Skip to main content

Lá na Teicneolaíochta 2023 ag tosú inniu mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia

700 dalta ó 23 scoil le bheith páirteach sa cheiliúradh Gaeilge ar líne

Tá scoileanna ar fud an oileáin le bheith páirteach i Lá na Teicneolaíochta 2023 inniu, le ceardlanna raidió, físeáin, códála agus podchraoltaí ar siúl.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

"Tá lúchair orainn go bhfuil 23 scoil ó fud fad an oileáin páirteach inniu i Lá na Teicneolaíochta 2023 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tá luach as cuimse ag baint leis an teicneolaíocht sa lá atá inniu ann agus is iontach gur féidir linn taispeáint do na daltaí na féidearthachtaí a bhaineann leis an nGaeilge agus an teicneolaíocht a úsáid lena chéile."

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.

Ag labhairt faoin lá, dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt:

“In 2017 chuireamar tús le lá faoi leith a bheith againn le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia, leis an teicneolaíocht a cheiliúradh. Ó shin i leith, táimid imithe ó imeacht ina raibh cúpla scoil in ann freastal air go ceiliúradh leis na céadta dalta ar líne. Tá súil againn go spreagfaidh na ceardlanna daoine óga le teicneolaíocht a úsáid trí Ghaeilge.” 

Mar chuid den lá beidh ceardlanna idirghníomhacha á n-eagrú leis na scoileanna. Ina measc, beidh ceardlanna raidió, físe agus códála. Beidh daltaí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna, scoileanna ó thuaidh agus scoileanna ó dheas mar chuid de na céadta dalta a bheidh páirteach ar an lá. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.