Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Aire Norma Foley faoin athrú a moladh le Gaeilge, Páipéar 1 a bhogadh go deireadh an chúigiú bliain a chur siar

Le pleananna do Pháipéar 1 anois curtha siar, na moltaí do na sonraíochtaí T1/T2 don Ardteist le cur ar leataobh agus na drochthorthaí atá le foilsiú go luath i dtuarascáil faoi shonraíochtaí nua T1/T2 Gaeilge an Teastais Shóisearaigh - tá deis ag an Roinn Oideachais cur chuige nua a ghlacadh agus polasaí #Gaeilge4All a chur i bhfeidhm

Leis an eolas scaoilte ag an Roinn Oideachais inniu nach leanfar ar aghaidh le hathruithe a bhí beartaithe don Ardteist, níl am ar bith níos fearr le gníomhú ar an éileamh le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt mar atá molta ag feachtas #Gaeilge4All.  

Ag labhairt inniu, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Sealbhaítear scileanna teanga idir scríobh, léamh, labhairt agus éisteacht ar bhealach chomhtháite thar thréimhse dhá bhliain na sraithe sinsearaí. Ní raibh aon bhunús oideachasúil leis an gcinneadh Páipéar 1 a bhogadh go deireadh an chúigiú bliain, agus táimid sásta go bhfuil cinneadh déanta ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD inniu leis an leagan amach nua a chur siar. Táimid ag éileamh anois ar an Aire gníomhú le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, mar atá molta ag an bhfeachtas #Gaeilge4All agus tá tacaíocht ag an éileamh seo ó eagraíochtaí agus saineolaithe oideachais, múinteoirí, daltaí, agus eile.”

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Le pleananna do Pháipéar 1 anois curtha siar, na moltaí do na sonraíochtaí T1/T2 don Ardteist le cur ar leataobh agus na drochthorthaí atá le foilsiú i dtuarascáil go luath faoi sonraíochtaí nua T1/T2 Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ar fad san áireamh, tá deis iontach ag an Aire Oideachais cinneadh a dhéanamh le cur chuige nua a ghlacadh agus polasaí #Gaeilge4All a chur i bhfeidhm. Bheadh sé seo ag teacht le gealltanas Fhianna Fáil san olltoghchán i 2020 agus leis an tagairt don pholasaí seo sa Chlár Rialtais.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.