Skip to main content

Rúin Rite, Plé Déanta gus Duaiseanna Bronnta mar chuid d'Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2023

Paula Melvin tofa in athuair mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don dara bliain as a chéile agus An Plean Fáis 2024-29 seolta agus pléite os comhair na hArd-Fheise i dTiobráid Árann

Thit mór-imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge amach thar dheireadh seachtaine ghnóthach agus bhríomhar ón 24-26 Feabhra 2023 ar an Aonach, Tiobráid Árann. Bhí breis agus 40 rún le plé maidin Shathairn a bhí curtha i láthair agus molta ag craobhacha agus ag baill den Chonradh. I measc na mór-rún a ritheadh, glacadh le:

  • Rún ar son cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, agus na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht;
  • Rún eile maidir le feidhmiú na reachtaíochta úire teanga thuaidh agus theas;
  • Rún maidir le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ó dheas agus Bille nua Gaelscolaíochta ó thuaidh;
  • Rún a bhaineann le deiseanna agus dúshláin don Ghaeilge i gcás ath-aontú na hÉireann;
  • …agus go leor, leor eile nach iad. (Tá tuilleadh eolais ar na rúin go léir ag bun an ráitis seo).

Mar chuid den Ard-Fheis, bíonn deis ag teachtaí vóta chaitheamh ar son Uachtarán an Chonartha agus ar son suíocháin (12) ar an Choiste Gnó. Ar maidin toghadh Paula Melvin in athuair ar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus toghadh Coiste Gnó úrnua a bheas ag feidhmiú go Feabhra 2024. 

Ag labhairt ar Shatharn na hArd Fheise, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Is onóir saoil dom a bheith tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Tá mé fíor-shásta go bhfuil teachtaí na hArd-Fheise ag cur a gcuid muiníne ionam an dara seal a dhéanamh i mbliana agus geallaim daofa go ndéanfaidh mé mo sheacht ndícheall, mar a rinne mé anuraidh, an ionadaíocht chuí a dhéanamh orthu, ar a gcuid tosaíochtaí agus ar na rúin go léir a aontaíodh ag an Ard-Fheis maidin inniu.”

“Tá muid i ndiaidh dul chun cinn dochreidte a dhéanamh le bliain anuas, idir rith na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh fríd Westminster, fheidhmiú ar an Acht nua teanga leasaithe ó dheas, agus obair leanúnach ar cheisteanna móra Gaeltachta, oideachais agus maoinithe. Tá bealach fada le dul againn go fóill chun cothrom na Féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ach tá muid réidh don troid agus réidh don obair. Guím gach ráth ar Chonradh na Gaeilge, ar ár gcuid craobhacha agus ball don chéad 12 mí atá amach romhainn. Le chéile is féidir linn difear mór a dhéanamh.”

Sa bhreis ar na rúin, bhí plé-phainéal thar a bheith suimiúil ann oíche Aoine, áit ar seoladh an leagan is déanaí den Plean Fáis: Plean Infhéistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029. Is plean caiteachais agus éilimh ar mhaoiniú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá sa Plean Fáis a leagann amach tosaíochtaí don chéad 6 bliana eile. Mar chuid den díospóireacht labhair Aengus Ó Snodaigh TD (Sinn Féin & Cathaoirleach ar  Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Iarthar Bhéal Feirste), an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fáil, Leas-Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge) agus Katie Halpin-Hill (Ionadaí don Ghaeilge le Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh). Is Máirín Ní Ghadhra, Raidió na Gaeltachta, a bhí mar Chathaoirleach ar an phlé.

I measc na mór-éileamh a luaitear sa Plean Fáis, tá:

  • Caiteachas an Rialtais ó dheas ar an Ghaeilge / Ghaeltacht a ardú ó 0.16% de chaiteachas an stáit in 2022 a ardú go 0.4% de chaiteachas an stáit faoi 2029. Is ionann seo agus €198m breise thar 6 bliana.
  • Caiteachas an Rialtais ó thuaidh ar an Ghaeilge a ardú ó 0.023% de chaiteachas an stáit in 2022 go 0.1% de chaiteachas an stáit faoi 2029. Is ionann seo agus £22m breise thar 6 bliana. 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

“Cé go bhfuil dul chun cinn déanta againn maidir le caiteachas an dá Rialtais ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2016 ann, tá leibheál maoinithe an Stáit i bhForas na Gaeilge agus in Údáras na Gaeltachta fós ag leibhéal níos ísle ná mar a bhí sé in 2008, tráth a bhfuil ardú beagnach 60% tagtha ar bhúisead don Chomhairle Ealaíon ó dheas sa tréimhse chéanna. Níl cothrom na Féinne ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní leor an méid atá déanta. Caithfidh muid mar phobal a bheith i bhfád níos glóraí, i bhfád níos dáiríre faoin fhás gur mhian linn a bhaint amach maidir le hinfhéistíocht an Stáit sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Leagann an Plean Fáis nua tosaíochtaí uaillmhianacha, ach riachtanacha amach, chun an fás cuí a fhíorú sa chéad 6 bliana eile. Táimid ag éileamh ar na polaiteoirí agus ar na rannaí Rialtais na tosaíochtaí atá curtha i láthair fríd an Phlean seo a chur san áireamh in aon phleanáil nó in aon phróiseas idirbheartaíochta caiteachais nó maoinithe san am atá le teacht.”

“Ar ndóigh, ní bheadh ann don gConradh gan na craobhacha, gan an baill agus gan an obair dhochreidte a dhéanann siad, go deonach, ó bhliain go bliain. Tá muid beo ar fad ar fhuinneamh, ar fhís agus ar thiomántas ár mball. Tugann an Ard-Fheis deis dúinne, mar sin, na baill sin, agus an obair cheannródaíoch a dhéanann siad, a aithint agus a chéiliúradh. I bliana bhí deis againn gníomhaithe na bliana a aithint i ngach Cúige, mar aon le haitheantas náisiúnta orthu siúd a d’imir tionchar mór ar chúrsaí teanga le linn na bliana. Gabhann muid buíochas lenár mball agus lenár gcraobhacha ar fad as ucht na hoibre don teanga atá bainte amach acu le bliain anuas.”

Chomh maith leis sin uilig seoladh Seachtain na Gaeilge le Energia san Aonach ag an deireadh seachtaine. Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile. Is iad an láithreoir teilifíse Maura Derrane, an scríbhneoir Manchán Magan agus an cruthaitheoir Éadaoin Fitzmaurice atá mar ambasadóirí na bliana seo do #SnaG23. 

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar oíche Shathairn 25 Feabhra ag 9.00i.n. Cé nach dtiocfadh le Rónán féin a bheith i láthair, tá gach duine i gConradh na Gaeilge ag smaoineamh air sa tréimhse atá romhainn. 

TEAGMHÁIL

Is feidir teacht ar ghailearaí na hArd-Fheise anseo.

Tá lán-chead na pictiúir seo a fhoilsiú ach iad a lua le: Pádraig Ó Flannabhra | Conradh na Gaeilge

Tá tuairisc ar na rúin ar fad a pléadh anseo.  

Is féidir teacht ar an leagan is déanaí den Plean Fáis anseo.

Is féidir teacht ar chlár iomlán na hArd-Fheise, ar na rúin agus tuairiscí ón eagraíocht anseo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.