Skip to main content

Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023 seolta ar an gCaisleán Nua inniu

Ciste Tacaíochta ar luach €200,000 curtha ar fáil le ciste imeachtaí a chur ar siúl ar fud na hÉireann leis an nGaeilge a cheiliúradh.

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an mhaoiniú nua atá seolta inniu ag an Aire Stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan TD, ar luach €200,000, chun Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge le Energia a chur ar bun le linn 2023. Beidh an maoiniú seo dírithe ar imeachtaí agus deiseanna sóisialta a chur ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia 1-17 Márta 2023 agus sa tréimhse idir Márta agus Meitheamh 2023, mar seo a leanas:

  • Babhta 1: Tacaíocht chun imeachtaí a eagrú le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia, 1-17 Márta 2023.
  • Babhta 2: Tacaíocht chun imeachtaí a eagrú sa téimhse idir 17 Márta 2023 agus 30 Meitheamh 2023.
  • Beidh grúpaí ar fud na hÉireann ábalta cur isteach ar deontas tacaíochta uair amháin, le linn Babhta 1 nó le linn Babhta 2.
  • Beidh suas le €1000 ar fáil do 175 grúpa faoin Chiste nua.

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Tá an-áthas orainn go bhfuil an Ciste Spreagtha in éineacht le Seachtain na Gaeilge le Energia ann arís i mbliana. Tabharfaidh sé tacaíocht do na grúpaí iontacha a eagraíonn imeachtaí Gaeilge le linn na féile agus ina dhiaidh. Táimid ag súil go spreagfaidh an ciste seo pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltachta agus iad siúd nach raibh deis acu a bheith páirteach in imeachtaí Gaeilge roimhe seo. Freisin táimid an-bhuíoch don Aire Stáit agus don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an maoiniú seo a chur ar fáil arís.”

Maidir leis an gCiste Spreagtha, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:

“Tá an-áthas orm go bhfuil sé de chumas ag mo Roinn tacú leis an gCiste Spreagtha arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge. Is bealach iontach é an tionscadal chun an teanga a chur ar ais i mbéal na bpobal thart timpeall na hÉireann agus chun an teanga a cheiliúradh ag leibhéal áitiúil.”

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh ar an gCaisleán Nua inniu:

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an Ciste Spreagtha ann le deis a thabhairt do ghrúpaí imeachtaí trí Ghaeilge a reáchtáil sa phobal. Rachaidh an t-airgead seo i bhfad le imeachtaí le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia a chumasú sa chéad bhabhta maoinithe, agus arís le imeachtaí sa Ghaeltacht, sna pobail Ghaeilge agus in áiteanna nach raibh an deis acu imeachtaí Gaeilge a chur ar siúl cheana féin leis an dara babhta tar éis na féile. Tríd an mhaoiniú seo, feicfidh muid tuilleadh deiseanna do ghrúpaí agus do phobail ar fud na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.”

Is feidir tuilleadh eolais faoin Chiste Spreagtha a seoladh inniu a aimsiú anseo: snag.ie/cistespreagtha

Twitter: #SnaG23 @cnag & @snagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.