Skip to main content

Seachtain na Gaeilge le Energia 2023 ag tosú Inniu

Beidh an fhéile ar siúl ó 1-17 Márta in Éirinn agus ar fud an domhain

Is í Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan. Seoladh an fhéile sa phobal ar an Satharn i dTiobraid Árann, áit gur tháinig daoine le chéile do chraic, ceol agus siamsaíocht as Gaeilge. 

Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.

Is iad an láithreoir teilifíse Maura Derrane, an scríbhneoir Manchán Magan agus an cruthaitheoir Éadaoin Fitzmaurice atá mar ambasadóirí na bliana seo do #SnaG23. 

I measc na n-imeachtaí is mó a bheidh mar chuid den fhéile i mbliana, beidh Spraoi Cois Lao i mBéal Feirste ar an Satharn seo, 4 Márta; Lá na Teicneolaíochta leis na céadta daltaí scoile ar 9 Márta & Lá na gCiorcal Comhrá ar 15 Márta. 

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

"Bhíomar an-sásta Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh leis an bpobal san Aonach. Táimid an-bhuíoch do mhuintir an Aonaigh agus Craobh an Aonaigh de Chonradh na Gaeilge as ucht cuidiú linn an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan a sheoladh. Is iad na grúpaí pobail atá mar chroílár na féile agus ní bheadh ann don fhéile gan an obair iontach a chuireann siad isteach ó cheann ceann na bliana."

Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt:

“Tá go leor deiseanna ag an bpobal páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Dóibh siúd gur mhaith leo imeachtaí a eagrú, tá eolas ann dóibh ar snag.ie. Do dhaoine gur fearr leo freastal ar imeachtaí, tá breis eolais futhú ar fáil ar PEIG.ie/SnaG23. Molaim do gach éinne triail a bhaint as a gcuid Gaeilge le linn na féile agus na féidearthachtaí ar fad d’úsáid na teanga a aimsiú agus na deiseanna a thapú.” 

Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.