Skip to main content

Gaeilge24: An bhféadfá í a labhairt ar feadh 24 uair a chloig?

 

Ghlac 30,000+ dalta as 315 scoil ar fud na tíre páirt in #Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge Dé Máirt, 15 Samhain.

Banner G2422

Don deichiú bliain as a chéile, bhí 30,000 dalta i 315 scoil as 32 contae ag glacadh páirte i ndúshlán #Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge Dé Máirt, 15 Samhain 2022. Is é sprioc Gaeilge24 daoine óga a spreagadh le tabhairt faoin nGaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a chloig i ngach réimse dá saoil.  

Spreagadh daltaí le Gaeilge a labhairt ní hamháin ar scoil agus lena múinteoirí, ach sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde, agus sa chlub spóirt.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Musclaíodh meon dearfach i ndaoine óga i leith na teanga ar bhealach spraíúil agus ábhartha trí Gaeilge24 a dhéanamh. Tugadh deis dóibh eispéireas dearfach a bheith acu agus an Ghaeilge a chur chun cinn ina saoil féin. Is í seo an deichiú bliain den fheachtas uathúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí.”

SPETSSDaltaí ó ‘Foghlaim Le Chéile - Páirc Dhumhach Thrá’ ag glacadh go dáiríre le dúshlán Gaeilge24 agus iad ag fanacht thar oíche sa scoil anocht"

Bhí idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte i ndúshlán na bliana seo. Cuirtear teastas ar fáil do gach dalta a ghlacann páirt ann.

Dar le haiseolas a bailíodh anuraidh, bheadh 100% de mhúinteoirí sásta Gaeilge24 a reáchtáil ina scoileanna arís. Ag tagairt dá taithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Rosie Scanlon ó Foghlaim Le Chéile - Páirc Dhumhach Thrá:

“Tá Gaeilge24 mar cheann de phríomhimeachtaí na scoile seo gach bliain. Is smaoineamh den scoth  é a thugann deis do dhaltaí rud éagsúil agus spraíúil a dhéanamh leis an nGaeilge. I mbliana, rinne muid cheardlann folláine agus machnamh trí Ghaeilge a bhuíochas le Conradh na Gaeilge.”

Ar a bharr sin, ag tagairt dá thaithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge:

‘Sheol muid na mílte pacáistí tacaíochta chuig scoileanna thuaidh agus theas le cúpla lá anuas, agus bhíomar féin i gConradh na Gaeilge ar bís leis an Ghaeilge a chloisteáil in úsáid ag breis is 30,000 scoláire ar fud an oileáin ar aon lá amháin! I mbliana, dhírigh Gaeilge24 isteach ar théama na folláine. Tá an-tábhacht ag baint le haire a thabhairt duit féin, go háirithe do dhaoine óga, ó chleachtadh chorp go haireachas, le bheith ar bharr do shláinte.’

Tá deis ag pobal na Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar na meáin shóisialta.

NÓTA DON EAGARTHÓIR
Tá sonraí teagmhála againn do mhúinteoirí i ngach ceann den 32 contae a ghlac páirt agus atá sásta labhairt faoi Gaeilge24 ina scoileanna féin.

TUILLEADH EOLAIS

Aodhán Ó Deá
Stiúrthóir Forbartha, Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 3102691 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Caolán Mac Grianna
Feidhmeannach Cumarsáide
Conradh na Gaeilge +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Grianghraif Gaeilge24 2022

Colaiste Dhulaigh BAC

Colaiste Ghobnait Inis Oirr

Colaiste Laurel Hill FCJ Luimneach

Colaiste Laurel Hill FCJ Luimneach1

Colaiste Laurel Hill FCJ Luimneach2

Colaiste Laurel Hill FCJ Luimneach3

Colaiste Mhuire Cabrach BAC

Colaiste Mhuire Cabrach BAC1

Colaiste Mhuire Cabrach BAC2

Gaelscoil Chorain Eochaill Corcaigh

Gaelscoil Chorain Eochaill Corcaigh1

Meanscoil an Chroi Naofa Co. Chorcai

Pobalscoil Neasain BAC taking part in Yoga Gaeilge24

Sandymount Educate Together Secondary School

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.