Skip to main content

Rí-Rá i gCathair na dTreabh

Stiúideo nua Raidió Rí-Rá i gcathair na Gaillimhe

Dáta Dialainne: Seoladh oifigiúil stiúideo nua Raidió Rí-Rá

Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh, H91 E1NY.

18.30 Dé Céadaoin 1 Feabhra 2023.

Tá ríméad ar Raidió Rí-Rá go mbeidh stiúideo nua á oscailt go hoifigiúil an tseachtain seo in Áras na nGael na Gaillimhe. Soláthróidh an spás nua taifeadta agus podchraolta deis do chraoltóirí óga agus nua a bheith ag craoaldh trí Ghaeilge ar Raidió Rí-Rá ó chroílár Chathair na dTreabh. Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, agus Spóirt maoiniú ar fáil leis an stiúideo a fhorbairt.

Barbara Nic Dhonnacha, láithreoir le Galway Bay FM, a bheidh ag seoladh an spáis nua, agus cuirfear fáilte roimh mhuintir na háite, mic léinn Ollscoil na Gaillimhe, agus éinne eile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí craoltóireachta a bheith i láthair ar an oíche. Cuirfear eolas ar fáil maidir le plean an stiúideo, cúrsaí traenála, agus cén chaoi a bheith páirteach san obair atá ar bun ag Raidió Rí-Rá timpeall na tíre.

Mar chuid den seoladh, beidh podchraoladh beo leis Na Seansálaithe, a chuirfidh fáilte roimh aíonna speisialta ar an ardán, agus cuirfear sóláistí ar fáil i ndiaidh na hócáide.

Cairtstáisiúin cheoil don aos óg is ea Raidió Rí-Rá a sholáthraíonn seirbhís phopcheoil Gaeilge ar líne ag rrr.ie. Tá sé mar aidhm ag Raidió Rí-Rá a bheith ag craoladh go náisiúnta ar FM amach anseo. Mar chuid den feachtas céanna, beidh Raidió Rí-Rá ag caitheamh seal ar FM mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2023. Beidh an stáisiún le cloisteáil beo ar raidió FM i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm), maraon le gnáthbhealaigh éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android. Le linn na tréimhse speisialta seo cloisfear cláracha beo leis Na GaelGals, Na Seansálaithe, agus le Pearsa Raidió na Bliana Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 Seán Ó Dubhchon, chomh maith le láithreoirí eile de chuid Raidió Rí-Rá, baill de Chumainn Ghaelaigh na n-ollscoileanna, agus aíonna speisialta eile.

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin:

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, agus Spóirt as cabhrú linn leis an deis fhorbartha seo agus an spás iontach nua seo againn, agus le hÚdarás Craolacháin Éireannas an deis léiriú don saol mór ar FM i rith Sheachtain na Gaeilge. Tá an stáisiún réidh an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta go lánaimseartha ar FM agus ardáin eile.”

Dúirt Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil:

“Is iontach a bheith in ann an deis a sholáthar do dhream óg nua a bheith páirteach i gcraoladh Raidió Rí-Rá tríd an spás seo a chur ar fáil dóibh. Tá súil againn go n-eascróidh neart deiseanna, ócáidí, podchraoltaí agus cláracha nua raidió as an spás seo atá á oscailt.”

Tá stiúideo nua Raidió Rí-Rá lonnaithe thuas staighre in Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le húsáid an stiúideo agus craoladh le Raidió Rí-Rá trí theagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Is féidir Raidió Rí-Rá a chloisteáil am ar bith ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android. Seo a leanas na minicíochtaí ar a mbeidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil 13-19 Márta:

?Baile Átha Cliath 105.2fm

?Corcaigh 106.7fm

?Luimneach 105.5fm

?Gaillimh 87.7fm

CRÍOCH

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.