Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge amlíne do na forálacha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a bheith curtha i bhfeidhm

Tá an Conradh ag tnúth le feidhmiú na bhforálacha maidir le síntí fada, caighdeáin teanga agus spriocanna earcaíochta san earnáil phoiblí sa bhliain atá romhainn

 

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht go mbeidh an mhórchuid de na forálacha a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 tosaithe i mbliana.

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht go mbeidh an mhórchuid de na forálacha a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 tosaithe i mbliana. Rachaidh na forálacha seo i bhfad le spriocanna an Achta a bhaint amach, agus molann muid an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan as an amlíne a fhógairt.

Chuir an Conradh, le tacaíocht ón bpobal Gaeilge agus Gaeltachta, cuid mhaith de na forálacha chun tosaigh atá le feidhmiú roimh dheireadh na bliana. Tógann seo san áireamh cothrom na féinne don Ghaeilge ar fhoirmeacha, seirbhís trí Ghaeilge ó chomhlachtaí príomháideacha i gcásanna áirithe, ainmneacha a úsáid as Gaeilge le sínte fada san áireamh agus eile. Táimid sásta go bhfuil forálacha eile a mhol muid tosaithe cheana féin, ar nós an sprioc go mbeidh 20% de na daoine a earcófar faoi 2030 inniúil ar an nGaeilge agus go mbeidh 20% d’fhógraíocht chomhlachtaí poiblí as Gaeilge le 5% dá mbuiséad fógraíochta caite ar na meáin Ghaeilge.” 

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil spriocdhátaí againn anois do chuir i bhfeidhm formhór na bhforálacha ó Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. De réir mar a bhainfear na dátaí sin amach, beimid ag leanúint leis an obair le cinntiú go bhfuil comhlachtaí poiblí agus grúpaí eile a thagann faoi scáth an Achta ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoi na forálacha nua seo. Tugann na spriocdhátaí seo go leor ama do dhreamanna áirithe a bheith ullmhaithe mar is cuí agus a bheith cinnte go bhfuil siad ag cloí leis an Acht faoin am a bheidh sé i bhfeidhm.”

Faoi 31 Deireadh Fómhair 2023, beidh torthaí ón mhéid is mó de na forálacha leagtha síos faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 le feiceáil againn. Tacaíonn Conradh na Gaeilge leis na hathruithe atá le theacht ar earcaíocht san earnáil phoiblí, ar fhógraíocht, ar chothromas don Ghaeilge in ábhar margaíochta, ar úsáid lógóanna agus ainmneacha oifigiúla chomhlachtaí poiblí, ar chumhachtaí faireacháin an Choimisinéir Teanga, ar an athrú ó chóras na scéimeanna teanga go caighdeáin teanga agus eile ag éirí as an Acht leasuithe.

Tá tuairisc ó Chonradh na Gaeilge ar an amscála leis na forálacha den Acht a chur i bhfeidhm ar fáil anseo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.