Skip to main content

Tacaíocht léirithe ag na hAirí do sheirbhís raidió Ghaeilge nua fhéideartha

Léiríonn taighde nua ó Údarás Craolacháin na hÉireann go bhfuil ceathrar as gach cúigear ag aontú go n-éistfidís le stáisiún raidió le níos mó den cheol a thaitníonn leo thar aon stáisiún eile

Údar dóchais atá ann do chraoltóireacht na Gaeilge agus taighde fógartha ag an Aire Catherine Martin agus an Aire Stáit Patrick O’Donovan inniu a léiríonn go bhfuil bearna ann do stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga ar FM agus tacaíocht léirithe acu dá leithéid de sheirbhís.

D’fhoilsigh an tÚdarás Craolacháin na hÉireann taighde inniu ina leagtar béim ar spéis na n-éisteoirí níos óige i rogha níos leithne a bheith acu maidir le hábhar fuaime Gaeilge. Fá láthair, tá Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar líne mar chairtstáisiún do dhaoine óga, agus dóchas ann go mbeidh forbairt don stáisiún le craoladh ar FM agus ar ardáin eile go lánaimseartha sa todhchaí.

Ag labhairt inniu, dúirt Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:

“Is mór an líon é 87% d'aon phobal, agus léiríonn an JNLR go mbíonn an líon sin daoine óga idir 15-34, nach mór 1.1m duine, ag éisteacht leis an raidió go seachtainiúil. Tá deis anseo dul i bhfeidhm ar an bpobal sin, agus seirbhís chuí a chur ar fáil dóibh. Tá cairtstáisiún don aos óg ann cheana féin i bhfoirm Raidió Rí-Rá ar líne agus ar aipeanna, agus táimid ag obair leis an seirbhís sin a sholáthar ar FM agus ardáin eile ar bhonn náisiúnta. Bheadh an áis seo luachmhar ní hamháin do dhaoine óga, ach le rogha do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge ábhar feiliúnach a chasadh sa mbaile, agus dóibh siúd i bpobal na Gaeilge a bhfuil ábhar spraíúíl, spleodrach, maraon le popcheol agus popchultúir uathu ar an raidió FM agus ar líne 24/7.”

Tá sé ráite sa taighde foilsithe inniu ag Údarás Craolacháin na hÉireann:

“Nuair a cuireadh síos ar coincheap beartaithe na seirbhíse úire Gaeilge - coincheap a bheadh bunaithe ar cheol, a sheinnfeadh an ceol agus a chlúdódh an t-ábhar a mbíonn tarraingt mhór orthu i measc lucht éisteachta óige, dúirt sciar réasúnta (38%) gur dócha go n-éistfidís leis (is é is ciall le héisteacht, go n-éistfidís leis ar a laghad uair sa tseachtain). É sin ráite, nuair a cuireadh critéir shonracha faoina mbráid, i riocht na mbealaí éagsúla trína bhféadfadh an stáisiún nua é féin a idirdhealú ó na stáisiúin óige eile atá ar fáil, is cosúil go méadaíonn an leibhéal suime. Arís, tagann an ceol chun cinn ina phríomhchritéar éigeantach d’éisteoirí, agus ceathrar as gach cúigear ag aontú gur mó seans go n-éistfidís le stáisiún ar a mbeadh níos mó den cheol a thaitníonn leat ná aon stáisiún eile.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.