Skip to main content

44 v 0 - Gaelcholáiste do BÁC 2, 4, 6 & 8

 

Gaelcholáiste á n-éileamh ón Aire Oideachais, Norma Foley, TD don scoilcheantar le cúig Ghaelscoil lonnaithe ann i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8. Níl oiread is Gaelcholáiste amháin ann sa scoilcheantar cé go bhfuil 44 meánscoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla sa cheantar céanna.

Idir daltaí scoile, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí, tháinig slua de bhreis is 200 go Teach Laighean inniu, Dé Céadaoin, 16 Samhain, ag 11:00 le Gaelcholáiste a éileamh don scoilcheantar ina bhfuil an cúig Ghaelscoil: Scoil Bhríde: Gaelscoil Lios na nÓg: Scoil Mológa: Bunscoil Synge: agus Gaelscoil Eoin suite ann. Mar chuid dá léirsiú cruthaitheach bhí amhránaíocht, cainteanna, damhsa agus eile agus bhronn siad ealaín ar pholaiteoirí le tabhairt don Aire Oideachais.

Dúirt Cormac Chambers, Príomhoide Gaelscoil Lios na nÓg:

“Tá ár nGaelscoil, Gaelscoil Lios na nÓg, agus na Gaelscoileanna eile inár scoilcheantar ag cur oideachais den chéad scoth trí Ghaeilge ar fáil do breis is 1,000 dalta ach ní féidir linn an rogha a thabhairt do na daltaí sin agus dá tuismitheoirí leanúint leis an ngaeloideachas ar an dara leibhéal inár scoilcheantar toisc nach bhfuil aon Ghaelcholáiste ann, cé go bhfuil 44 meánscoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ann."

Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, cinneadh a dhéanamh le Gaelcholáiste a bhunú inár scoilcheantar ó a thosaigh sí mar Aire ach níl sin déanta aici go fóill. Ní thuigeann muid seo, go háirithe nuair atá tógtar san áireamh go bhfuil sé mar sprioc i glár Rialtais a Rialtas fhéin le oibriú i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt. Tá breis is 1,000 dalta anseo gan Gaelcholáiste ina scoilcheantar. Tá beart de réir briathair uainn agus Gaelcholáiste inár scoilcheantar gan a thuilleadh moille.”

Dúirt Karen Hinkson-Deeny, tuismitheoir le dalta i nGaelscoil Eoin:

“Mar thuismitheoir ag iarraidh scolaíocht ar an dara leibhéal trí Ghaeilge do mo pháistí, ní thuigim cén fáth nach bhfuil an Rialtas sásta an rogha sin a chur ar fáil sa cheantar ina bhfuil mé, mo phaistí agus a gcairde ina chónaí ann. Tá deis ag an Aire Oideachais, Norma Foley, cinneadh a dhéanamh a fhreastalódh ar líon mór daltaí agus teaghlaigh inár scoilcheantar agus táim, ar son mo pháistí agus ar son tuismitheoirí eile sa scoilcheantar seo, ag iarraidh uirthi gníomhú le cothrom na féinne a thabhairt dúinn.”

Tá an líon daltaí sna scoileanna Gaelscoil Lios na nÓg; Scoil Mológa; Scoil Bhríde; Bunscoil Sancta Maria agus Gaelscoil Eoin le fás ó 1000+ dalta go 1,500+ dalta. Tá 128 ag fágáil rang a 6 faoi láthair agus beidh 197 ag fágáil rang a 6 amach anseo. Níl aon iar-bhunscoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa scoilcheantar ina bhfuil na scoileanna seo suite.

Tuilleadh eolais agus le haon agallamh a shocrú:

Julian de Spáinn, Cathaoirleach Coiste an Fheachtais do Ghaelcholáiste i mBÁC 2,4,6,8

086 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Grianghraif ó Photocall Ireland: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.; 00353 (0)1 679 2681

Agus eolas breise ar fáil anseo.

 

NO FEE 028 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 030 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 033 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 035 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 046 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 062 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 063 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 072 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 079 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 124 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 134 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 146 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 158 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 160 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 170 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 231 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 295 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 365 Students at Gaelcholaiste demonstrationNO FEE 462 Students at Gaelcholaiste demonstration

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.