoine ar fud na cruinne a spreagadh chun cainte i nGaeilge.

Beidh an fhéile Ghaeilge á reáchtáil ón 5 - 17 Márta 2012 agus tá Eoghan Mac Diarmada ag súil go spreagfar na céadta míle duine chun an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus thar lear arís. Is cuma an Éireannach ná Astrálach thú, is gá do gach éinne atá ag glacadh páirte sa bhféile ollmhór Ghaeilge seo a n-imeachtaí a chlárú le Seachtain na Gaeilge ar an suíomh ag www.snag.ie faoin Aoine, 3 Feabhra 2012, chun go n-áireofar iad i gclár oifigiúil na féile.

Tá beagán Gaeilge againn ar fad, fiú mura bhfuil ann ach cúpla focal, agus níl deis níos fearr ann ná le linn Sheachtain na Gaeilge 2012 chun leas a bhaint as teanga uathúil na hÉireann agus ceiliúradh ollmhór á dhéanamh ag an domhan ar an gcultúr Gaelach um Lá Fhéile Pádraig - tapaigh an deis chun cúpla focal a úsáid do SnaG na bliana seo!

Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúir a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú don fhéile gach bliain, agus tá go dtí Dé hAoine, 3 Feabhra 2012 ag grúpaí chun imeachtaí do Mhárta na bliana seo a chlárú in am do chlár oifigiúil na féile, a eiseofar san iris náisiúnta Sult roimh dheireadh Feabhra.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge: "Ní hamháin go mbeidh Rith 2012 - féile agus ollrith sealaíochta ar son na Gaeilge - ar cheann de phríomhimeachtaí is nuálaí agus is spraíúla de chuid Sheachtain na Gaeilge i mbliana, ach tá idir ranganna tonnmharcaíochta agus scóráil sciobtha as Gaeilge ar chlár na féile seo freisin!

"Bíonn na céadta imeacht Gaeilge á reáchtáil ag grúpaí áitiúla timpeall tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge gach bliain agus is féidir súil a choinneáil ar www.snag.ie, áit a mbeidh liosta imeachtaí na féile ag fás gach lá idir seo agus an spriocdháta cláraithe 3 Feabhra 2012."

I measc iar-phearsana Sheachtain na Gaeilge le blianta beaga anuas, áirítear Craig Doyle, láithreoir teilifíse; Bernard Dunne, dornálaí; Danny O'Reilly, amhránaí leis an mbanna The Coronas; agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin, iarchéimí dochtúireachta agus iar-Rós Thrá Lí.

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí,
Bainisteoir Gníomhach, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401

Jen Ní Mhathúna,
Oifigeach Riaracháin, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain, ag sciobadh tíortha eile linn ar an mbealach. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig agus beidh féile na bliana seo ar siúl ón 5 - 17 Márta 2012. www.snag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.